Play recording: Beartlí Ó Domhnaill
níl an taifead seo ar fáil faoi láthair
view / hide recording details [+/-]
- Teideal (Title): Beartlí Ó Domhnaill.
- Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
- Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): 1275:444-6.
- Uimhir Roud (Roud Number): none.
- Uimhir Laws (Laws Number): none.
- Uimhir Child (Child Number): none.
- Cnuasach (Collection): National Folklore Collection, University College Dublin.
- Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
- Catagóir (Category): song.
- Ainm an té a thug (Name of Informant): unavailable.
- Ainm an té a thóg (Name of Collector): Seosamh Ó h-Éighnigh .i. Joe Heaney.
- Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
- Suíomh an taifeadta (Recording Location): Carna, County Galway, Ireland.
- Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): private.
- Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
- Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): unavailable.
Sgéal atá mé aithris ar thír a’s ar thalamh
Dá innseacht do lag is do láidir
Dá chur chuig na sagairt ‘s as sin chuig na sagairt
‘S iad sin dá sgriobhadh chuig an bPápa.
Salann na mallacht dá léigheamh ón altóir
Ar aonduine dhéanfadh cleas náireach
‘Sé Beartlí an gaduidhe sé ‘s cionntaighe ar fad leis
Nuair a robáil sé Wallace gon ádhbhar.
Chuaidh sé lá cheana chuig Colm ag baint chreathuighe
‘S ag dul siar dhó thar teach Phádhraic Mháirtín
Bhí siad dá dhearcadh ‘s dá thabhairt sin faoi deara
Gur cosamhail le fear a bhí i mbád é.
Labhair Micil Thomáis nuair a d’éirigh sé ar maidin
‘Sílim gur duine é gan náire
Ach rachainn i mbannaidhe nach leigfinnse isteach é
Nó go bhfuighinnse teisteas ní b’fhearr air.
Árduigheadh an sgeach roimhe taobh thiar
Is cuiridh amach é le fánadh
Deir Pádraic Ó Biadha ná fheicidh mé Dia
Má leigim thar Choigéal go bráth é.
Labhair Páidín Sheán Breathnuigh nuair a déirigh sé ar maidin
Sé[a]rd dubhair sé mac Bheartlín Pádhraic
Nach olc a rud gaduidhe i measc daoine cneasda
Ag tuirim i bpeacaidh mar gheall air.
Dubhairt Mac Ruadh Sheán Bhreathnuigh é a cheangal de’ tairseach
‘S é fhágáil annsin go dtí amáireach
Go dtiocfadh muinntir Chamus, Rosmuic ‘s Glinn Chatha
‘S nach mbeadh fhios cé’r chuireadh ‘un báis é.
Dubhairt Caitlín Úna go mbearr é a phlúcadh
Nó é thabhairt ag an gcrumpán le Báireadh
Ach sgread maidhne ar an bhfeamuinn a ghoid sé ó Wallace
‘Sé d’fhága ‘Beairtlí Gaduidhe’ go bráth air.
Notes
This song, composed by poet Colm de Bhailís (1796-1906) from Leitir Mulláin, contains the poet’s thoughts about a local man who stole a load of seaweed that Colm had cut and left on the strand, to be hauled up the following day and used as fertilizer.
Joe wrote probably wrote this song down in 1935, the year he finished National School (primary school). Joe’s text is preserved here as he wrote it down. It is, however, very faulty, and the reader is advised to consult Gearóid Denvir, Amhráin Choilm de Bhailís (Cló Iar-Chonnachta, 1996) for a more authoritative text. The song has been recorded by Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha; see Fleadh agus Féasta (Cló Iar-Chonnachta CICD 111), track 13.