Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill

View record: Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill

Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 430).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 431).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 432).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 433).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 434).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 435).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 436).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 437).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
An láimhscríbhinn bhunaidh (lch 438).

view / hide recording details [+/-]

  • Teideal (Title): Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill.
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): 1275:430–38.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): Cnuasach Béaloideas Éireann.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): story.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): unavailable.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Joe Heaney.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): unavailable; but most likely in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe, Éire.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): unavailable.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): Cnuasach Béaloideas Éireann, UCD.

Transcription (rigorous)

Lá dá raiḃ Fionn Mac Cuṁail ag spaisteóireaċt dó ḟéin in‑aice leis an ḃfairrge ċonnaic sé curraċ ag déanaṁ air iomraḋ dáréag oɼɼa agus gan innte agus aċ aon duine aṁáin. Nuair a ṫáinig sí inaice leis an gcladaḋ tug sé fá deara gur cailleaċ a ḃí innte. Ṫarraing sí an ċurraċ suas ar an talaṁ agus d’ḟiafruiġ sí d’Ḟionn a mo nimreóċaḋ sé cluiċe agus duḃairt sé naċ dtug sé a ġléas imirt as baile leis. Níl mise mar sin adeir sise ag tarraingt amaċ paca cártaí. Cuadar ag imirt agus cu ḃuaiḋ Fionn an ċéad cluiċe agus duḃairt an cailleaċ Taḃair do ḃɼeiṫ anois Beiḋ mé luaṫ go leór arsa Fionn. Cuadar ag imirt arís agus ḃuaiḋ an ċailleaċ. Taḃair do ḃɼeiṫ arsa Fionn. Ní beag duit a luaṫas arsa an ċailleaċ. Ċuiɼ faoi ġeaſa agus faoi móɼ ḋiomḃuaiḋ na bliaḋna ṫú gan an daɼa béilí iṫe ar aon ḃord gan an dara hoiḋċe coḋlaḋ ar aon leabaḋ go dtuga ṫú ċugamsa cloigeann Rí na mBa Molb as an Doṁan Ṫoir Ṫiar. Ḃuel cuirimse de ġeasa ortsa adeir Fionn a ḋul ar ṁullaċ an Teampaill Ṁóiɼ siúd ṫall ⁊ punann tuiġe a ṫaḃaiɼt leat ⁊ snáiṫead ḃeag a leagan le na ṫaoḃ ⁊ gan aon ḃlas a ḃeiṫ le n‑iṫe agad aċt an méid a raċas amaċ trí cɼó na snáiṫide bige. Tóg ḋíom adeir an ċailleaċ agus tógḟaḋ mé ḋíot. Ní ṫógḟad adeiɼ Fionn Nuaiɼ a ṫáinig Fionn aḃaile ḃris a ċaṫaoir faoi nuair a ṡuiḋ sé innte. Annsin d’innis sé a sgéal do na Fianna.

Ar maidin lá ar na ṁáiɼeaċ ḃuail Fionn bóṫar agus níoɼ ṫug sé leis aċt Goll mar ḃí geasa cuɼṫa ag an gcailleaċ air gan aon duine aṁáin. Ċuadar ar ḃord luinge agus ṫugadar a haġaiḋ aɼ an doṁan Ṫiaɼ. Ní i ḃḟad a ḃí goite nuair a ċonnaiceadar long ag déanaṁ oɼṫa ⁊ gan innte aċt aon ḟear aṁáin. Ṫáinig sé ar boɼd ċuca agus d’innis Fionn a sgéal dó. Is fearr duit mise a ṫaḃairt leat in áit Goill adeir an fear. Aċt cé’n caoi i gcuirfiḋ muid aḃaile Goll ars Fionn Ní ḋeaɼna an fear aċt breiṫ ar ċois ar Ġoll agus é ċaiṫeaḋ uaiḋ, agus ṫuit sé in‑Éirinn.

Anois arsa an fear le Fionn mise Lorcán Ó Luirc ⁊ tá mé pósta. Tiocḟaḋ muid go dtí mo teaċsa atá aɼ an oileán sin ṫall ⁊ beiḋ mo ḃean suiḋte ag an teine ag réiḋteaċ a cinn ⁊ tiocḟaḋ mise isteaċ ar dtús ⁊ tiocḟaḋ tusa isteaċ i mo ḋiaiḋ. Caiṫfiḋ tusa mise amaċ aɼ an tsráid tú an ċéad iarraiḋ i dtiocḟaḋ tú isteaċ ⁊ caiṫfiḋ mé amaċ an dara h‑uair ṫú. An tɼíoṁaḋ h‑uair fiafróċaḋ mo bean cé hé sin ⁊ déarḟaḋ mise gur bé Fionn Mac Cuṁail as Éirinn, déarḟaḋ sí ṫú leigean isteaċ go raiḃ sé ḟéin cóiɼ ag baile. Ṫárla sé sin agus reiḋtiġ an ḃean béilí aċt duḃairt Lorcán leis nuair a ḃí sé ag dul isteaċ nuair a ḃeaḋ siad ag iṫe i raḋ naċ n‑íosḟaḋ sé aon ġreim go dtuiḃarḟaḋ sí aon aṫċuinge dó a d aṁáin ⁊ geallḟaḋ sí ḋuit ⁊ iaɼɼ ṫusa ó uiɼṫe mise a leigean leat. Sé an tainm a ṫiúḃarḟas tú orm “Grabaire Beag Finn Ṁic Cuṁail”. Ċuaiḋ gaċ rud ar aġaiḋ maɼ duḃairt an grabaire beag ⁊ is gearr go raḃadar ag tɼeaḃaḋ na fairrge. Duḃairt an bean le Fionn sul imṫiġeadar brataċaí bána i beiṫ cɼoċta aige dá mbeaḋ an grabaire beó ⁊ bɼataċaí duḃa dá mbeaḋ sé caillte. Níoɼ ḃfada gur sroiċeadar an t‑oileán a raiḃ an Rí na ċoṁnuiḋe air. Ní raḃadar i ndon i ḋul i dtír mar ḃí leac-oiḋre rómpa. Caiṫ do léim ṫar an leac-oiḋɼe sin adeir an grabaire le Fionn. Níl mé i ndon adeir Fionn. Caiṫ an Grabaire de léim é ⁊ leáṫ an leac-oiḋɼe. Ċuaiḋ Fionn i dtír annsin. Ṫáinigeadar go dtí cnoc snáiṫeadaí beaga. Caiṫ de léim an cnoc arsa an grabaire beag le Fionn. Níl mé i ndon adeir Fionn. Caiṫ an grabaire beag de léim an cnoc ⁊ d’imṫiġ na snáṫadaí beag ⁊ ċuadar go dtí pálás an Rí ⁊ diaradar lóisdín. Duḃairt an Ríoġ leó dul go dtí teaċ na atá annsin ṫíos ⁊ go mbéidiɼ go ḃfuiġeaḋ ſiad lóisdín ann go maidin. Cuadaɼ síos ⁊ nuaiɼ a ṡroiċeadaɼ an áit ṫíos séard a ḃí ann “Teaċ Aṁas” ⁊ ḃíodar ag gáiriḋe ceapaḋ go níosḟaḋ siad fionn ⁊ an grabaire. Ṫosuiġ siad ag dúnaḋ sgailpreaċa ar ḟaiṫcíos go raċaḋ siad amaċ, aċt ṁarḃ an grabaire uilig iad. Annsin ċuaiḋ sé ḟéin ⁊ an Rí ag tɼoid ⁊ ṁarḃuiġ sé an Rí ⁊ ṫug sé a ċloiġeann do Fionn ⁊ duḃairt naċ raiḃ aige ḟéin aċt saogal nóiméide ⁊ bɼataċaí geala croċaḋ mar dá ḃfeicfeaḋ a ḃean bɼataċaí duḃa go mbáiṫḟeaḋ sí é mar go mbeaḋ fios aici go raiḃ mise caillte. Dárduiġ sé brataċaí geala aċt nuair a ḃí sé gar don talaṁ dárduiġ sé bɼataċaí duḃa ⁊ ḃíoſ ag an bean an grabaire go raiḃ an grabaire caillte agus ṫug Fionn ḋi an grabaire ⁊ ċuir sí os cionn cláir é. Ċuaiḋ Fionn aḃaile ⁊ ṫug sé an cloigeann don ċailleaċ ⁊ ṁarḃ sé annsin í.

Ní raiḃ aon ċead ag Fionn pósaḋ nó go bpósfaḋ marḃuiġeaḋ sé sionnaċ dá b’ainm dó “Sionnaċ Na Saġd”. Ḃí siad ar a ṫóir lá áiṫɼiḋ ⁊ ḃí sé cinnte oɼṫa bɼeiṫ aiɼ. Ḃí an grabaire beag os cionn cláiɼ ina ṫeaċ féin ⁊ ṫáinig dá éan dá ṗiocaḋ. Ḃuail an bean an t‑éan ba ġoire dí ⁊ ṁarḃuiġ sí é. Riṫ an téan eile ⁊ ṫáinig isteaċ arís ⁊ cuiṁil sé luiḃ ḋé ⁊ deiriġ sé beo arís. Ó, adeir sé. Tá Fionn Mac Cuṁail ag leanaċt do “Sionnaċ Na Saġd” indiu. Le sin riṫ sé ċoṁ maiṫ ⁊ ḃí sé i ndon ⁊ go díreaċ nuair ḃí ag dul isteaċ sa ṗluais a ḃí aige rug an Grabaire air ⁊ ṁarḃuiġ sé é. Ḃí cead ag fionn annſin pósaḋ. Ċuaiḋ an grabaire ċuig a ḃaile ḟéin ⁊ ṫug sé a ḃean go h‑Éirinn ag an mbainis ⁊ nuair a ḃí an ḃainis ṫart ċuaiḋ siad go dtí a mbaile ḟéin arís.

Cɼíoċ.

Transcription (adapted and annotated)

Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill ag spaisteoireacht dó fhéin in aice leis an bhfarraige, chonaic sé currach ag déanamh ar iomradh dáréag uirthi agus gan inti ach aon duine amháin. Nuair a tháinig sí in aice leis an gcladach, thug sé faoi deara gur cailleach a bhí inti. Tharraing sí an churrach suas ar an talamh agus d’fhiafraigh sí d’Fhionn an imreodh sé cluiche agus dúirt sé nach dtug sé a ghléas imeartha as baile leis.

Níl mise mar sin a deir sise, ag tarraingt amach paca cártaí. Chuadar ag imirt agus bhuaigh Fionn an chéad chluiche agus dúirt an chailleach tabhair do bhreith anois.

Beidh mé luath go leor arsa Fionn. Chuadar ag imirt arís agus bhuaigh an chailleach. Tabhair do bhreith arsa Fionn.

Ní beag duit a luathas arsa an chailleach. Chuir [Cuirim?] faoi gheasa agus faoi mhór-dhiomá na bliana thú gan an dara béilí a ithe ar aon bhord, gan an dara hoíche a chodladh ar aon leaba, go dtuga thú chugamsa cloigeann Rí na mBa Molb [Rí na mBa mBalbh?] as an Domhan Thiar.

Bhuel, cuirimse de gheasa ortsa, a deir Fionn, a dhul ar mhullach an Teampaill Mhóir siúd thall ┐ punann tuí a thabhairt leat ┐ snáithid bheag a leagan lena thaobh ┐ gan aon bhlas a bheith le n‑ithe agat ach an méid a rachas amach trí cró na snáithide bige.

Tóg dhíom, a deir an chailleach, agus tógfaidh mé dhíot.

Ní thógfad, a deir Fionn.

Nuair a tháinig Fionn abhaile, bhris a chathaoir faoi nuair a shuigh sé inti. Ansin, d’inis sé a scéal do na Fianna.

Ar maidin lá arna mháireach, bhuail Fionn bóthar agus níor thug sé leis ach Goll, mar bhí geasa curtha ag an gcailleach air gan aon duine amháin*. Chuadar ar bord loinge agus thugadar a n‑aghaidh ar an Domhan Thiar. Ní i bhfhad a bhí goite nuair a chonaiceadar long ag déanamh ortha ┐ gan inti ach aon fhear amháin. Tháinig sé ar bord chuchu agus d’inis Fionn a scéal dó.

*[Is cosúil go bhfuil focal nó dhó ar iarraidh anseo. Rud éigin ar nós ‘… geasa curtha ag an gcailleach air gan níos mó ná aon duine amháin a bheith in éindí leis’ b’fhéidir?]

Is fearr duit mise a thabhairt leat in áit Ghoill, a deir an fear.

Ach cén chaoi a gcuirfidh muid abhaile Goll? arsa Fionn. Ní dhearna an fear ach breith ar chois ar Gholl agus é a chaitheamh uaidh, agus thit sé in Éirinn!

Anois, arsa an fear le Fionn. Mise Lorcán Ó Luirc ┐ tá mé pósta. Tiocfadh [tiocfaidh?] muid go dtí mo theachsa, atá ar an oileán sin thall ┐ beidh mo bhean suite ag an tine ag réiteach a cinn ┐ tiocfadh [tiocfaidh?] mise isteach ar dtús ┐ tiocfadh [tiocfaidh?] tusa isteach i mo dhiaidh. Caithfidh mise amach ar an tsráid tú an chéad iarraidh a dtiocfadh [a dtiocfaidh?] tú isteach ┐ caithfidh mé amach an dara huair thú. An tríú huair, fiafróidh mo bhean cé hé sin ┐ déarfadh [déarfaidh?] mise gurb é Fionn Mac Cumhail as Éirinn. Déarfadh [Déarfaidh?] sí thú a ligean isteach, go raibh sé fhéin cóir ag baile.

Thárla sé sin agus réitigh an bhean béilí. Ach dúirt Lorcán leis nuair a bhí sé ag dul isteach: nuair a bheadh siad ag ithe a rá nach n‑íosfadh sé aon ghreim go dtabharfadh sí aon achainní amháin ┐ geallfadh [geallfaidh] sí dhuit, ┐ iarr thusa uirthi mise a ligean leat. Sé an t‑ainm a thabharfas tú orm “Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill”.

Chuaigh gach rud ar aghaidh mar a dúirt an Grabaire Beag ┐ is gearr go rabhadar ag treabhadh na farraige. Dúirt an bhean le Fionn sular imíodar, bratachaí bána a bheith crochta aige dá mbeadh an Grabaire beo ┐ bratachaí dubha dá mbeadh sé caillte.

Níorbh fhada gur sroicheadar an t‑oileán a raibh an Rí ina chónaí air. Ní rabhadar in ann a dhul i dtír mar bhí leac-oidhre rompu.

Caith do léim thar an leac-oidhre sin, a deir an Grabaire le Fionn.

Níl mé in ann, a deir Fionn.

Chaith an Grabaire de léim é ┐ leáigh an leac-oidhre. Chuaigh Fionn i dtír ansin. Tháinigeadar go dtí cnoc snáitheadaí beaga.

Caith de léim an cnoc, ars’ an Grabaire Beag le Fionn.

Níl mé in ann, a deir Fionn.

Chaith an Grabaire Beag de léim an cnoc ┐ d’imigh na snáthadaí beaga ┐ chuadar go dtí pálás an Rí ┐ d’iarradar lóistín.

Dúirt an Rí leo dul go dtí teach atá ansin thíos ┐ go mb’fhéidir go bhfaigheadh siad lóistín ann go maidin. Chuadar síos ┐ nuair a shroicheadar an áit thíos, séard a bhí ann, Teach Amhas, ┐ bhíodar ag gáirí, a’ ceapadh go n‑íosfadh siad Fionn ┐ an Grabaire. Thosaigh siad ag dúnadh scailpreacha, ar fhaitíos go rachadh siad amach, ach mharaigh an Grabaire uilig iad. Ansin chuaigh sé fhéin ┐ an Rí ag troid ┐ mharaigh sé an Rí ┐ thug sé a chloigeann do Fhionn ┐ dúirt nach raibh aige fhéin ach saol nóiméide ┐ bratachaí geala a chrochadh mar dá bhfeicfeadh a bhean bratachaí dubha go mbáfadh sí é mar go mbeadh fios aici go raibh mise caillte. D’ardaigh sé bratachaí geala ach nuair a bhí sé gar don talamh, d’ardaigh sé bratachaí dubha ┐ bhí fhios ag bean an Ghrabaire go raibh an Grabaire caillte agus thug Fionn dhi an Grabaire ┐ chuir sí os cionn cláir é. Chuaigh Fionn abhaile ┐ thug sé an cloigeann don chailleach ┐ mharaigh sé ansin í.

Ní raibh aon chead ag Fionn pósadh nó go maródh sé sionnach dárb ainm dó Sionnach na Saghad. Bhí siad ar a thóir lá áirid ┐ bhí sé cinnte orthu breith air. Bhí an Grabaire Beag os cionn cláir ina theach féin ┐ tháinig dhá éan dhá phiocadh. Bhuail an bhean an t‑éan ba ghaire dhí ┐ mharaigh sí é. Rith an t‑éan eile ┐ tháinig isteach arís ┐ chuimhil sé luibh dhe ┐ d’éirigh sé beo arís.

Ó, a deir sé. Tá Fionn Mac Cumhail ag leanacht do Shionnach na Saghad inniu. Leis sin, rith sé chomh maith ┐ a bhí sé in ann ┐ go díreach nuair bhí ag dul isteach sa bpluais a bhí aige, rug an Grabaire air ┐ mharaigh sé é. Bhí cead ag Fionn ansin pósadh. Chuaigh an Grabaire chuig a bhaile fhéin ┐ thug sé a bhean go hÉirinn ag an mbainis ┐ nuair a bhí an bhainis thart chuaigh siad go dtí a mbaile fhéin arís.

Críoch.

Notes

This item, 1275:430–38 in Cnuasach Béaloideas Éireann, is a folklore transcription written at some time during the 1930s by Joe (attributed to Seosaṁ Ó h‑Éiġniġ, Aird Ṫoir, Carna, Contae na Gailliṁe). Regretably, both the name of the informant and the date of the transcription are unknown. It’s possible it was created as part of Bailiúchán na Scol, although Joe was already in his late teens when that project was initiated.

Whatever the document’s origin, it’s clearly the work of a young hand and it of course pre-dates the standardisation of the late 1940s. So the typos and inconsistencies must be considered in that context.

Regarding the two digital transcriptions given here, the first is strictly faithful to the original artefact — even to the point of reproducing crossings-out and the mixture of Roman and long-tailed lower-case r and s (ɼ and ſ). The second is a relatively free adaption. It’s true to the kernel of the original but updates the orthorgaphy, spelling, punctuation and general layout. The spelling more or less conforms to the Official Standard but defers to the spoken form where this was deemed appropriate. There’s also some annotation, either to provide clarity or where there was doubt concerning elements of the original.

For readers unfamiliar with the Tironian et character (┐) this is functionally equivalent to the ampersand (&) and has long been a feature of Irish and Hiberno-English orthography. It is in no way a ‘non-standard’ character. You can find out more on Wikipedia or see it in on-line use at músgraigheach.ie.

Joe can be heard telling an English language version of this story in Fionn Mac Cumhaill (6).

Cartlanna Joe Éinniú is most grateful to Cnuasach Béaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, for permission to reproduce this material here.