Port na Giobóige

Play recording: Port na Giobóige

níl an taifead seo ar fáil faoi láthair

view / hide recording details [+/-]

  • Teideal (Title): Port na Giobóige.
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): 850105.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éirean (National Folklore of Ireland Number): none.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): The Raidió Teilifís Éireann Archive.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): lilting.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): Joe Heaney, Séamas Ennis.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Proinsias Mac Aonghusa.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): Dublin, Ireland.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): interview.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): unavailable.

Séamas Ennis: ‘Port… ‘Port… ‘Port na Giobóige’.

Joe Heaney: Ó, ‘Port na Giobóige’!

SE: An gcuala tú ariamh aon chaint air sin?

JH: Chuala mé caint eicínt faoi bhaintreach a raibh… beirt mhac aici.

SE: Sea.

JH: Tadhg agus Dónall a bhí… an t-ainm a bhí ar an mbeirt mhac. Agus bhíodh sí i gcónaí… sníomhacháin, an dtuigeann tú.

SE: Sea.

JH: A’s an lá seo, bhí an bheirt mhac amuigh a’ staca eorna. Agus thugadar ceann de na stacaí chuig an doras agus ghléasadar suas i gculath fir é. Agus bhí sí seo taobh istigh ‘sníomhacháin agus thosaigh sí a’ casadh an rothar níos mó ná a bhí sí ariamh. Bhí sí ag baint fuinnimh as mar déarfá, is bhí sí a’ rá, ‘Grá mo chroí-se Tadhg is Dónall, ‘s an tríú fear eile atá i tstaca na heorna!’ (Lilting.) Cuirfidh mé geall nach bhfuil sé sin a’d!

SE: Tá, thug mé liom é. Bhí sé déanta amach aige… go raibh fear a bhí gléasta mar… nó, staca eorna a bhí gléasta mar fhear go raibh sé ‘tíocht ag iarraidh a lámh le pósadh…

JH: Ó, sea, sin é an fáth ar thosaigh sí ag casadh an túirne… ag déanamh gaisce dhó as an túirne, an dtuigeann tú.

SE: …gus gliondar croí air. Seo an port. (Piping.)

Notes

Séamas Ennis asks Joe if he knows anything about the tune ‘Port na Giobóige’. Joe tells him that the story concerns a widow with two sons, Tadhg and Dónall. The sons are in the field binding sheaves of oats, while their mother sits indoors, spinning. The sons bring one of the sheaves up to the door of the house and dress it in a man’s suit, as if it were a suitor for their mother’s hand. She spins for all she is worth inside the house.

This is the tune which Joe lilts in the middle of the story of Casadh an tSúgáin when the old woman in that story starts getting ‘dangerous’, as he puts it.

Recorded by Proinsias Mac Aonghusa for RTÉ from Joe Heaney and Séamas Ennis during the 1960s. We are grateful to RTÉ for allowing us to provide this recording here.