Seosamh Ó hEanaí: Comóradh Céad Bliain

Amlíne d’eisiúintí ceiliúrtha CHartlanna Joe Éinniú i mbliain a 2019.
Amlíne na n‑eisiúintí nua sa mbliain 2019.

Ar 1ú Deireadh Fómhair 1919 a rugadh Joe Éinniú. Leis an gcothrom céid seo a cheiliúradh, shocraigh na Cartlanna ar shraith míreanna nua, nár eisíodh ariamh go dtí seo, a fhoilsiú i rith na bliana.

Le meas ar thraidisiúin dhúchasacha, síleadh go mbeadh sé an-fheiliúnach na míreanna seo a eisiúint ar dhátaí suntasacha i bhféilire mhuintir Iorras Aithneach (ceantar dúchais Joe) agus Chonamara fré chéile. Lá Pádraic, Aoine an Chéasta (19ú Aibreán), Lá Bealtaine / Féile Joe Éinniú. Oíche Cinn Seáin (23ú Meitheamh), Lá Mhic Dara (16ú Iúil), Lá Ciarán (9ú Meán Fómhair) agus Lá Caillín (13ú Mí na Samhna) na dátaí a roghnaíodh. Seoladh corr-mhír bhreise ar dhátaí eile freisin agus, dár ndóigh, seoladh mír faoi leith ar chothrom céid lá breithe Joe (1ú Deireadh Fómhair).

Tá ríméad orainn a rá gur i bhfoirm físeáin atá roinnt mhaith den ábhar nua; meán a bhí tearc go leor sna Cartlanna go dtí sin.

Liosta atá sa méid seo leanas de chuile iontráil nua a cuireadh leis na Cartlanna le linn na bliana speisialta seo.

Lá Caillín; 13ú Mí na Samhna 2019

Coirmcheol i gCarna; 14ú Deireadh Fómhair 2019

Bhí coirmcheol le cothrom céad bliain bhreith Joe Éinniú a chomóradh Dé Luain 14ú Deireadh Fómhair ar 8.00in. In Ionad Cuimhneacháin na nImearcach i gCarna a bhí sé.

The invitation to the centenary concert.
An cuireadh chuig an gceolchoirm.

Lá breithe Joe Éinniú; 1ú Deireadh Fómhair 2019

Lá Ciarán; 9ú Meán Fómhair 2019

Lá Mhic Dara; 16ú Iúil 2019

Mí Iúil 2019

Féile Joe Éinniú 2019

Eisíodh na míreanna seo ag tús Fhéile Joe Éinniú 2019.

Curtha leis na Cartlanna in Earrach 2019