{"id":33,"date":"2014-11-12T15:05:49","date_gmt":"2014-11-12T15:05:49","guid":{"rendered":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/?page_id=33"},"modified":"2021-04-01T10:33:59","modified_gmt":"2021-04-01T09:33:59","slug":"buiochas-agus-creidiuinti","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/buiochas-agus-creidiuinti\/","title":{"rendered":"Na Cartlanna: Bu\u00edochas \u204a Creidi\u00faint\u00ed"},"content":{"rendered":"<p>T\u00e1 foireann Chartlanna Joe \u00c9inni\u00fa go m\u00f3r faoi chomaoin ag na daoine agus ag na hinstiti\u00faid\u00ed seo a leanas. Is lena dtaca\u00edocht fhlaithi\u00fail a cuireadh na Cartlanna ar bun. D\u00e1 thoradh sin, t\u00e1 ar \u00e1r gcumas mian Joe \u00c9inni\u00fa a chomhl\u00edonadh, agus an chuid seo de shaibhreas cult\u00fartha a phobail d\u00fachais a chur ar f\u00e1il don saol m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"liosta-ruchar-lom wp-block-list\"><li><b>An Chomhairle um Thaighde sna D\u00e1na agus na hEola\u00edochta\u00ed S\u00f3isialta<\/b>, (<a href=\"http:\/\/www.research.ie\/\">An Chomhairle um Thaighde in \u00c9irinn<\/a> anois), a chuir maoini\u00fa ar f\u00e1il leis an obair seo a dh\u00e9anamh.<\/li><li><a href=\"http:\/\/www.music.washington.edu\/ethno\/\">Scoil an Cheoil, Ollscoil Washington<\/a>, Seattle, mar a bhfuil Baili\u00fach\u00e1n Joe Heaney ar coime\u00e1d \u00f3 1984 i leith. T\u00e1 bu\u00edochas ar leith dlite do Chartlanna na hEitnicheoleola\u00edochta agus don Chartlanna\u00ed, An Docht\u00far Laurel Sercombe, a thacaigh leis an tionscadal \u00f3n t\u00fas agus a chabhraigh leis go fial flaithi\u00fail.<\/li><li><a href=\"http:\/\/www.acadamh.ie\/faoin_acadamh\/ionaid\/carna.html\">\u00c1ras Shorcha N\u00ed&nbsp;Ghuairim, Acadamh na hOllscola\u00edochta Gaeilge<\/a> (Ollscoil na h\u00c9ireann, Gaillimh), a chuir ionad oibre agus gach \u00e1is d\u00e1 r\u00e9ir ar f\u00e1il nuair a bh\u00ed na Cartlanna \u00e1 bhforbairt. Gabhamid bu\u00edochas \u00f3 chro\u00ed le D\u00f3nal \u00d3&nbsp;Droighne\u00e1in, P\u00e1draig \u00d3&nbsp;Coirb\u00edn agus N\u00f3ra U\u00ed&nbsp;Sh\u00failleabh\u00e1in, baill foirne, le Ph\u00e1draic \u00d3&nbsp;Conaola, agus le chuile dhuine a roinn a gcuid eolais faoi bh\u00e9aloideas Iorras Aithnigh agus Chonamara linn. Chuir Se\u00e1n \u00d3&nbsp;Guairim m\u00f3r-chomaoin orainn, \u00f3 thug s\u00e9 cead d\u00fainn \u00fas\u00e1id a bhaint as taifeadta\u00ed a rinne s\u00e9 f\u00e9in d&#8217;amhr\u00e1naithe agus de sc\u00e9alaithe \u00e1iti\u00fala le haghaidh chartlanna an \u00c1rais.<\/li><li><a href=\"http:\/\/www.ucd.ie\/folklore\/\">Cnuasach B\u00e9aloidis \u00c9ireann, An Col\u00e1iste hOllscoile, Baile \u00c1tha Cliath<\/a> agus Sti\u00farth\u00f3ir an Chnuasaigh, An Dr. R\u00edonach u\u00ed \u00d3g\u00e1in, a thug cead d\u00fainn scr\u00edbhinn\u00ed agus taifeadta\u00ed fuaime th\u00e1bhachtacha de chuid an Chnuasaigh a fhoilsi\u00fa sna Cartlanna seo.<\/li><li><a href=\"http:\/\/www.rte.ie\/\">Raidi\u00f3 Teilif\u00eds \u00c9ireann<\/a>, a thug cead d\u00fainn taifeadta\u00ed fuaime as a gCartlann a \u00fas\u00e1id. Glacaimid bu\u00edochas faoi leith le hIan Lee, a chuir taifeadta\u00ed de chomharsana Joe \u00c9inni\u00fa ar f\u00e1il, agus le Malachy Moran, Bainisteoir Sheirbh\u00eds\u00ed Fuaime agus Chartlann RT\u00c9, agus le bainist\u00edocht RT\u00c9.<\/li><li><a href=\"http:\/\/www.itma.ie\/gd\/\">Taisce Cheol D\u00fachais \u00c9ireann<\/a> agus Sti\u00farth\u00f3ir na Taisce, Nicholas Carolan, as cabhair agus comhairle fhlaithi\u00fail, agus as ucht na buantaca\u00edochta a thugann s\u00e9 do cheol agus d&#8217;amhr\u00e1na\u00edocht na t\u00edre seo ar an ard\u00e1n domhanda.<\/li><li><b>An Australian Folklore Unit<\/b> agus a sti\u00farth\u00f3ir, <a href=\"http:\/\/www.warrenfahey.com\/\">Warren Fahey<\/a>, a thug cead d\u00fainn codanna den choirm cheoil a thug Joe \u00c9inni\u00fa sa Sydney Opera House i 1981 a \u00fas\u00e1id. Is f\u00e9idir an choirm cheoil a chloiste\u00e1il ina ioml\u00e1ine ar l\u00e1ithre\u00e1n Gr\u00e9as\u00e1in an Aonaid.<\/li><li>Scol\u00e1ir\u00ed, comhghleacaithe agus cairde Joe \u00c9inni\u00fa, a bhfuil a gcuid taifeadta\u00ed ag cro\u00edl\u00e1r na Cartlainne seo. Ina measc si\u00fad t\u00e1 Susan Auerbach, Gage Averill, Liam Clancy (nach maireann), James Cowdery, An tOllamh Kenneth Goldstein (nach maireann), Robin Hiteshew, Mary E. Johnson, An tOllamh Fredric Lieberman, Jill Linzee, George McIntyre, Patrick O&#8217;Donnell, Joan Rabinowitz, Sonia Seeman, Gerald Shannon, Lucy Simpson (nach maireann), Cynthia Thiessen agus Esther Warkov.<\/li><li>Liam Mac&nbsp;Con&nbsp;Iomaire, oide, iriseoir, \u00fadar. Ba mh\u00f3r an chabhair \u00ed a bheathaisn\u00e9is \u00e9achtach, <cite>Seosamh \u00d3&nbsp;h\u00c9ana\u00ed: N\u00e1r fh\u00e1gha m\u00e9 b\u00e1s cho\u00edche<\/cite> (Cl\u00f3 Iar-Chonnacht, 2007), agus cur s\u00edos ar shaol agus ar shaothar Joe \u00e1 r\u00e9iteach don Chartlann seo. Ba mh\u00f3r an spreagadh \u00e9 an tsuim is an taca\u00edocht a l\u00e9irigh s\u00e9 sa tionscadal freisin.<\/li><li>Miche\u00e1l \u00d3&nbsp;Cuaig, file, amhr\u00e1na\u00ed agus m\u00fainteoir, Aill na Br\u00f3n, Cill Chiar\u00e1in, a bhfuil ainm Joe \u00c9inni\u00fa \u00e1 choinne\u00e1il i mb\u00e9al an phobail le breis is c\u00faig bliana fichead faoi sc\u00e1th <b>F\u00e9ile Chom\u00f3rtha Joe \u00c9inni\u00fa<\/b>. Is m\u00f3r againn an chomhairle a chuir s\u00e9 orainn maidir le ceisteanna teanga, focail na n-amhr\u00e1n, na profa\u00ed a l\u00e9igh s\u00e9 agus na haistri\u00fach\u00e1in a chuir s\u00e9 ar f\u00e1il ar na hamhr\u00e1in.<\/li><li>M\u00e1ire Nic&nbsp;Fhinn, buanchara Joe \u00c9inni\u00fa agus comhghleaca\u00ed Riobaird Mhic&nbsp;G\u00f3r\u00e1in (nach maireann) ag <a href=\"http:\/\/www.gael-linn.ie\/\">Gael Linn<\/a>. Bhronn M\u00e1ire cnuasach c\u00e1ip\u00e9is\u00ed a bhaineann leis an obair a rinne s\u00ed le Joe ar \u00c1ras Shorcha N\u00ed&nbsp;Ghuairim i 2009 agus l\u00e9irigh an-taca\u00edocht don tionscadal seo.<\/li><li>Peggy Seeger, a thug cead d\u00fainn m\u00edreanna fuaime a thaifead s\u00ed f\u00e9in agus Ewan Mac&nbsp;Coll le Joe \u00c9inni\u00fa i ndeireadh na bliana 1963 agus go luath i 1964 a \u00fas\u00e1id. T\u00e1 roinnt m\u00edreanna ina measc seo n\u00e1r foils\u00edodh ar an dl\u00fathcheirn\u00edn d\u00fabailte <cite>The Road from Connemara<\/cite>. Maidir leis seo, glacaimid bu\u00edochas le Fred Mc&nbsp;Cormick freisin, a r\u00e9itigh tras-scr\u00edbhinn\u00ed <a href=\"http:\/\/www.mustrad.org.uk\/articles\/heaney.thm\">d&#8217;agallaimh Mac&nbsp;Coll \/ Seeger<\/a>, is a chuir ar l\u00edne iad, agus a thug cead d\u00fainn codanna d\u00edobh a \u00fas\u00e1id sna Chartlanna seo.<\/li><li>An stara\u00ed agus seand\u00e1la\u00ed Michael Gibbons, a roinn linn a chuid eolais maidir leis an nGorta M\u00f3r i gceantar Chonamara.<\/li><li>An tOllamh Sean Williams, The Evergreen State College, Olympia, Washington, a scr\u00edobh tr\u00e1chtas m\u00e1istreachta ar amhr\u00e1na\u00edocht Joe \u00c9inni\u00fa. Bh\u00ed sise ina dalta ag Joe in Seattle. Chuir a suim in amhr\u00e1na\u00edocht Joe, an aithne a bh\u00ed aici air f\u00e9in agus an taith\u00ed a fuair s\u00ed ar a chur chuige m\u00fainteoireachta go m\u00f3r leis an tionscadal seo.<\/li><li>Mar fhocal scoir, t\u00e1imid an-bhu\u00edoch de mhuintir Charna agus Iorras Aithnigh agus d\u00e1 sinsir. Cuid de thraidisi\u00fan amhr\u00e1na\u00edochta agus seanchais na h\u00e1ite, le c\u00fapla gl\u00fain anois, is ea saol agus gairm Joe \u00c9inni\u00fa. Gn\u00edomh \u00f3m\u00f3is agus ceili\u00fartha ar an traidisi\u00fan is ea na Cartlanna seo. T\u00e1imid an-bhu\u00edoch d\u00edobh si\u00fad at\u00e1 ag coinne\u00e1il an chult\u00fair dh\u00fachais beo faoi l\u00e1thair: Johnny Mh\u00e1irt\u00edn Leara\u00ed Mac&nbsp;Donnchadha, Josie She\u00e1in Jeaic Mac&nbsp;Donncha, Joe John Mac&nbsp;Con&nbsp;Iomaire, B\u00e9ib\u00ed \u00c9inni\u00fa U\u00ed&nbsp;Mhaoilchiar\u00e1in, Br\u00edd N\u00ed&nbsp;Mhaoilchiar\u00e1in, M\u00e1ire N\u00ed&nbsp;Mhaoilchiar\u00e1in, P\u00f3l \u00d3&nbsp;Ceannabh\u00e1in, Caitr\u00edona N\u00ed&nbsp;Cheannabh\u00e1in agus m\u00f3r\u00e1n daoine eile nach iad. Go maire sibh an c\u00e9ad!<\/li><\/ul>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"","protected":false},"author":1,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":0,"comment_status":"closed","ping_status":"open","template":"templates\/template-full-width.php","meta":{"footnotes":""},"class_list":["post-33","page","type-page","status-publish","hentry"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/33","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=33"}],"version-history":[{"count":17,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/33\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":3747,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/33\/revisions\/3747"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=33"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}