Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí

Na Cartlanna

Seosamh Ó hÉanaí

Íomhá portráide de Joe Éinniú.
Seosamh Ó hÉanaí

Bhí Seosamh Ó hÉanaí (Joe Éinniú mar a thugtar air sa mbaile) ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr den bhfichiú aois. Bhí an-cháil air in Éirinn agus thar lear. Tugann na Cartlanna seo léargas dúinn ar a chuid amhránaíochta, ar a chuid scéalaíochta agus ar a chuid seanchais, i nGaeilge is i mBéarla, agus tá go leor eolais faoi na taifid sin mar anlann ina dteannta.

Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Joe Éinniú iad na Cartlanna freisin. A chuid mac léinn agus a chuid cairde féin a rinne an chuid is mó de na taifid fuaime agus físeáin atá ar na leathanaigh seo.

Comhfhiontar is ea na Cartlanna, idir Ollscoil na Gaillimhe (Roinn na Gaeilge ⁊ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge) agus Ollscoil Washington.

Cuardaigh leat — agus bain taithneamh as a n‑aimsíonn tú!