Na Cartlanna: Buíochas ⁊ Creidiúintí

Tá foireann Chartlanna Joe Éinniú go mór faoi chomaoin ag na daoine agus ag na hinstitiúidí seo a leanas. Is lena dtacaíocht fhlaithiúil a cuireadh na Cartlanna ar bun. Dá thoradh sin, tá ar ár gcumas mian Joe Éinniú a chomhlíonadh, agus an chuid seo de shaibhreas cultúrtha a phobail dúchais a chur ar fáil don saol mór.

  • An Chomhairle um Thaighde sna Dána agus na hEolaíochtaí Sóisialta, (An Chomhairle um Thaighde in Éirinn anois), a chuir maoiniú ar fáil leis an obair seo a dhéanamh.
  • Scoil an Cheoil, Ollscoil Washington, Seattle, mar a bhfuil Bailiúchán Joe Heaney ar coimeád ó 1984 i leith. Tá buíochas ar leith dlite do Chartlanna na hEitnicheoleolaíochta agus don Chartlannaí, An Dochtúr Laurel Sercombe, a thacaigh leis an tionscadal ón tús agus a chabhraigh leis go fial flaithiúil.
  • Áras Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), a chuir ionad oibre agus gach áis dá réir ar fáil nuair a bhí na Cartlanna á bhforbairt. Gabhamid buíochas ó chroí le Dónal Ó Droighneáin, Pádraig Ó Coirbín agus Nóra Uí Shúilleabháin, baill foirne, le Phádraic Ó Conaola, agus le chuile dhuine a roinn a gcuid eolais faoi bhéaloideas Iorras Aithnigh agus Chonamara linn. Chuir Seán Ó Guairim mór-chomaoin orainn, ó thug sé cead dúinn úsáid a bhaint as taifeadtaí a rinne sé féin d’amhránaithe agus de scéalaithe áitiúla le haghaidh chartlanna an Árais.
  • Cnuasach Béaloidis Éireann, An Coláiste hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Stiúrthóir an Chnuasaigh, An Dr. Ríonach uí Ógáin, a thug cead dúinn scríbhinní agus taifeadtaí fuaime thábhachtacha de chuid an Chnuasaigh a fhoilsiú sna Cartlanna seo.
  • Raidió Teilifís Éireann, a thug cead dúinn taifeadtaí fuaime as a gCartlann a úsáid. Glacaimid buíochas faoi leith le hIan Lee, a chuir taifeadtaí de chomharsana Joe Éinniú ar fáil, agus le Malachy Moran, Bainisteoir Sheirbhísí Fuaime agus Chartlann RTÉ, agus le bainistíocht RTÉ.
  • Taisce Cheol Dúchais Éireann agus Stiúrthóir na Taisce, Nicholas Carolan, as cabhair agus comhairle fhlaithiúil, agus as ucht na buantacaíochta a thugann sé do cheol agus d’amhránaíocht na tíre seo ar an ardán domhanda.
  • An Australian Folklore Unit agus a stiúrthóir, Warren Fahey, a thug cead dúinn codanna den choirm cheoil a thug Joe Éinniú sa Sydney Opera House i 1981 a úsáid. Is féidir an choirm cheoil a chloisteáil ina iomláine ar láithreán Gréasáin an Aonaid.
  • Scoláirí, comhghleacaithe agus cairde Joe Éinniú, a bhfuil a gcuid taifeadtaí ag croílár na Cartlainne seo. Ina measc siúd tá Susan Auerbach, Gage Averill, Liam Clancy (nach maireann), James Cowdery, An tOllamh Kenneth Goldstein (nach maireann), Robin Hiteshew, Mary E. Johnson, An tOllamh Fredric Lieberman, Jill Linzee, George McIntyre, Patrick O’Donnell, Joan Rabinowitz, Sonia Seeman, Gerald Shannon, Lucy Simpson (nach maireann), Cynthia Thiessen agus Esther Warkov.
  • Liam Mac Con Iomaire, oide, iriseoir, údar. Ba mhór an chabhair í a bheathaisnéis éachtach, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche (Cló Iar-Chonnacht, 2007), agus cur síos ar shaol agus ar shaothar Joe á réiteach don Chartlann seo. Ba mhór an spreagadh é an tsuim is an tacaíocht a léirigh sé sa tionscadal freisin.
  • Micheál Ó Cuaig, file, amhránaí agus múinteoir, Aill na Brón, Cill Chiaráin, a bhfuil ainm Joe Éinniú á choinneáil i mbéal an phobail le breis is cúig bliana fichead faoi scáth Féile Chomórtha Joe Éinniú. Is mór againn an chomhairle a chuir sé orainn maidir le ceisteanna teanga, focail na n-amhrán, na profaí a léigh sé agus na haistriúcháin a chuir sé ar fáil ar na hamhráin.
  • Máire Nic Fhinn, buanchara Joe Éinniú agus comhghleacaí Riobaird Mhic Góráin (nach maireann) ag Gael Linn. Bhronn Máire cnuasach cáipéisí a bhaineann leis an obair a rinne sí le Joe ar Áras Shorcha Ní Ghuairim i 2009 agus léirigh an-tacaíocht don tionscadal seo.
  • Peggy Seeger, a thug cead dúinn míreanna fuaime a thaifead sí féin agus Ewan Mac Coll le Joe Éinniú i ndeireadh na bliana 1963 agus go luath i 1964 a úsáid. Tá roinnt míreanna ina measc seo nár foilsíodh ar an dlúthcheirnín dúbailte The Road from Connemara. Maidir leis seo, glacaimid buíochas le Fred Mc Cormick freisin, a réitigh tras-scríbhinní d’agallaimh Mac Coll / Seeger, is a chuir ar líne iad, agus a thug cead dúinn codanna díobh a úsáid sna Chartlanna seo.
  • An staraí agus seandálaí Michael Gibbons, a roinn linn a chuid eolais maidir leis an nGorta Mór i gceantar Chonamara.
  • An tOllamh Sean Williams, The Evergreen State College, Olympia, Washington, a scríobh tráchtas máistreachta ar amhránaíocht Joe Éinniú. Bhí sise ina dalta ag Joe in Seattle. Chuir a suim in amhránaíocht Joe, an aithne a bhí aici air féin agus an taithí a fuair sí ar a chur chuige múinteoireachta go mór leis an tionscadal seo.
  • Mar fhocal scoir, táimid an-bhuíoch de mhuintir Charna agus Iorras Aithnigh agus dá sinsir. Cuid de thraidisiún amhránaíochta agus seanchais na háite, le cúpla glúin anois, is ea saol agus gairm Joe Éinniú. Gníomh ómóis agus ceiliúrtha ar an traidisiún is ea na Cartlanna seo. Táimid an-bhuíoch díobh siúd atá ag coinneáil an chultúir dhúchais beo faoi láthair: Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Joe John Mac Con Iomaire, Béibí Éinniú Uí Mhaoilchiaráin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Máire Ní Mhaoilchiaráin, Pól Ó Ceannabháin, Caitríona Ní Cheannabháin agus mórán daoine eile nach iad. Go maire sibh an céad!