Dearg Mac Dearg

Play recording: Dearg Mac Dearg

no recording by Joe Éinniú known to exist

view / hide recording details [+/-]

  • Teideal (Title): Dearg Mac Dearg.
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): 1275:419-29.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): National Folklore Collection, University College Dublin.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): story.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): unavailable.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Seosamh Ó h-Éighnigh.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): unavailable.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): Carna, County Galway, Ireland.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): unavailable.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): unavailable.

Joe Éinniú’s transcription (original handwritten document)

Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 419).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 420).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 421).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 422).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 423).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 424).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 425).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 426).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 427).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 428).
Bileog scríofa, i láimh Joe, i leabhar quarto.
The original manuscript (page 429).

Joe’s transcription (electronic adaption)

Bhí ann fadó agus fadó bhí. Dá mbeadh muid ann an uair sin ní bheadh muid anois ann nó dá mbeadh muid anois agus an uair sin ann bheadh sgéal úr nó sean sgéal againn nó bheadh muid gan aon sgéal mar bhí mac Rí i n‑Éirinn fadó agus bhí sé pósta agus nuair a bhí sé bliadhain pósta rugadh mac óg dó agus an oidhche ar rugadh é cuireadh triúr sean mhná dá fhaire i gcliabhán chois na teineadh. Ar uair an dó dhéag tháinig Dearg Mac Dearg as an Domhan Thoir. Chuir i láimh anuas thríd an simléar agus sgiob leis an páisde. Bhí mac an Rí a bean sáthach buadhartha nuair a chualadar an scéal seo acht níor bhféidir leó aon ceó a dhéanamh. Bliadhain ón am sin rugadh mac eile dhóibh agus tharla an rud céadna.

Timcheall ½ bhliadhain ón am sin chuaidh mac an Rí ar a chapall ag fiadhach. Tháinig sé go dtí loch agus chonnaic sé seacht bprionnsa na gcodladh ar bhruach an locha agus dhúisigh sé suas iad agus d’fhiarruigh sé dhíobh céard a bhíodar a déanamh annsin agus dubhradar leis gur ag leiginn a sgíth. Dubhradar leis gur fir gaisge iad agus go raibh buadh ar leith ag gach aoinne acu. D’fhiafhruigh sé dhíobh cé’n t‑ainm a bhí orra. Neart seadh mise arsa an fear ba shine, Láimh Ar Méid seadh mise arsa an dara fear, Gaduidhe Mhic Gaduidhe seadh mise arsa an tríomhadh fear; Strapadóir Mhic Strapadóir mise arsa an ceathramhadh fear; Cluas le h‑éisteacht mise arsa an cúigeadh fear; Fear an Dá Mhaide mise arsa an séamhadh fear; Fear Saighde agus Bodhbh mise arsa an seachtmhadh fear.

D’fhiafhruigh sé dhíobh annsin céard a bhíodar i ndon i dhéanamh. Rud ar bith i mbeirfhidh mise air arsa an mac ba shine ní féidir leis imtheacht uaim. Tá mise arsa an dara mac i ndon an láimh i tharraingt as Dearg Mac Dearg. Tá mise arsa an tríomhadh fear i ndon an uibh a ghoid ón gCorr agus an Chorr na dhiaidh. Tá mise arsa a ceathramhadh fear i ndon Strapadóireacht a dheanamh ar an áir is aoirde sa domhan. Tá mise arsa ’n Cluas le h‑éisteacht i ndon an féar atá sa Domhan Thiar a chloisteál ag fás. Tá mise arsan séamhadh fear i ndon long a dheanamh as dhá mhaide. Tá mise arsa an seachtmhadh fear i ndon rud ar bith i gcaithfhidh urchar leis a bhualadh. Is fearr díbh a theacht in‑éinfheacht liomsa agus cumhdó sibh mo leanbh. D’innis sé an sgéal dóibh agus cuadar i n‑éinfheacht leis. Dimrhigheadar leo agus tháinigeadar do dtí an caisleán agus d’fhanadar annsin nó gur rugadh mac óg eile don phrionns agus an oidhche ar rugadh é cuireadh na triúr sean-mhná ag tabhairt aire dhó agus chuaidh na seachtmhar dearbhráthar ar gárda. Ar uair an mheadhon oidhche chuir Dearg Mac Dearg a láimh anuas tríd an simléar agus shíl an leanbh a sguabadh leis acht rug Láimh Ar Méid i ngreim rosta air agus thairring sé an láimh ó’n nguallainn as Dearg Mac Dearg acht ar an noiméad céadna cuir Dear Mac Dearg an láimh eile anuas agus thug leis an páiste.

Bhí go maith agus ní raibh go hold. Bhuail an seachtmhar dearbhráthar amach agus chuadar síos ar bhruach na fairrge le leagan do súl. Bhí loing mhór luchtmhar déanta ag fear an Dá Mhaide. Bhuaileadar isteach ar bord na luinge. Chrochadar uirthi suas i cuid seólta beaga, seólta móra, bucóideacha, bacóideacha, cómh-fhada, cómh-dhíreach go barra na gcrann. Níor fhágadar téad tíre gan tarraingt maide-rámha gan ró-bhrse, crann gan staonadh, stodh gan pléascadh, ná cleith gan réabadh gur chuireadar gainimh garbh na trágha i n‑uachtar agus cubhar bán na fairrge i n‑íochtar, lúbadh na n‑easgannaí ag dul i n‑ascallaí a chéile, míolra móra na fairrge thoir agus iasg beag na fairrge thiar ag ag tigheacht ar bhoig (?) an mhaide rámha, iad ag treabhadh na fairrge farcanta, fíor-dhomhain nár treabhadh ariamh rómpa agus nach dtreabhfar arís gur bhrách, mar threabh Neart, Láim Ar Méid, Gaduidhe Mhic Gaduidhe, Strapadóir Mhic Strapadóir, Cluas le h‑Éisteacht, Fear An Dá Mhaide agus Fear Saighde agus Bodhbh nó gur bhuaileadar cuan agus cadhladh oileá ríoghacht na cathaire deirge sa Domhan Thoir. Thairnigheadar an loing suas seacht noimire agus seacht n‑acraí ar thalamh tirm. Bhuaileadar slám gainimh agus feamainn uirthi. Thugadar feistigh lae agus bliadhain uirthi cuir i gcás nach mbeadh sí ann acht uair an chloig. Bhuaileadar suas ag Caisleán Dheirg Mhic Dheirg. Anois arsa Neart Mhic Neart le Cluais le h‑Éisteacht, chuir do chluais le h‑éisteacht agus féach cé’n cóir atá ins an gcaisleán. Leag! agus dubhairt sé go raibh an leanbh óg na chodhladh i seomra i mbarr an tighe agus tá an bheirt is sine ag bualadh báire agus cú nimhe dá bhfaire acht tá an cú nimhe na chodladh anois agus i Ghaduidhe Mhic Gaduidhe tá obair le déanamh agad anois. Téidh ar dhruim Strapadóir Mhic Strapadóir agus goidí na páistí má sibh indon. Chuaidh Gadduidhe Mhic Gaduidhe ar dhruim Strapadóir Mhic Strapadóir agus chuadar suas agus rinneadar na gnótha agus sguabh leo na páistí agus rinneadar ar an soitheach. Chuadar ar bord agus pébí deifir a bhí ag teacht orra bhí a sheacht n‑oiread deifir ag imtheacht orra. Ba ghearr a bhí seólta aca nuair a chonaiceadar an lóchrann ag teacht sa spéir. Tá Dearg Mac Dearg ag teacht arsa Neart agus cú nimhe leis. Fágh faoi réir an Fear Saighde agus Bhodhbh agus mara gcuiridh tú anuas iad tá muid caillte. Caith Fear Saighde agus Bodhbh leis agus chuir sé anuas iad.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Níor stopadar go dtáinigeadar go dtí Cúirt An Phrionnsa agus na páisdí leó. Tháinigeadar isteach agus d’fhágadar na páisdí faoi chúram na sean-mhná agus chuadar a chodladh. Nuair a déirigh mac an Rí ar maidin bhí na cailleachaí ag déanamh gaisge gur tharraing siad an láimh as Dearg Mac Dearg. Dúbhairt Neart má siad a [rinne] an gníomh breith ar an láimh agus í chaitheadh amach ar an tsráid. Ní rabhadar i ndon í chorruigh. Rug Neart orra agus chuir sé amach trí mhullach an tighe í. Chuir seo bród mhór ar Mhac an Rí agus chreid sé uatha brígh gach sgéil. D’fhanadar leis ins an gcaisleán go ceann lae agus bliadhain agus annsin dubhradar leis go gcaithfheadh siad bheith ag imtheacht. Dubhradar gur chuir i leas-mháthair faoi gheasa iad bheith na seacht mbroic fiadháine ar fud na coille go Lá an Luain. D’fhiarr ár n‑athair uirthi seans a thabhairt dúinn agus dubhairt sí go dtiubharfhadh go ceann lae agus bliadhain, a dhul ar aimsir (?) leis an gcéad fhear a thóigfeadh suas iad agus dá bhfiarruigheadh sé dhíobh ainm a n‑athar agus ainm a máthar agus cé as iad go mbeadh siad saor. N[ío]r fhiafruigh tusa é sin dhínn ó tháinigeamar is caithfhidh muid bheith ag imtheacht anois. Slán agat anois. D’imthigh siad uaidh i na seacht mbroc fhiadháine agus beidh siad mar sin go Lá an Luain.

Críoch.

Translation

To follow…

Notes

Transcribed by Joe for Coimisiún Béaloideasa Éireann (the Irish Folklore Commission). The informant and the year of transcription are both currently unavailable.

Joe’s surname is rendered ‘Ó hÉighnigh’ here; a spelling not uncommon at the time and still in use by some families to-day.

The Cartlanna are grateful to Cnuasach Bhéaloideas Éireann for permission to reproduce the document (CBÉ manuscript 1275: 419–29) here.