Fionn Mac Cumhaill (11)

Play recording: Fionn Mac Cumhaill (11)

níl an taifead seo ar fáil faoi láthair

view / hide recording details [+/-]

  • Teideal (Title): Fionn Mac Cumhaill (11).
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): 1275:430-8.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): National Folklore Collection, University College Dublin.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): story.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): unavailable.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Seosamh Ó h-Éighnigh .i. Joe Heaney.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): Carna, County Galway, Ireland.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): private.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): unavailable.

Grabaire Beag Fhinn Mhic Cumhaill

Lá dá raibh Fionn Mac Cumhail ag spaisteóireacht dó fhéin in-aice leis an bhfairrge chonnaic sé currach ag déanamh air iomradh dáréag orra agus gan innte ach aon duine amháin. Nuair a tháinig sí inaice leis an gcladadh t[h]ug se fá deara gur cailleach a bhí innte. Tharraing sí an churrach suas ar an talamh agus d’fhiarruigh sí d’Fhionn a n[-]imreóchadh sé cluiche agus dubhairt sé nach dtug sé a ghléas imirt as baile leis. Níl mise mar sin adeir sise ag tarraingt amach paca cártaí. C[h]uadar ag imirt agus bhuaidh Fionn an chéad cluiche agus dubhairt an cailleach ‘Tabhair do bhreith anois.’ Beidh mé luath go leór arsa Fionn. C[h]uadar ag imirt arís agus bhuaidh an chailleach. Tabhair do bhreith arsa Fionn. Ní beag duit a luathas arsa an chailleach. Chuir faoi gheasa agus faoi mór dhiombhuaidh na bliadhna thu gan an dara béilí ithe ar aon bhord gan an dara hoidhche codhladh ar aon leabadh go dtuga thú chugamsa cloigeann Rí na mBa Molb as an Domhan Thiar. Bhfuel cuirimse de gheasa ortsa adeir Fionn a dhul ar mhullach an Teampaill Mhóir siúd thall agus punann tuighe a thabhairt leat agus snáithead bheag a leaga le na thaobh agus gan aon bhlas a bheith le n-ithe agad acht an méid a rachas amach trí cró na snáithide bige. Tóg dhíom adeir an chailleach agus tógfhadh mé dhíot. Ní thógfhad adeir Fionn Nuair a tháinig Fionn abhaile bhris a chathaoir faoi nuair a shuidh sé innte. Annsin d’innis sé a sgéal do na Fianna.

Ar maidin lá ar na mháireach bhuail Fionn bóthar agus níor thug sé leis acht Goll mar bhí geasa curtha ag an gcailleach air gan aon aon duine amháin. Chuadar ar bhord agus thugadar a haghaidh ar an domhan Thiar. Ní i bhfhad a bhí goite nuair a chonnaiceadar long ag déanamh ortha agus gan innte acht aon fhear amháin. Tháinig sé ar bord chuca agus d’innis Fionn a sgéal dó. Is fearr duit mise a thabhairt leat in áit Goill adeir an fear. Acht cé’n caoi a gcuirfhidh muid abhaile Goll ars Fionn Ní dheana an fear acht breith ar chois ar Gholl agus é chaitheadh uaidh agus thuit sé in-Éirinn.

Anois arsa an fear le Fionn mise Lorcán Ó Luirc agus tá mé pósta. Tiocfhadh muis go dtí mo theachsa atá ar an oileán sin thall agus beidh mo bhean suidhte ag an teine ag réidhteach a cinn agus tiocfhadh mise isteach ar dtús agus tiocfadh tusa isteach i mo dhiaidh. Caithfidh mise amach ar an tsráid thú an chéad iarraidh i dtiocfhadh tú isteach agus caithfidh mé amach an dara h-uair thú. An tríomhadh h-uair fiafróchadh mo b[h]ean cé hé sin agus déarfhadh mise gur bé Fionn Mac Cumhail as Éirinn, déarfhadh sí thú leigean isteach go raibh sé féin cóir ag baile. Thárla sé sin agus reidhtigh an bhean béilí acht dubhairt Lorcán leis nuair a bhí sé ag dul isteach nuair a bheadh siad ag ithe i radh nach n-íosfhadh sé aon ghreim go dtuibharfhadh sí aon athchuinge amháin agus geallfhadh sí dhuit agus iarr thusa uirthe mise a leigean leat. Sé an tainm a thiúbharfhas tú orm ‘Grabaire Beag Finn Mhic Cumhail.’ Chuaidh gach rud ar aghaidh mar dubhairt an Grabaire Beag agus is fearr go rabhadar ag treabhach na fairrge. Dubhairt an bean le Fionn sul imthigheadar bratachaí bána a beith crochta aige dá mbeadh an Grabaire beó agus bratachaí dubha dá mbeadh sé caillte. Níor bhfada gur sroicheadar an t-oileán a raibh an Rí na chomhnuidhe air. Ní rabhadar i ndon i dhul i dtír mar bhi leac-oidhre rómpa. Caith do léim thar an leac-oidhre sin adeir an Grabaire le Fionn. Níl mé i ndon adeir Fionn. Caith an Grabaire de léim é agus leáth an leac-oidhre. Chuaidh Fionn i dTír annsin. Tháinigeadar go dtí cnoc snáitheadaí beaga. Caith de léim an cnoc arsa an Grabaire beag le Fionn. Níl mé i ndon adeir Fionn.

Caith an Grabaire Beag de léim an cnoc agus d’imthigh na snáthadaí beag agus chuadar go dtí pálás an Rí agus diaradar lóisdín. Dubhairt an Ríogh leó dul go dtí teach atá annsin thíos agus go mbéidir go bhfuigheadh siad lóisdín ann go maidin. Chuadar síos agus nuair a shroicheadar an áit thíos séard a bhí ann ‘Teach [do-léite]’ agus bhíodar ag gáiridhe ceapadh go níosfhadh siad Fionn agus an Grabaire. Thosuigh siad ag dúnadh sgailpreacha ar fhaithcíos go rachadh siad amach, acht mharbh an Grabaire uilig iad. Annsin chuaidh sé fhéin agus an Rí ag troid agus mharbhuigh sé an Rí agus thug sé a chloigheann do Fionn agus dubhairt nach raibh aige fhéin acht saoghal nóiméide agus bratachaí geala crochadh mar dá bhfeicfeadh a bhean bratachaí dubha go mbáitheheadh sí é mar go mbeadh fios aici go raibh mise caillte. Dárduigh sé bratachaí geala acht nuair a bhí sé gar don talamh dárduigh sé bratachaí dubha agus bhíos ag bean an grabaire go raibh an grabaire caillte agus thug Fionn dhi an grabaire agus chuir sí os cionn cláir é. Chuaidh Fionn abhail agus thug sé an cloigeann don chailleach agus mharbh sé annsin í.

Ní raibh aon chead ag Fionn pósadh nó go marbhuigheadh sé sionnach dá b’ainm dó ‘Sionnach Na Saghd’. Bhí siad ar a thóir lá áithridh agus bhí sé cinnte ortha breith air. Bhí an grabaire Beag os cionn cláir ina theach féin agus tháinig dá éan dá phiocadh. Bhuail an b[h]ean an t-éan ba ghoire dí agus mharbhuigh sí é. Rith an téan eile agus tháinig isteach arís agus cuimhil sé luibh dhé agus deirigh sé beo arís. Ó, adeir sé. Tá Fionn Mac Cumhail ag leanacht do ‘Sionnach Na Saghd’ inniu. Le sin rith sé eoin maith agus bhí sé i ndon agus go díreach nuair a bhí ag dhul isteach sa phluais a bhí aige rug an Grabaire air agus mharbhuigh sé é. Bhí cead ag Fionn annsin pósadh. Chuaidh an Grabaire chuig a bhaile fhéin agus thug sé a bhean go h-Éirinn ag an mbainis agus nuair a bhí an bhainis thart chuaidh siad go dtí a mbaile fhéin arís.

Críoch.