Na Cartlanna: Téarmaí ⁊ Coinníolacha

Tá Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí faoi chóipcheart ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá gach ceart ar cosnamh.

Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh as na Cartlanna a úsáid ach tugtar faoi deara gur le haghaidh scaipeadh faisnéise amháin a cuireadh ar fáil iad. Is ar do phriacail féin amháin go mbaineann tú pé ar bith úsáid a bhaineann tú as an bhfaisnéis atá foilsithe sna Cartlanna.

Rinneadh chuille iarracht lena dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis seo cruinn. Mar sin féin, ní ghlactar le freagracht in aon chaillteanas, díobháil nó chostas a bheadh ann de bharr an fhaisnéis a bheith amú.

Tá dianchosc ar athdháileadh agus ar athúsáid an ábhair atá sna Cartlanna seo ar aon láithreán gréasáin ná ar aon ardán dáilte eile, agus tá dianchosc ar é a stóráil in aon mheán eile, gan cead scríofa a fháil ar dtúis ó cheannaire an tionscadail.