Part of a Caoineadh in the Conamara Tradition

Play recording: Part of a Caoineadh in the Conamara Tradition

This page was significantly expanded with new material on Palm Sunday, 14th April 2019 as part of the series of releases to celebrate the centerary of Joe Heaney’s birth. Both the video and the text now contain material from a number of contributors. Some of this material is in Irish and some in English. It was decided not to apply blanket translations but to let each contribution stand as part of a bilingual whole. There’s a degree of overlap however, so readers who don’t have Irish aren’t missing out entirely. Also, numerous links and references to further English language reading are given down through the text and anyone wishing to find out more is encouraged to consult these.

Video segments: 00:00:00 (the caoineadh), 00:02:48 (analysis, in English, by Dr Sean Williams), 00:05:03 (analysis, in Irish, by Dr Lillis Ó Laoire).

view / hide recording details [+/-]

 

  • Teideal (Title): Part of a Caoineadh in the Conamara Tradition.
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): none.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): The Máire Nic Fhinn Collection.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): song.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): Joe Heaney.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Liam Clancy.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): unavailable.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): unavailable.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Taifeadadh míreanna físeáin (Video segments recording): Míċeál Ó Loċlainn.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): The Estate of Liam Clancy.

Ó, nach mór mo thrua dhuit, a stóirín?
Ó, ’s óchón-ó, nach mé atá brónach anocht?
Is óchón mo stóirín, nach tú a bhí go deas liom aréir?
Is óchón mo mhúirnín, cén fáth gur imigh tú uaim?
Agus óchón, agus óchón, agus óchón, is óchón.
Agus óchón, is óchón, nach trua nach bhfuil tú liom?
Ach is óchón, muise, óchón, a stóirín, cén fáth ar imigh tú uaim?
A stóirín, tar chugam. Cén fáth ar imigh tú uaim?

That’s part of it, Liam…

Translation

Oh, isn’t my sorrow* great for you, my treasure?
Oh, and alas, isn’t it I who’s sad tonight?
And alas, my treasure, wasn’t it you who was nice to me last night?
And alas, my beloved, why did you go from me?
And alas, and alas, and alas, and alas.
And alas, and alas, isn’t it a pity that you are not with me.
But alas, indeed, alas, my treasure, why did you go from me?
My treasure, come to me. Why did you go from me?

* ‘Trua’ literally means ‘pity’ but in this context the pity is a compassionate one. The sentiment may be better conveyed in English with the word ‘sorrow’.

Seosamh Ó hÉanaí ⁊ seánra na caointeoireachta: cuid 1

Leis an Dochtúir Lillis Ó Laoire, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Is ionann an cás an t‑éag is an bás a deirtear. Tá an bás ar cheann de na cinnteachtaí móra agus níl aon dul as againn. Bíonn gnásanna ar leith ann a bhaineann go díreach leis an mbás. Bíonn ar dhaoine déileáil leis an mbrón agus iarracht a dhéanamh a dtocht a mhaolú. Tá nós na caointeoireachta ar cheann de na bealaí a mbaineadh daoine úsáid as tráth le cabhrú leo faoiseamh a fháil ó phian an bháis. Nós í an chaointeoireacht atá le fáil ar fud an domhain, nó ar a laghad a bhí coitianta go dtí gur chuir an saol nua-aimseartha cúl air. Bhí an nós an-choitianta in Éirinn agus is le linn an naoú haois déag agus san fhichiú haois a mheath an nós seo. Brú ón Eaglais agus ó institiúidí Stáit ba chúis leis an athrú seo, sin agus an imirce agus an tuiscint a fuair daoine gur nós barbartha a bhí sa chaointeoireacht.

Ní fhágann sin nach raibh caoineadh na marbh ar cheann de na deasghnátha ba láidre a bhí i gceist aon am amháin, nós ar cheap daoine é a bheith riachtanach. Mura gcaoinfí an corp, bheadh seans ann nach rachadh sé slán go dtí an saol eile. Dá réir sin, ba cheart gach corp a chaoineadh. Tuigtear anois gur nós é an caoineadh a bhí in aghaidh ghnás na Críostaíochta. Mar sin féin, de réir na mban caointe, ba í Muire an chéad bhean a chaoin. Chaoin sí Íosa nuair a céasadh é. D’fhág sin gur nós ceart a bhí ann agus go gcaithfí an corp a chaoineadh dá mbeifí lena adhlacadh i gceart. Mná ba mhó a dhéanadh an caoineadh, cé go bhfuil roinnt cuntas againn ar fhir chomh maith. Tháinig na dánta diaga Caoineadh na dTrí Muire agus Seacht nDólás na Maighdine Muire mar shampla as an tuiscint seo freisin.

De réir an Ollaimh Bhreandáin Uí Mhadagáin, bhí trí chuid sa chaoineadh féin. Ar dtús bhíodh an ghairm i gceist. B’ionann é sin agus monabhar íseal. B’fhéidir go ndéarfadh an bhean ainm an mharbháin go híseal di féin nó go ndéanadh sí focail ar nós, ‘Mo ghrá thú is mo chumann!’ nó a leithéid a athrá arís is arís eile. Bheadh an bhean ag ullmhú píosa véarsaíochta agus nuair a bheadh sé sin réidh chasadh sí é le guth ceoil. Nuair a bheadh sé ráite, déarfadh sí an tríú cuid: an ‘gol’. ‘Ochón’ nó ‘olagón’ nó ‘ailliliú’ nó ‘abh ó!’ nó focail mar iad a bheadh i gceist sa chuid seo. Thagaidís siúd a bhíodh ag freastal ar an tórramh isteach leis an mbean chaointe agus bheadh gach duine ag canadh, dar leis an Madagánach. Chabhródh sé seo an phian a bhain leis an mbás a ídiú de bheagán, agus léiríodh sé tacaíocht do mhuintir an mharbháin a bhí faoi bhrón.

Sa naoú haois déag, go háirithe roimh an nGorta, nós an-choitianta a bhí sa chaointeoireacht. Tá cuntais go leor againn ó thaistealaithe ar na mná caointe agus ar a gcuid iompair. Thaitin sé leis na turasóirí seo na mná caointe a fheiceáil. Dar leo gur léirigh sé barbarthacht na nGael agus tharraing sé líne idir iad féin mar dhaoine sibhialta agus na Gaeil fhiáine dhosmachtaithe.

Bhí an Eaglais go fíochmhar in aghaidh na caointeoireachta agus de réir a chéile d’éirigh leo deireadh a chur leis. Ach mhair an chaointeoireacht sa Ghaeltacht d’ainneoin an bhrú a bhí air. Má bhí an nós ag Muire, dar leis na mná nach aon nós barbartha a bhí ann agus nach mbeadh an corp curtha i gceart mura gcaoinfí é. Ina mbarúil siúd cuid den daonnacht a bhí ann go gcuirfí an corp go dtí an saol eile mar ba cheart, agus ba chuid den cheart go gcaoinfí an corp. Tá an dearcadh seo le tabhairt faoi deara go soiléir in Amhrán Mhaínse, san áit a ndeir an bhean atá ag saothrú an bháis:

Tugaidh siar go Maínis mé san áit a gcaoinfear mé go breá

Tugtar faoi deara ansin go bhfuil an té atá ag caint cinnte gur rud maith é go gcaoinfí í. Léireodh breáthacht an chaointe gur duine a bhí inti a raibh meas agus grá uirthi ag a muintir agus an bpobal ar de í. Ní bheadh deasghnátha an bháis comhlíonta i gceart mura mbeadh an brón le feiceáil. Ní as cultúr na ngruanna tirime a tháinig a leithéid de dhearcadh ach a mhalairt, as cultúr a gcaithfí an brón a thaispeáint agus a thaispeáint go soiléir.

Tá conspóid ann maidir le cúrsaí caointeoireachta inniu. Meastar nach ionann na téacsanna láimhscríbhinní. Maítear gur dhá rud éagsúla a bhfuil againn sna láimhscríbhinní agus an nós a bhíodh ag na mná caointe. D’ainneoin go bhfuil gaol éigin eatarthu, ó tharla nach maireann an nós mar chleachtas beo sa lá inniu, ní féidir a bheith cinnte céard go díreach é an gaol eatarthu.

Cuireann an tuiscint sin luach ar leith ar an píosaí caointeoireachta a mhaireann go dtí an lá inniu. Tá roinnt díobh ann ach d’ainneoin sin, ní féidir fós a bheith cinnte cén chaoi a mbíodh an caoineadh nuair a bhí sé ina neart. Is dócha gurb é Caoineadh Airt Uí Laoghaire an caoineadh is cáiliúla do phobal na hÉireann fré chéile ach, go bhfios dúinn, níl aon taifead againn dó dhá rá ag cainteoir dúchais ón bpobal lena mbaineann sé. [B’as Ráth Lí, Músgraí Uí Fhloínn, in Iarthar Chorcaí, don Laoghaireach. B’as Doire Fhionáin, Uíbh Ráthach, i nDeisceart Chiarraí, dá bhean, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, a chum an caoineadh.] Mar sin féin, rinneadh taifeadadh d’Eibhlín Ní Mhurchú, as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, á aithris mar fhilíocht agus rinne sí sin i gcanúint Mhúsgraí. Fós féin, tá píosaí caointeoireachta againn as Árainn a rinneadh sna caogaidí agus tá píosa nó dhó againn as áiteanna eile chomh maith. Ina measc sin tá Caoineadh Iníon Uí Mhuiríosa, píosa an-suimiúil a thaifid Labhrás Ó Cadhla, Láirgeach as Scairt na Draighní, sa mbliain 1948. I bpobal Charna féin, tá an leagan álainn de Chaoineadh na dTrí Muire agus Seacht nDólás na Maighdine Muire a bhí ag Sorcha Ní Ghuairim an-chosúil leis an gceol a bheadh ar chaoineadh an mharbháin. Is féidir, freisin, cosúlachtaí áiride a fheiceáil idir na caointe seo agus an suantraí Ho-bhá-ín.

Cuireann an píosa seo le Seosamh Ó hÉanaí a thuilleadh fianaise ar fáil faoi cheol an chaointe. Thaifead sé an píosa do Liam Clancy tráth agus bhronn Liam ar Mháire Nic Fhinn é nuair a bhí sí ag déanamh an scannáin Sing The Dark Away faoi Sheosamh. Bhronn Máire na cáipéisí agus na taifeataí go léir ar Áras Shorcha Ní Ghuairim i mbliain 2008.

Is minic sna cuntais ar an gcaointeoireacht a deirtí gur nós fiáin a bhí sa chaoineadh a spreagfadh uafás agus eagla. Ní mar sin atá píosa Sheosaimh Uí Éanaí anseo. Tá sé an-chiúin agus an-séimh. Go deimhin d’fhéadfaí é a chur i gcomparáid le suantraí.

Ar chuma ar bith, is léir gur chuala Seosamh an caoineadh ina óige agus gur thóg sé píosa de, agus tá an t‑ádh orainn go bhfuil an píosa seo againn uaidh a thugann barúil dúinn ar an gcaointeoireacht mar a chleachtaí i gCarna é tráth den saol.

Seosamh Ó hÉanaí ⁊ seánra na caointeoireachta: cuid 2

Le Róisín Nic Dhonncha, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Tá an caoineadh seo ar cheann den dornán míreanna a thóg Liam Clancy ar théipthaifeadán ó Sheosamh. Níl dáta an taifid ar fáil ach tá an seans ann go ndearnadh é le linn turas a thug Liam Clancy agus Seosamh, mar aon le Séamus Mac Aonghusa, Barney Mc Kenna agus ceoltóirí nach iad, go Baile an Fheirtéaraigh i lár na seascaidí. Ainneoin nach i gcomhthéacs barántúil na caointeoireachta a canadh an mhír seo, thug Ó hÉanaí faoi leis an tsollúntacht sin a bhí sainiúil ina chuid fonnadóireachta trí chéile. Go deimhin, ba é Caoineadh na dTrí Muire ba mhó a thuill cáil do Sheosamh ar dtús agus é ag canadh taobh amuigh dá phobal dúchais. Ba ag ceann de na hoícheanta seanchais a reáchtáladh i Halla an Damer i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine 1957, go bhfios duinn, a chas sé an t‑amhrán sin go poiblí den chéad uair, áit a ndeachaigh sé go mór i gcion ar an lucht éisteachta.

Tearc go maith atá na taifid fuaime atá ar fáil de mhíreanna caointeoireachta. Is fiú cluais éisteachta a thabhairt don chaoineadh a thaifead Alan Lomax ó Chití Ní Ghallchóir as Gaoth Dobhair i 1951 agus atá le fáil ar World Library of Folk and Primitive Music: Ireland Volume II (Rounder Records, 1998; CD1742) faoin teideal Keen for a Dead Child. Díol suntais freisin taifead fuaime le fear darb ainm Seán Ó Conghaile nach bhfuil de theideal air ach Caoineadh agus atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca Ireland: Traditional Musics of Today (Unesco Collection, 1997).

Más é Ó hÉanaí a thug an caoineadh chomh fada le stáitsí na hardchathrach, is féidir a rá gurb é freisin a thug an seánra sin isteach i réimse láithrithe na bhfear. Ba leis na mná a luadh na caointe riamh, agus ba mhinic le Seosamh Ó hÉanaí creidiúint a thabhairt dá sheanmháthair as an sciar seo de na hamhráin a thabhairt dó. Bhain na hamhráin chráifeacha, na caointe agus na suantraithe go traidisiúnta le spás príobháideach an bhaile, an áit is mó inar tháinig éispéireas amhránaíochta na mban chun cinn. Bhí an amhránaíocht ar cheann de na gníomhartha trína ndearnadh daingniú ar an ról praiticiúil a bhí ag an mbean mar chúramóir agus ar a lárnaí is a bhí rannpháirtíocht na mban ag staideanna criticiúla den bheatha dhaonna. Cosúil le fonnadóir ar bith atá inniúil ar a gceird, rinne Ó hÉanaí a chuid féin de na hamhráin. Tá plé fiúntach déanta ag Sean Williams agus Lillis Ó Laoire (Bright Star of The West, New York: Oxford University Press, lgh. 89–109) ar leaganacha, léamha agus stíleanna láithrithe Uí Éanaí i dtaca leis na hamhráin chráifeacha agus na caointe a bhíodh á gcasadh aige.

Tréith choitianta de chuid na caointeoireachta ab ea an loinneog, ‘óchón is óchón ó’*, mar atá le cloisteáil sa sampla áirithe seo. Fuaimeanna seachas focail a bhí sa loinneog agus ba bheag tábhacht a bhí leo ó thaobh na séimeantaice de. Ina leaba sin, bhí de sprioc ag an loinneog an chomhchantaireacht a spreagadh agus thug sí bealach isteach sa chaointeoireacht do dhuine ar bith ar mhaith leo a racht a ligean os ard. Bhí feidhm phraiticiúil eile ag an loinneog sa mhéid is gur thug sí spás agus deis don bhean chaointe smaoineamh ar na chéad línte eile den chaoineadh. I bhfianaise gur ar bhonn extempore a bhíodh an chumadóireacht á déanamh i suíomh orgánach na caointeoireachta, áfach, is féidir a bheith réasúnta cinnte go mbíodh mná caointe ag tarraingt ar stór áirithe frásaí agus línte foirmleacha agus á gcur in oiriúint de réir mar a ba ghá.

Níl an caoineadh ina iomláine á chasadh ag Seosamh Ó hÉanaí sa taifead seo agus tá an seans ann go bhfuil an chumadóireacht extempore ar bun aige féin in áit nó dhó. Ní raibh an caoineadh áirithe seo ina mhír choitianta sa stór amhrán aige, agus dá réir, seans nach raibh an leagan níos iomláine de ar bharr a theanga aige. Faightear go coitianta i véarsaí an chaointe línte gearra le comhshondas idir na gutaí agus is amhlaidh atá sa chaoineadh seo freisin den chuid is mó. Tá nósanna coitianta eile de chuid na caointeoireachta tagtha slán sa sampla gearr seo freisin. Labhraítear go díreach sa dara pearsa leis an té atá ar lár agus tugann an caointeoir tús áite dá b(h)riseadh croí agus dá f(h)ulaingt féin. Ar deireadh, ní féidir gan suntas a thabhairt do na cosúlachtaí idir fonn an chaointe seo agus an fonn a chuireadh Ó hÉanaí le Caoineadh na dTrí Muire a bhfuil dhá thaifead de le fáil sna Cartlanna seo.

* ‘Ochón’ an litriú caighdeánach. ‘Óchón’ a bhí ag Joe áfach, agus atá i gcónaí ag roinnt daoine eile i gceantar Iorras Aithneach.

Notes

Keening (caointeoireacht in Irish), the ritualised lamenting of the dead at a wake or funeral, in which the grief of the bereaved is expressed in song, is of course an international phenomenon. It has a long history in Ireland but became effectively extinct during the early twentieth century. Its formal public practice in that country is well-documented: lamentation over the corpse by the deceased’s female relations, and/or by a woman hired for the purpose, during the three days of the wake and at the burial itself. However, it’s thought that an entirely separate private caointeoireacht was also observed by the bereaved family, for whom it would have served the dual purpose of bringing the dead person to mind and of giving vent to their own deep feelings of sorrow (scaoileadh leis an tocht). It would seem that this is the sort of caointeoireacht represented in this recording.

As observed in his segment of the video by Lillis Ó Laoire, no known extant recording exists of a genuine Irish caointeoireacht. It’s eminently possible that none was ever made. The practice was frowned on heavily by both Church and State, and by the time technology had evolved to the point where an actual example might have been captured for posterity — in sound, vision or both — it had been all but extinguished. Therefore, the caoineadh (the sung lament; anglicised ‘keen’) heard in this recording provides us with an extremely valuable next best thing. Its cultural authenticity is unassailable. Joe was born in 1919, into a community where caointeoireacht was still a part of the social fabric. Furthermore, he often credited his maternal grandmother, Béib (Bairbre) Uí Mhaoilchiaráin for this particular aspect of his repertoire and she was born and reared in the ninteenth century, when the practice would have been that much stronger.

Having said that, in her segment, Sean Williams rightly points out that this is Joe performing the caoineadh rather than lamenting it. (It’s a respectful performance though. He clearly understands the nature of the material.) It’s worth clarifying to readers unfamiliar with keening traditions that the songs and behaviours that form part of any real-world keening practice do not in themselves instantiate it. It’s quite possible to ‘perform’ a caoineadh and even to ‘enact’ a caointeoireacht but out of their intended cultural context — a death, a wake, a funeral and, it might be argued, the societal acceptance of the practice as a normality — that just gives you the unassembled components.

Fortunately, a small number of other next best things has survived. While there were still people alive who’d been born into the tradition in its final years, some of them were recorded giving ‘authentic’ performances such as this one. These include Keen for a Dead Child, recorded in 1951, which can be heard on World Library of Folk and Primitive Music: Ireland Volume II (Rounder Records, 1998; CD1742) and two separate pieces, both recorded in 1957 and both entitled Caoineadh na Marbh (literally, ‘the keening of the dead’). These are available on Songs of Aran (Smithsonian Folkways, 1957; FW04002, FM 4002). Keen for a Dead Child was sung by Cití Ní Ghallchóir from Gaoth Dobhair, County Donegal. The other two caointe were sung by very old women from Oileáin Árann, County Galway, one of whom preferred to remain anonymous, no doubt reflecting a reluctance to publically expose something so intensely personal and private.

In the Irish tradition at least, it’s clear that there’s no established keening ‘text’ but that the singer simply improvises as feeling dictates. The air, like the words, relies on repetition of a couple of basic motifs and, as Joe’s comment at the end indirectly suggests, can be extended for as long as necessary. Interestingly, Joe’s performance here also provides us with wider insights, suggesting the probable character of a number of airs recorded in P. W. Joyce, Old Irish Folk Music and Songs (Hodges Figgis, 1909) for which unfortunately no words were recorded. See numbers 162 (p. 82), 259 (p. 124), 483 (p. 267), and 655 (p. 330).

Regarding the English translation given here, this has been rendered in a form of Hiberno-English that’s old-fashioned now but which was naturalistic in many communities until a generation or two ago and which hasn’t entirely vanished. This vernacular is very heavily informed by Irish. For readers not familiar with it, statements are often formed as questions — ‘nach mé atá brónach?’ = ‘isn’t it I who’s sad?’ = ‘I am sad’ for example.

For a thorough discussion of the practice of caointeoireacht and the probable structure of the formal caoineadh, see Breandán Ó Madagáin (ed.), Gnéithe den Chaointeoireacht (Dublin, 1978), and the same author’s Caointe agus Seancheolta Eile / Keening and Other Old Irish Musics (Indreabhán, 2005), 11–18 and 81–88.

Interested Irish-speaking readers are also directed to Caoineadh na dTrí Muire: Téama na Páise i bhFilíocht Bhéil na Gaeilge (An Clóchomhar Tta, 1983) by Angela Partridge.

Thanks are due to Róisín Nic Dhonncha for generous expert advice and assistance. This page is much the better for them.

The Cartlanna gratefully acknowledge the estate of the late Liam Clancy for permission to use this recording.