Seosamh Ó hÉanaí — fear agus fonnadóir

Le Virginia Blankenhorn

Saol diongbháilte

Má tá léargas againn faoi imeachtaí shaol Sheosaimh, is dóigh gur mó a léiríonn na himeachtaí sin an tréimhse inar mhair sé ná carachtar an fhir féin. Is de réir mar a fhreagraíonn duine do dhúshláin a shaoíl — idir ádh agus mhí-ádh, dearcadh agus drochamhras dhaoine eile — a nochtar a nádúr féin.

Níl dabht ar bith ach gur thit a chion féin den mhí-ádh ar Sheosamh. Ba é easpa rachmais a óige a rinne tubaiste ollmhór dhá dhíbirt as Coláiste Éinde, rud a d’fhág nach raibh i ndan dó ach sclábhaíocht láimhe agus an imirce. Chaith sé formhór a shaoil leis féin, ag cur faoi i dtithe lóistín, nó ag fanacht le cairde, nó in arasáin aonaracha thar lear. Tháinig deireadh lena phósadh. Mhair sé ón láimh go dtí an béal den chuid is mó; agus ba bheag an baint idir an fhostaíocht a fuair sé agus fíor-ghairm a bheatha.

D’ainneoin na míbhuntáistí seo, bhí Seosamh dílis i gcónaí dá dhúchas, agus bhí sé diongbháilte de nach ligfí le gaoith é. Cé nach raibh mórán de mhaoin shaolta aige, ba luachmhar an oidhreacht a bhí aige óna mhuintir i gCarna, agus bhí sé mar phríomhaidhm aige an saibhreas sin a roinnt ar dhaoine eile.

Léiríonn a shaol ar fad — fiú na hamanna a ndeachaigh an saol ina aghaidh — an diongbháilteacht seo. Ba léir do Sheosamh, agus athbheochan an cheoil thraidisiúnta faoi lán tseoil ó na 1950í amach, go raibh tábhacht faoi leith ag bhaint le hamhránaíocht Charna, ní amháin ina áit dhúchais féin, ach ar fud an domhain. Cé go raibh cúis phríobháideach lena aistriú ó Albain go Sasana, is dócha gur fhan sé ansin de bharr na fáilte a cuireadh roimhe i dtithe tábhairne Chamden Town, agus an tsuim a chuir Ewan Mac Coll agus a leithéid ina a chuid amhránaíochta[1]. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath le linn an bhallad boom, nuair a cheap sé go mbeadh seans aige slí beatha a bhaint amach mar fhonnadóir i nÉirinn. Nuair nach raibh sé sin i ndán dó, chuaigh sé go Meiriceá, áit ar cuireadh an-fháilte roimhe ag an Newport Folk Festival i 1965, nó mar a dúirt sé féin, for the first time I found an audience for my songs and stories such as I have never had before. Agus cé nach bhfuil dabht ar bith gur theastaigh uaidh filleadh ar Éirinn, nuair a fuair sé tairscint ar phost mar ‘fhear cothabhála agus tírdhreachú’ ag Gaeltarra Éireann sna Forbacha, shocraigh sé ar leanúint ar aghaidh leis an obair a bhí ar bun aige in Ollscoil Wesleyan — obair fheiliúnach a thaithnigh go mór leis, agus nach raibh le fáil aige i nÉirinn.

Everyone in the world can have my songs

Is suntasach an rud é gur tharraing cúlra Sheosaimh — an bochtanas, an teanga, a thógáil in áit iargúlta, a mhaireachtáil ar an mbeagán — gur tharraing na rudaí seo muintir Mheiriceá chuige, go háirithe na daoine meán-aicmeacha ar chas sé orthu ina chuid ranganna agus a tháinig chuig a chuid coirmeacha ceoil thall. Mar a dúirt Mick Moloney, ceoltóir agus fear léinn as cathair Luimnigh a chaith an chuid is mó dá shaol ag obair sna Stáit[2]:

[Seosamh Ó hÉanaí] was a source of fascination to a lot of people in America, people involved in folk music in America, in the urban folk scene, folk revival. They would have been middle-class people, educated liberals, but they wouldn’t have come from a traditional community. To them Joe Heaney was the real deal. He was the man from the mountains. He was the man from the past. And he represented the gold nugget, the thing they all were looking for… They were people who really had heard a lot of music. They would have been multicultural through education and they would have been exposed to lots of different cultures. And they knew when Joe Heaney sang that this was the real thing… There was a dignity about him. I think it was his carriage, his deportment, his appearance, plus the way he represented himself. And people saw him almost in a priestly way. I would always call what he was doing a vocation, because it was almost a priestly function. He was the sacred — priestly is probably not the word — sacred would definitely be the word. I never saw anything like it. He was a complex man and a great, great artist. And passionate beyond belief in what he did. A prophet, almost!

Níl amhras ar bith go raibh bua na fonnadóireachta go smior i Seosamh Ó hÉanaí. Bhí sé dílis don traidisiún ónar fhréamhaigh sé, bhí sé diongbháilte ina chuid oibre, agus bhí sé in ann lucht éisteachta a chur faoi dhraíocht lena chuid amhránaíochta. Má tá an ceart ag Mick Moloney — níl aon amhras ach go bhfuil — caithfidh muid glacadh leis gurb iad na buanna seo, a bhí ag Seosamh óna nádúr, a mheall bunáite na ndaoine chuige.

Mar sin féin, ní miste a rá freisin go raibh an lucht éisteachta sin ag iarraidh a bheith meallta, go raibh dúil mhór acu sa seanrud — sa real deal — agus gur chuidigh an dúil seo le Seosamh go mór. De réir mar a mheasann daoine go bhfuil sibhíaltacht an iarthair ag dul chun aonchineálachta, ceaptar go bhfuil sé ag éirí níos deacra do lucht na meán-aicme difríochtaí cultúrtha a bhlaiseadh dóibh féin. Tá an bharántúlacht an-tábhachtach don dream seo, cé nach léir dóibh i gcónaí céard a chiallaíonn an téarma sin[3]. Dá bharr seo, bhí an-tóir acu ar Sheosamh, fear a raibh teanga ársa choimhthíoch ó dhúchas aige, fear a tógadh in áit iargúlta, fear a raibh an saol crua talamhaíochta agus farraige mar chúlra aige — rudaí a bhí ag a sínsear féin, dár ndóigh, ach a bhí ligthe i ndearmad le cúpla glún anuas.

Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a raibh an dúil seo acu. Seo mar a scríobh an t‑iriseoir Corcaíoch Liam Ó Muirthile faoina óige féin sna 1960í[4]:

B’iad Seosamh Ó hÉanaí agus Nioclás Tóibín an dá amhránaí sean-nóis is treise a tháinig faoi bhráid an mhórphobail sna 1960í déanacha. B’iad is túisce ar thosnaigh mo leithéidse, ógánach cathrach, ag foghlaim an tsean-nóis ó na ceirníní dá gcuid a d’eisigh Gael-Linn… Ba mhar a chéile, im chás-sa, spéis sa tsean-nós agus spéis sna blues nó i Woodie Guthrie — tóir éigin ar an mbundúchas, ar an eithne eithneach.

Ach chomh maith leis an ómós seo don bhundúchas bhí mórluachacht an tsaoithín ina orlaí tríd. Liam Ó Muirthile arís:

Bhí an tuairim fós i réim go láidir nárbh fhéidir an sean-nós a fhoghlaim ach, ar nós na teangan, go gcaithfeá siopaireacht a dhéanamh air ón gcích mháthartha. Buidéil agus Farex a bhí i réim inár dtigh-ne. Dúirt amhránaí áirithe liom fhéin ag an am nach raibh aon ‘nós’ agam agus nach mbeadh go deo.

Chuireadh a leithéid sin olc ar Sheosamh. Mar a dúirt sé le Joe Kennedy i 1969[5]:

What I really want to do is bring people together in traditional singing. Here in this city [Baile Átha Cliath] there are many people who love traditional music and know some songs but, because they do not come from a Gaelic-speaking area, are afraid to get up and sing. These people must be encouraged. I’m very disappointed at the atmosphere in some clubs which seem to be run for the select few only, and there is no encouragement for the person on the fringe, the city-born person. As far as I am concerned everyone in the world can have my songs. I will sing them for everyone to learn, and I love to be able to bring people to the stage, to encourage people who love the songs but have not the tradition since birth. I have no time for the people who make holy places out of clubs and who have no time for a singer who is not a born traditional singer.

Is léir gur mhair an tuairim láidir seo ag Seosamh i rith a shaoil. Sular bheartaigh sé ar Caoineadh na dTrí Muire a rá ar stáitse an Damer sna Oícheanta Seanchais i 1957, is go príobháideach den chuid is mó a bhíodh an t‑amhrán sin agus na hamhráin chráifeacha eile le cloisteáil, i gcaitheamh na n‑ócáidí cráifeacha a raibh siad neadaithe iontu. Is cinnte go raibh daoine ann nár aontaigh le Seosamh, daoine arbh fhearr leo na hamhráin chráifeacha a choinneáil taobh istigh den chomhthéacs diaganta sa mbaile. Ach is d’aonturas a shocraigh Seosamh ar an amhrán a chur ós comhair an mhórphobail an uair sin, mar chreid sé go láidir go raibh sé de chearta ag daoine eile — daoine nach ón nGaeltacht iad — an t‑amhrán míorúilteach sin a chloisteáil[6]. Marach a dhánacht seisean, b’fhéidir nach mbeadh Caoineadh na dTrí Muire againn mar chuid den traidisiún beo inniu.

Ag deireadh a shaoil, chuala Seosamh go raibh beartaithe ag Ollscoil Washington an Joe Heaney Collection a bhunú, a mbeadh a raibh taifeadta uaidh ag a chuid macléinn le cloisteáil ann. Nuair a mhol cara leis gur chóir cead éisteachta a bhronnadh ar dhaoine de bhunadh Éireannach amháin, sheas Seosamh go láidir in aghaidh na tuairime seo. Tá áthas orainne go gcuireann teicneolaíocht an lae inniu ar ár gcumas an t‑ábhar seo a chur ar fáil go forleathan — ábhar a thug sé go fial flaithiúil dúinn uilig. Is cinnte go mbeadh Seosamh sásta go mbeadh a oidhreacht ar fáil do gach duine ar bhealach nár shamhlaigh sé riamh lena linn féin.

Lá Binn agus Lá Searbh

Ach an oiread le go leor daoine, is iomaí sin taobh a bhí le pearsantacht Sheosaimh Uí Éanaí. Bhí an binneas aige gan cheist ach bhí níos mó ná imir den seirfean ann uaireanta. In ainneoin a fhlaithiúlachta, d’fhéadfadh sé daoine a scanrú. Ba é tuairim an bhailitheora amhrán Tom Munnelly, a bhí i gcomhluadar Sheosaimh go minic, go raibh sé mórchúiseach[7]:

We often shared the same stretch of bar for the night but contiguity did not lead to companionship. There was a peppery arrogance about Joe Heaney’s behaviour which I never cared for… It is an unfortunate fact that many great artists were and are unlovely people, and Joe Heaney was a great artist. It was his very justified belief in his outstanding ability as an interpreter and as a conduit of a magnificent tradition which gave him an air of superiority which he handled badly with unfortunate social results. If he was truculent and resentful, he had much to be resentful for, and he seems to have been his own worst enemy.

Bhíodh drogall ar a lán daoine druidim ina leith, agus d’admhaigh a sheanchara Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, D’fhéadfadh Joe a bheith cantalach[8]. Bhí tuairimí láidre aige, agus ba bheag acmhainn aige ar thuairimí dhaoine eile. Ach ní chuile dhuine a ghéill dó. Tá cuimhne fós ar ócáid in Árainn i 1971, nuair a bhí roinnt fonnadóirí as Conamara ag glacadh páirt i gcoirmcheoil i halla Chill Rónáin. Mar is cuimhin le Tomás Mac Eoin, bhí an lucht éisteachta ag éirí míshuaimhneach tar éis tamaill ag éisteacht le hamhráin fhada mhalla ar an sean-nós[9]:

Bhí an coirmcheol ag dul ar aghaidh, agus breathnaíonn sé nach raibh ag éirí go ró-mhaith léi. Dónal Ó Lubhlaí a bhí ina fhear an tí, agus d’airigh mé ag rá le Joe Éinniú é: Níl rudaí go maith. Níl muid ag fáil mórán éisteachta. Agus dúirt Joe: Fág agamsa é! Socróidh mise iad sin! Agus amach leis ar an stáitse agus dúirt sé: An bhfuil sibh in ann muid a chloisteáil? , a dúirt siad. Well, tá faitíos orm go bhfuil mise in ann sibhse a chloisteáil freisin! Mhill sé an oíche ar fad. Thosaigh siad ag búireach agus ag feadaíl air.

Cé go mbíodh Seosamh foighdeach go leor le mic léinn agus le daoine a raibh meas aige orthu, bhíodh caint bhorb bhearrtha aige don té nár thaitnigh leis. Bhí Tomás Mac Eoin, file, fonnadóir agus fear grinn as an gCeathrú Rua a raibh an-tóir air ar fud Chonamara, ar dhuine acu siúd. Chum Tomás amhrán éadtrom, An Damhán Alla, a thaifead sé féin agus beirt eile le tionlacán ghiotáir. Chuaigh an t‑amhráinín beag seafóideach seo go barr an liosta ar Raidió na Gaeltachta. B’fhuath le Seosamh an giotár; cheap sé go gcuirfeadh sé an amhránaíocht dhúchasach i mbaol a báis; agus bhí dearg-ghráin aige ar amhráin Ghaeilge nua-chumtha a bhain úsáid as an ngiotár. Is cuimhin le Tomás gur chuir an craoltóir Seán Bán Breathnach agallamh ar Sheosamh agus gur fhiafraigh sé de, Céard a cheapann tú faoi na hamhráin nua seo?[10]:

Ó! Iad seo atá ag ceapadh go bhfuil siad in ann amhráin nua a chumadh agus ag cur ceol guitar leo, a dúirt sé… Agus cúpla bliain ina dhiaidh sin casadh Joe Éinniú orm thiar ag Rásaí Leitir Móir. Á, féach an áit a bhfuil an damháinín alla, a dúirt sé, agus gangaid ina ghlór.

Shíl Sean Williams, iar-mhac léinn Sheosaimh, gur féinchosaint a ba chúis leis an mí-mhúinteacht seo go minic[11]:

He was so quiet about his marriage. I think most of us didn’t know that he was married. And I asked him once: What about the family at home? And he had a stock answer to that question, which was I gave up three things twenty years ago, and I’m never going back! And one had to assume, ‘cigarettes, alcohol and women.’ But that was the stock answer when anybody asked him anything about relationships, even though he had classic ways of flirting with his female students… And so a lot of us spent a lot of time defending our relationships, our hair colour, our preferences in music; and I think that was his way of both flirting and challenging. And I think for him flirting and challenging was just blended exactly. That was one of the ways he operated at comfort level. I think he needed to see vulnerability to feel like he had something to offer.

Cheap daoine eile gur míshonas agus brón a bhí taobh thiar den uabhar. I 1957 chas Seosamh ar Dhiarmaid Breathnach, scríbhneóir agus iar-leabharlannaí RTÉ[12]:

Bhí an-mheas agam air mar amhránaí. Ach b’fhacthas dom… go raibh sé míshásta lena shaol agus go raibh trua aige dó féin. Agus bhí mé beagáinín faiteach roimhe ar an ábhar sin. Bhraith mé nár dhuine sona in aon chor é. B’in an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.

Ba é barúil Steve Coleman, iar-mhac léinn Sheosaimh atá anois ina léachtóir le hAintraipeolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, go raibh Seosamh uaigneach[13]:

Níor cheap mise go raibh sé chomh cinnte de féin is a cheap daoine eile. Cheap mé féin go raibh sé céasta, agus go raibh sé ag smaoineamh ar an saol agus ar na rudaí a tharla dó. Bhí sé ag maireachtáil leis féin agus bhí cuma uaigneach air. Bhí sé an-sásta le cuairteoirí ach chaithfeadh misneach a bheith agat chun dul chuige… Bhí sé cairdiúil, ach ag an am céanna bhí sé cantalach. B’fhéidir go n‑iompódh sé ort gan mórán údair a bheith aige, agus an chéad rud eile bheadh sé an-mhór leat arís. Bhí mise cineál scanraithe roimhe ar dtús mar bhí sé larger than life ar bhealach.

Oidhreacht gharg

D’ainneoin a ndearna sé agus na buanna uilig a bhí aige, is léir gur duine buartha gruama a bhí i Seosamh Ó hÉanaí. Ach tuige? B’fhéidir go bhfuil cuid den fhreagra le fáil san oidhreacht chultúrtha a tháinig anuas chuige.

Inniu, cuirtear an-suim go deo san té ar féidir leis a rá gur cainteoir dúchais Gaeilge é. Cúis bhróid atá ann. Ach ní amhlaidh a bhí le linn Sheosaimh, nuair a bhí stiogma ag baint le saol na Gaeltachta agus le gach rud a bhain leis. Bhí a lán Éireannach den mheán-aicme — agus cuid mhaith Meiriceánach de bhunadh Éireannach — den tuairim nach raibh sa nGaeltacht ach salachar agus suarachas, daoine agus beithigh in aon tíos. Ba náireach an rud é an bochtanas, agus ba í an Ghaeilge féin chomhartha an bhochtanais sin. Is iomaí duine a chuaigh ar imirce agus a d’fhill ar ais ar laethanta saoire ag ligean air féin go raibh a theanga dhúchais dearmadta aige.

Bhí an-taithí ag muintir na Gaeltachta ar an mbiogóideacht seo, agus chuile sheans gurb í sin a bhíodh in intinn Sheosaimh nuair a d’fhógródh sé dá chuid mac léinn, It’s no shame to be poor! Ba chuimhin le Liam Clancy a bheith ag caint le Seosamh lá amháin a raibh Seosamh ar tí imeacht anonn go Sasana[14]:

There was always this pervasive mood of sadness and insecurity about him. That’s what I remember most about Joe at that time. He had no self-confidence or self-esteem. And when he had enough drink, the other side of him came out, the chip on the shoulder: You’re making fun of me because I talk Irish, because I’m a Conamara man. And that anger would come out. And he was as prickly as a thornbush when he was in that mood.

Agus tarcaisne nimhneach den sórt seo á fulaingt acu, ní hiontas ar bith é má tharla cantal ar chuid de mhuintir Chonamara uaireanta, agus níor thaise do Sheosamh Ó hÉanaí é.

Is cosúil go raibh an saol thar sáile níos éasca do Sheosamh ar bhealach. I Sasana agus, níos déanaí, i Meiriceá, bhíodh sé ag plé den chuid is mó le daoine nach de bhunadh Éireannach iad, daoine ar tháinig a sínsear ó thíortha eile ar fad. Ar an ábhar seo, níor ghá dhó a bheith ag súil leis an olc, agus bhí sé in ann a bheith ar a shuaimhneas agus a bheith geanúil do dhaoine eile. Bhí sé seo tábhachtach, mar ba rud mór do Sheosamh daoine a bheith geanúil air féin agus ar a chuid amhránaíochta. Bhí fear as Maigh Eo, Martin Byrne, sa lóistín céanna le Seosamh i Southampton ar feadh píosa[15]:

When Joe got the proper response something happened to him. His face would light up. and he got so much pleasure out of seeing others getting pleasure. It was a kind of a gift, especially when he sang in Gaelic… I loved his singing even though I can’t sing myself. And I think that helped our friendship.

Thug an fonnadóir Sasanach, John Faulkner, agus a bhean Dolores Keane cuairt ar Sheosamh i Nua Eabhrac i lár na 1970í. Ba léir go raibh an-mheas ag lucht an cheoil traidisiúnta i Sasana ar Sheosamh, mar a bhí ag Seosamh orthu-san[16]:

I thought he was a great guy and a fantastic singer. Not only did I get along absolutely well with him, but so did most English people. All the people I knew in the folk scene at the time in England, people like Martin Carthy and Louis Killen, they were all huge devotees of Joe.

Ní iontas ar bith é go raibh Seosamh níos compordaí le Sasanaigh agus le Meiriceánaigh ná mar a bhí sé le cuid de mhuintir a thíre féin. In Éirinn, dar ndóigh, bhí daoine ann a chaithfeadh amhras ar a chuid eolais, nó a mbeadh focal doicheallach le rá acu faoin dul chun cinn a bhí déanta aige. I Meiriceá agus i Sasana, áfach, sé an leasainm a thugtaí air, ‘an máistir’. Nocht Seosamh a thuairim féin air an difríocht seo agus é ag caint le hiriseoir Bill Stuart in agallamh don Sunday World i 1982, cúpla lá roimh a cheolchoirm sa gCeoláras Náisiúnta[17]:

I don’t know how long I’ll stay [ag Ollscoil Washington], but this is the best move I have ever made. They pay me $1,600 a month and the students are very receptive. Not one of them is of Irish descent. Most of them are women. I surely hope that they make it part of their thesis and teach it and pass it on. I wouldn’t have a hope in hell of doing that here. I can go out to the schools in Seattle and teach the kids for an hour. The teachers welcome you. I couldn’t do it here. They’d laugh at you here if you asked for a television programme. I think they’re trying to do away with the language. It’s a bloody shame. In every country in the world, the first thing they do is play their own music and speak their own language, and then they go on to something else. Once the language is gone in any culture that’s the beginning of the end. The language is the mainstay of it. I think the language will be gone here in 15 years… I think the Government has a lot to answer for.

Bhí tuilleadh den chaint dhíreach seo le cloisteáil in agallamh a rinne Seosamh le Maidhc P. Ó Conaola ar Raidió na Gaeltachta i 1979[18

An bhfuil a fhios agat go gcloisfidh tú níos mó cultúir ar an raidió agus ar an teilifís thall ná mar a chloisfeas tú anseo? Anois, déanfaidh mé an fhírinne leat, níl mé ag tabhairt marcanna an-mhór do Raidió na Gaeltachta ach an oiread. Tá súil agam go gcuimhneoidh siad gurb é Raidió na Gaeltachta é, an dtuigeann tú? Má chuimhníonn, beidh chuile shórt ceart. Ach anois, ní miste leat mé é seo a rá, tá daoine áirithe ag iarraidh a bheith ag tabhairt isteach pop, tá mé ag ceapadh. Agus níor bunaíodh Raidió na Gaeltachta [lena aghaidh sin]… [T]á mé ag dul ag rá rud amháin — gurb í teanga Mháirtín Uí Chadhain ba cheart a bheith á labhairt, agus teanga lucht na gCearta Sibhialta; marach iadsan seans nach mbeadh Raidió na Gaeltachta ar chor ar bith ann. Níor cheart dóibh rudaí a thabhairt isteach agus a chur os comhair gasúir nár chualadar riamh sa nGaeltacht… Tá sé ceart go leor amhrán a chumadh… ach tá daoine ag cumadh amhrán anois faoi láthair, agus tá siad ag tabhairt guitars isteach agus dá chasadh — nach shin pop? Má tá tú ag iarraidh pop a thabhairt isteach sa nGaeilge, nach bhfuil sé chomh maith dóibh fáil réidh le Raidió na Gaeltachta. Abraidís na seanamhráin. Nach lena n‑aghaidh sin a dearnadh é: leis na seanamhráin a chur os comhair an phobail… Níl aon mhaith i rud eicínt a déanadh inné. Is é an chaoi ar mhair na daoine… chuadar trí shaol uafásach le rudaí a choinneáil beo, agus ba cheart creidiúint a thabhairt dóibh ar a shon…

Anseo arís feicimid go bhfuil sláinte agus cothú a dhúchais ina phríomhchuspóir ag Seosamh, agus labhraíonn sé go neamhbhalbh in aghaidh rud ar bith — easpa tacaíochta don Gaeilge ón rialtas, ceol pop á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta, síorúsáid an ghiotáir sa gceol traidisiúnta — a bhagraíonn bás ar an traidisiún nó a thréigeann an oidhreacht thábhachtach atá faoi chúram aige. Ba dhuine fíorchosantach é Seosamh nach raibh compordach beag ná mór leis an réabhlóid shósialta agus chultúrtha a bhí ag dul ar aghaidh lena linn.

Fonnadóir agus seanchaí

Mar a léiríonn a bhfuil sna cartlanna seo, b’fhonnadóir agus seanchaí den scoth é Seosamh Ó hÉanaí. Nuair a bhí sé ar stáitse os comhair lucht éisteachta ní raibh a sharú le fáil. Chas Louis Killen, a chuir aithne níos fearr air i Seattle, ar Sheosamh den chéad uair i 1962 i Newcastle-Upon-Tyne. In alt a tháinig amach tar éis bás Sheosaimh, scríobh Killen[19]:

For close to an hour and a half, Joe Heaney had that audience mesmerized. I stood at the back of the room filled with wonder at his incredible vocalization, the deep resonant voice, the baroque complexity of his ornamentation, and the centredness of his performing. Every one of us was drawn into the ancient culture Joe represented. We were drawn by the passion and commitment Joe had to that culture, of which he was a part — just as every song was a part of Joe Heaney. That evening, Joe had found that place of perfect balance within himself, that centre where he was one with the past, present and future, within and without. From there, through his songs, he was able to transmit his feeling to us all as though we were in perfect communion with him.

In agallamh le Liam Mac Con Iomaire, rinne Peggy Seeger cur síos ar an dóigh a chuireadh Seosamh an lucht éisteachta faoi dhraíocht sa Singers Club[20]:

He sang with such joy in singing, even when he was singing miserable songs. He just disappeared into his songs. He did not sing for the audience. He sang for himself.

Dúirt sí chomh maith go raibh difríocht thábhachtach idir Seosamh agus amhránaithe eile a bhíodh ag gabháil fhoinn sa Singers Club: bhí Seosamh cúramach go dtabharfadh a chuid amhrán ábhar machnaimh dá lucht éisteachta. [W]hat Joe would do, he would not give you his simplest stuff. He would just launch in, in Irish and in English, and if you didn’t like it, too bad![21]

Mar sin féin, bhíodh Seosamh i gcónaí ag smaoineamh faoin méid eolais a bheadh ag a lucht éisteachta. Den chuid is mó — taobh amuigh d’Éirinn cibé ar bith — ba dhaoine iad seo nach raibh taithí ar bith acu ar thraidisiúin na nGael. Chreid sé go láidir gur cheart dhó ní amháin na daoine seo a mhealladh le hamhráin agus le scéalta, ach beagán eolais a chur orthu faoi théamaí móra stair na hÉireann — na cogai, an bochtanas, an imirce, an tírghrá. Chum sé píosaí fada — cuir i gcás, The American Wake agus The Rocks of Bawn — ina raibh idir amhráin agus chaint a léirigh gnáthshaol na ndaoine i gConamara san naoú aois déag agus sa gcéad leath den fhichiú haois. Come Lay Me Down a thug sé ar amhrán a d’athchóirigh sé go speisialta mar fhreagra ar cheisteanna faoin nGorta Mór — téama nár thaitnigh leis, shílfeá, ach a raibh a chuid mac léinn i Meiriceá an-fhiosrach faoi[22]. Thugadh sé aitheantas don lucht éisteachta, mar a rinne sé sa Sydney Opera House nuair a thagair sé don seanchas faoin robálaí Astrálach Ned Kelly agus é ag cur Éamonn an Chnoic i láthair.

Nuair a roghnaíodh sé amhrán Gaeilge, mhíníodh Seosamh cúlra agus brí an amhráin roimh ré; b’fhéidir go n‑aistreodh sé cuid den fhilíocht, agus chuireadh sé béim i gcónaí ar dhaonnacht na ndaoine a raibh a gcuid mothúchán á nochtadh san amhrán. Ceann de na hamhráin a b’ansa leis ab ea Eileanóir na Rún. Thosaíodh sé le scéal faoi Chearbhall Ó Dálaigh (How Cearbhall Ó Dálaigh Got the Gift) agus mar a thit sé i ngrá le hEileanór Ní Chaomhánaigh; agus nuair a bhíodh an t‑amhrán féin ráite aige, déaradh sé cúpla véarsa den amhrán Béarla, Eileen Aroon, sa gcaoi agus go mbeadh an lucht éisteachta in ann mothúcháin Chearbhaill a bhlaiseadh. Ar an mbealach seo, bhí Seosamh in ann daoine a tharraingt isteach thar tairseach an tsean-tí agus timpeall an tine móna i dteach a mhuintire féin.

Múinteoir

Nuair a thosaigh Seosamh amach ar an múinteoireacht, ní hamháin gur thug sé leis fíorthuiscint ar an traidisiún inar tógadh é, ach de thoradh an achair fhada a chaith sé sna Stáit, bhí tuiscint aige ar a chuid macléinn agus ar na ceisteanna a bheadh acu. Le himeacht ama chuir sé suim an scoláire san ábhar chomh maith — suim a spreag Ewan Mac Coll sna 1960í, is dócha, lena chuid ceisteanna géarchúiseacha faoi shaol Sheosaimh agus an dearcadh a bhí aige ar a dhúchas féin. Blianta ina dhiaidh sin, nuair a chas Seosamh ar scoláirí leithéid Kenneth Goldstein agus Fredric Lieberman agus le mic léinn in Ollscoileanna Wesleyan agus Washington, rinne sé a thuilleamh machnaimh faoin amhránaíocht, faoi na hamhráin féin, agus faoin dóigh ar cheart dó iad a chur i láthair i gcomhthéacs an acadaimh[23]. Ní chiallaíonn sé seo gur iompaigh Seosamh ina fhear acadúil — ní raibh fuarchúis thirim an scoláire ag roinnt leis ar aon bhealach — ach bhí seasamh an fhóid ann agus é ag caint le lucht léinn[24]. Mar a dúirt Steve Coleman[25]:

I am interested in Joe’s university career, in which he was required to explain and interpret his singing style to audiences of professional musicologists… Asked formalist questions (such as How do you know where to put grace notes in a song?), Joe argued passionately and consistently for a radically different understanding of his tradition, in which musical form is only one aspect of a much wider act of orientation. He mobilized all available resources to articulate and defend this vision, including technical musicological terms, non-sequitur, and a few otherwise dubious recollections and interpretations. In doing so he wasn’t being scientific, but was, arguably, articulating his insights as best he could to people who came with quite different presuppositions about music, song, and much more.

Ina chuid ranganna in Ollscoil Wesleyan agus, ar ball, in Ollscoil Washington, bhi éagsúlacht mac léinn — fochéimithe, iarchéimithe, daoine fásta a chláraigh dá chuid ranganna oíche, agus freastalaithe ar cheardlanna agus ar léachtaí speisialta. Chomh maith leo sin, chuaigh sé thart ar bhunscoileanna áitiúla agus ar leabharlanna phoiblí, agus lean sé ar aghaidh le coirmeacha agus le fleadhanna ceoil. Amanna ní raibh sé soiléir an rang nó ceolchoirm a bhí ar siúl aige; ach ba chuma gasúir scoile nó cruinniú scoláirí a bheith os a chomhair amach, rinne Seosamh dúram dá ghnó ionas go mbainfidís sult as — agus go bhfaighidís beagán eolais chomh maith.

Go minic ba théama áirithe a thug creatlach do léacht nó do shraith ranganna. Faoi Oíche Shamhna, mar shampla, bhíodh plé ar thaibhsí agus lucht sí; faoi Nollaig agus faoi Cháisc bhíodh deis ag Seosamh na hamhráin mhóra chráifeacha a chur i láthair. Bhíodh seisiúin faoi leith ina mbíodh caint ar bháid agus ar an iasgach, scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill, seanchas faoi leigheasanna traidisiúnta agus seanchas eile. Go hiondúil mhíníodh Seosamh cúlra an ábhair go mion do na micléinn i dtosach, agus ansin deireadh sé an t‑amhrán nó d’insíodh sé an scéal dóibh. Amanna, chuireadh sé thart focail amhráin ar bhileoga agus mhúineadh sé an t‑amhrán don rang uilig; thógadh sé roinnt ranganna leis an t‑amhrán a mhúineadh i gceart. Cé gur amhráin Bhéarla is mó a mhúineadh sé, roghnaigh sé cúpla amhrán Gaeilge dóibh chomh maith. Bhí Connla agus Beidh aonach amáireach i gContae an Chláir ina measc siúd ós rud é go raibh a lán athrá iontu, chomh maith le roinnt véarsaí i mBéarla a bhí ar aon dul leis an nGaeilge[26].

Cuid mhaith de na ranganna a bhí ag Seosamh, ba ranganna príobháideacha iad. Cé go raibh na mic léinn in ainm agus a bheith ag foghlaim amhrán ó Sheosamh, is léir ó na taifeadtaí a d’fhág siad ina ndiaidh go raibh éagsúlacht ceisteanna á bplé sna seisiúin seo. Cuir i gcás James Cowdery, mac léinn de chuid Wesleyan University a chuir os cionn dhá scór uair an chloig, idir chaint agus fhonnadóireacht, ar téip nuair a bhí Seosamh ag múineadh ansin. Mar gheall air gur chuir Cowdery suim faoi leith i bhfoinn na n‑amhrán, ní minic a bhíonn níos mó ná véarsa nó dhó d’amhrán le cloisteáil ó Sheosamh[27]. Ach os rud é gur fhág Cowdery a théip-thaifeadán ag imeacht an t‑am ar fad]20/cite, tá caint agus comhrá ar chuile chineál ábhair le cloisteáil ar na téipeanna seo.

Saibhreas eile ar fad atá ar théipeanna Jill Linzee, iar-mhac léinn de chuid Ollscoil Washington, a scríobh tráchtas M.A. ar amhránaíocht Sheosaimh. Sna taifeadtaí seo cuireann Jill agallaimh chúramacha ar Sheosamh ina leanann sí den cheistiú go dtí go bhfaigheann sí freagraí an-suimiúil ar fad uaidh. Tá an scéal mar an gcéanna le taifeadtaí a rinne Esther Warkov, Cynthia Thiessen, Joan Rabinowitz agus daoine eile. Léiríonn seimineáir — mar shampla, iad siúd a thaifead an tOllamh Kenneth Goldstein in Ollscoil Pennsylvania — mar a labhair Seosamh le lucht léinn i gcomhthéacs ranga foirmeálta. Tá píosaí fada as na téipeanna seo uilig le cloisteáil ar an suíomh seo[28].

Sna ceardlanna, thiteadh an bhéim ar na hamhráin féin agus ní bhíodh an oiread cainte ó Sheosamh. Nuair a bhíodh fonnadóirí eile ag glacadh páirte — mar a bhíodh go minic — bhíodh deis acu comparáid a dhéanamh ar leaganacha éagsúla d’amhráin áirithe. Tá roinnt samplaí anseo. Rinne Seosamh cúpla ceardlann in éineacht le Mike Seeger (deartháir Pheggy) ina ndearnadh comparáid ar leaganacha de Dark is the colour of my true love’s hair, Seven Drunken Nights agus Barbr’y Ellen; féach chomh maith an píosa fístéipe a rinneadh nuair a bhí Seosamh páirteach i gceardlann in éineacht leis an amhránaí Meiriceánach Almeida Riddle ina gcuireann an bheirt acu leaganacha éagsúla den amhrán The Lady in her Father’s Garden i láthair.

Ar na taifeadtaí is suimiúla ar fad atá na cinn a rinne Lucy Simpson, múinteoir scoile a chuir aithne ar Sheosamh sna 1970í agus a bhí ina comharsa do Sheosamh i mBrooklyn, Nua Eabhrac. Cé nach mac léinn a bhí i Lucy sa gciall chúng den fhocal sin, thug sí faoi thaifeadadh a dhéanamh ar an oiread amhrán agus seanchais ó Sheosamh agus a b’fhéidir léi. Ní amháin sin, ach bhíodh sí go seasmhach á cheistiú faoi mhiontuairiscí a bhain leis an ábhar, mar shampla, cén áit agus cé uaidh ar chuala sé an t‑amhrán i dtosach? nó cén bhaint atá ag an amhrán le hamhráin eile atá aige[29]. Os rud é go raibh Seosamh ar a chompord le Lucy, bhí Lucy in ann smaointí agus ábhar a mhealladh uaidh nach bhfuair daoine eile, mar shampla, an cuntas a thug sé ar an mBainis Mheiriceá a raibh sé féin páirteach ann nuair a bhí sé ina ghasúir óg, agus an chaoi ar shocraigh sé ar na píosaí ceoil agus amhránaíochta a chuir sé le chéile dá lucht éisteachta i The American Wake.

Is léir ó na taifeadtaí sa Joe Heaney Collection go raibh píosaí fada cainte cumtha agus curtha de ghlanmheabhair ag Seosamh mar intreoir agus mar mhíniú ar an ábhar a bhí aige. Mar an gcéanna bhí sé breá ábalta aigne duine a bhaint ó cheisteanna nár mhaith leis a fhreagairt agus ábhar nár mhaith leis a phlé. Ach an rud a ba shuntasaí faoina chuid cainte go raibh sé de nós aige imeacht ar fán ón ábhar ar thosaigh sé ag caint faoi agus scéal eile a tharraingt air féin. Amanna bíonn an t‑ábhar seo an-suimiúil, ach amanna eile athrá a bhíonn ann ar théamaí a thagann chun cinn go han-mhinic. Le píosaí a ullmhú don tsuíomh seo, b’éigean dúinn cuid den tseachmall seo a chur ar leath-taobh amanna ionas go mbeadh an príomhábhar á chur i láthair go soilléir.

Na taifeadtaí

Má tá muid le stór amhrán Sheosaimh a mheas, caithfidh muid idirdhealú a dhéanamh idir na hamhráin a dúirt sé go poiblí agus iad siúd a phioc sé ó dhaoine eile ach nár dhúirt sé féin go poiblí. Sa Joe Heaney Collection in Ollscoil Washington tá fianais ar an gcuid is mó de na hamhráin Bhéarla a bhíodh Seosamh á rá go poiblí. Ní hamhlaidh atá do na hamhráin Ghaeilge, áfach, os rud é nach raibh an Ghaeilge ag mórán daoine sna Stáit. Ar an ábhar seo, tá muid an-bhuíoch do chnuasaigh eile a thug cead dúinn cuid de na amhráin Ghaeilge is mó a bhí ag Seosamh a chur i láthair ar an suíomh seo. Ar an drochuair, tá cuid eile nach bhfuil ar fáil ach ar a chuid ceirníní, agus moltar iad siúd don té ar mhaith leis stór amhrán Sheosaimh a chloisteáil ina iomlán.

Dála amhránaithe eile, bhí éagsúlacht mhór amhrán ag Seosamh, agus den chuid is mó ba chuma leis cé uaidh a phioc sé iad nó cérb as a tháinig siad. Cé go bhfuil sé an-deacair dátaí a chur le hamhráin thraidisiúnta muna dtagraíonn siad d’imeachtaí áirithe stairiúla, is dócha gurb é an t‑amhrán is sine a bhí aige Seachrán Chearbhaill, amhrán iontach a bhfuil ceangal aige le seanchas faoin bhfile Cearbhall Ó Dálaigh agus an t‑éalú a rinne sé le hEileanóir Chaomhánach. Is cosúil go dtéann an t‑amhrán seo, agus na traidisiúin a bhaineann leis, siar chomh fada leis na meanaoiseanna. Ar an taobh eile, bhí amhráin nua-chumtha ag Seosamh, mar shampla The Half-Door, Red Haired Mary agus cuid mhaith amhrán a bhaineann le cumha agus le huaigneas na n‑eisimirceach. Ní amháin gur thóg Seosamh amhráin óna mhuintir agus óna chuid comharsan sa mbaile, ach tá fianaise againn ó bhéal Sheosaimh féin go bhfaca sé bileoga amhrán (broadhseets) sa teach ag a athair, agus is dócha gur ó na bileoga seo a d’fhoghlaim Pádraig Éinniú cuid de na hamhráin Bhéarla a bhí aige. I measc na n‑amhrán a b’ansa le Seosamh — agus a raibh an-tóir ag a chuid mac léinn air — bhí I wish I had someone to love me, an t‑aon amhrán Béarla amháin a chuala Seosamh óna sheanmháthair. Is cosúil gur leagan é an t‑amhrán sin d’amhrán Meiriceánach, The Prisoner’s Song, a chum Vernon Dalhart sna 1920í. Tá roinnt amhrán sa gcnuasach seo, freisin, a d’fhoghlaim Seosamh ar scoil — Amhrán an Leipreacháin, Óró a bhuachaillín, seol do bhó agus amhráin eile nach iad. Cé nach raibh meas dá laghad ag muintir Charna ar na hamhráin scoile seo, bhain Seosamh an-úsáid astu agus é ag múineadh thall.

Bíodh gur thóg Seosamh a chuid amhrán ó éagsúlacht foinsí, ní locht é seo air mar fhonnadóir. Déanann amhránaithe traidisiúnta neamhshuim d’aois agus d’fhoinsí na n‑amhrán atá acu — rudaí a cheapann scoláirí áirithe a bheith fíor-thábhachtach go deo &‐ ach roghnaíonn siad na hamhráin a thaithníonn leo. Chuir Ewan Mac Coll agus Peggy Seeger ceist ar Sheosamh faoin dóigh ar rangaigh sé a chuid amhrán ina intinn féin. Níor thuig Seosamh an cheist i dtosach. Ní léir, mar shampla, gurbh ionann brí an fhocail ballad mar a d’úsáid Mac Coll agus Seeger é agus mar a thuig Seosamh é. Séard a dúirt Seosamh gurb iad na ranganna amhrán a bhí aige folksongs, ballads, rebel songs, funny songs, sad songs, lamentable songs, oh different things   every time I sing I try to give a bit of each. D’fhiafraigh Peggy dó an raibh Lord Randal níos luachmhaire dó ná Patrick Sheehan (The Glen of Aherlow) ós rud é go bhfuil Lord Randal i bhfad níos sine. D’fhreagair Seosamh go bhfuil an mothúchán brónach céanna sa dá amhrán seo, cé go raibh a fhios aige go raibh Lord Randal níos sine. Is léir on gcomhrá seo nár bhain tábhacht ar bith le haois amhráin in intinn Sheosaimh, agus nach raibh a fhios aige, nuair a rinneadh an taifeadadh seo, go raibh ardchéim faoi leith bronnta ar na sean-bhailéidí Béarla nó Child ballads ag lucht léinn.

Mar sin féin, bhí amhráin ann nach ndéarfadh Seosamh ar ór ná airgead. Bhí taithí ag Meiriceánaigh ar amhráin a bhain le hallaí an cheoil (music hall) — amhráin ina raibh an pótaire maolaigeanta Éireannach agus a chuid cainte ina ábhar magaidh. D’inis Seosamh do Mhick Moloney an chaoi a roghnaíodh sé amhráin do cheolchoirm[30]:

I try to mix it by giving them a bit of the serious stuff and the not-so-serious stuff, without ever having to do any ‘popular’ song… If I have an audience that understands a bit of what I’m doing, then I give them very good stuff, although I never do anything bad, you know, even to a young audience. I try to educate them… because some of these people were… used to songs like Finnegans Wake, Fine Girl You Are… There’s nothing wrong with them songs, but you want to let people know there are other songs… We weren’t all drinking all the time. To tell you the truth I very seldom do any drinking song, because if you do people will look at you and say, There it is again! The Irish drinking again! I’m trying to kill that image, too, of the Irishman with the drink on the stage. I don’t like that image and I never have.

Maidir le scéalta, bhí tuairimí daingean ag Seosamh faoin rud ba scéal ann, agus an rud nárbh ea. D’inis sé do Jill Linzee:

[T]his is what is meant by inis scéal, ‘tell a story.’ You weren’t talking about something that happened yesterday or the day before. A story meant you’re going back pre-Christian times. That is a story about the magic of the Dé Danaans, and the Manannán Mac Lir; the man who had the boat who could go under the sea, between the sea and over the sea; the magic horse that Niamh Chinn Óir had when she came from the Land of the Ever-Young to take Fionn Mac Cumhaill’s son with her as her husband; the King of Ireland’s son going to the East and the Western World, to marry the King of the Western World’s daughter; the exploits of him as he went; the embellishments, the runs of the story.

In aice leis na finscéalta agus na scéalta Fiannaíochta a ainmníonn Seosamh anseo, bhí scéalta morálta aige ar nós Blessed is the corpse that the rain falls on, scéalta faoi Chú Chulainn, scéalta faoin slua sí, scéalta faoi ainmhithe, agus scéalta grinn. Bhí cuid de na hamhráin a raibh scéalta suntasacha ceangailte leo, cuir i gcás an scéal faoi Linnseach na Gaillimhe agus na Spáinnigh (féach The Claddagh Ring), na scéalta a bhaineann le Cearbhall Ó Dálaigh (féach Eileanóir na Rún agus Seachrán Chearbhaill), scéal Chathal Bhuí Mhic Ghiolla Gunna (féach An Buinneán Buí) agus roinnt eile nach iad. Tugann an ceangal idir Scéal na dTrí Chomhairle leis an amhrán Peigín agus Peadar — leagan Gaeilge d’Our Goodmanchantefable dúinn, rud thar a bheith neamhchoitianta i nGaeilge.

Easpa mhór ar an Joe Heaney Collection, áfach, nach bhfuil scéal ar bith inste ag Seosamh ina iomlán as Gaeilge, mar a bheadh cloiste aige ina óige. Tá cúpla sampla aige den chóiriú catha nó den chulaith ghaisce, chomh maith lena aistriúchán féin air go Béarla; ach taobh amuigh de sin cheap Seosamh gur ghá a chuid scéalta a insint i mBéarla amháin. Tuigtear dó. Ach ar an ábhar seo tá roinnt samplaí anseo againn de scéalta as Gaeilge a fhreagraíonn do scéalta a bhí ag Seosamh, ina measc Bás Thaidhg na Buile (seanchas faoi na Flaitheartaigh), scéal faoin eascann marbh a bhain an cloigeann de choileach (Joe and the Conger Eel), seanchas faoi Chailleach na Luibheanna (The Hag of the Herbs), Scéal na gCat (The King of the Cats), agus cuntas ar nósanna na Nollag.

Tá roinnt mhaith amhrán sa Joe Heaney Collection nár dhúirt Seosamh ach go hannamh, agus is cosúil nár dhúirt sé go poiblí ar chor ar bith iad. Amanna ní bhíonn aige ach an fonn agus véarsa amháin nó dhó. Tá seans gur phioc sé cuid acu seo ó dhaoine sa mbaile, ach den chuid is mó tá mé ag ceapadh gur ó fhonnadóirí eile le linn athbheochan an cheoil dhúchais a d’fhoghlaim sé iad, nó ó cheirníní, nó ó fhoinsí scríofa. Cé gur mhaigh sé go minic nach bhfuair sé amhrán amach as leabhar ariamh, is léir go raibh an-suim ag Seosamh sna hamhráin a fuair sé i leabhair, agus gur bhain sé úsáid as foinsí scríofa le véarsaí breise a aimsiú d’amhráin a cheap sé a bheith bearnach. Bhí an nós ag James Cowdery leabhair agus liostaí amhrán a thabhairt leis chuig a chuid ranganna le Seosamh, agus chuir siad seo amhráin agus foinn i gcuimhne do Sheosamh a bhí ligthe i ndearmad aige leis na blianta. Is léir freisin go mbíodh Seosamh agus Lucy Simpson ag breathnu le chéile ar leabhair a fuair siad sna leabharlainn phoiblí i Nua Eabhrac. Ar an mbealach seo d’éirigh le James Cowdery agus le Lucy amhráin a mhealladh ó Sheosamh i ngan fhios dó féin, beagnach.

Sa deireadh, bhí roinnt amhrán ag Seosamh nár mhaith leis iad a rá, nó ar a laghad, nár chuir sé ar téip ariamh a fhad agus a bhí sé thall. Cúpla ceann acu seo — mar shampla, Johnny Seoighe agus Is measa liom Bródach Uí Ghaora — cheap sé gur amhráin iad nár cheart a rá go poiblí ar fhaitíos go mbeadh duine éigin sa mbaile maslaithe aige. Bhí amhráin eile nach raibh, dar leis, mórán iontu — funny songs for weddings mar a dúirt sé féin — agus cinn eile nach mbeadh intuigthe ag daoine thall. Ar an deá-uair, áfach, bhí a chuid macléinn diongbháilte in ann roinnt amhrán a mhealladh uaidh — An Seanduine Dóite, Whiskey-o-roudelum agus roinnt lúibíní — nách móide gur dhúirt Seosamh go poiblí i láthair ban[31].

Is cosúil go raibh amhráin ag Seosamh nár thaifead sé ariamh, agus amhráin eile a thit as a stór le himeacht na mblianta. Dá bharr seo, is deacair áireamh na n‑amhran a bhí aige a mheas ina iomláine, nó fiú a rá cé mhéad amhrán a bhí ina stór poiblí, mar a déarfá, in aon am amháin. Rinne Lucy Simpson liosta a raibh 237 amhráin air, ach dúirt sí le Liam Mac Con Iomaire[32]:

I suspect he didn’t know them all completely. He put about 100 on my eleven tapes. The last time he was in Brooklyn, we met as usual. He recorded some verses to songs he’d given me long before — verses he had not sung the first time!

Nuair a seoladh na cartlanna seo an chéad lá, bhí 140 amhrán Bhéarla iontu, idir fhuaim agus fhilíocht; deich n‑amhrán a raibh téacsanna macarónacha nó aistriúcháin filíochta leo[33]; agus 91 amhráin Ghaeilge a raibh téacsanna dóibh uilig agus fuaim dóibh siúd nach raibh faoi chóipcheart. Bhí 241 amhráin ar fad ann — uimhir a thagann leis an áireamh a rinne Lucy Simpson cuíosach maith, cé go bhfuil muid cinnte go raibh amhráin ar a liosta siúd nach bhfuil ar ár liosta-na, agus a mhalairt. Is deacair gan aontú le Lucy go bhfuil cuid mhaith de na hamhráin seo nár dhúirt Seosamh go poiblí go minic, agus cuid acu nach raibh aige ina n‑iomláine.

Chomh maith leis na hamhráin, bhí 121 samplaí de scéalta, tomhaiseanna, paidreacha agus píosaí seanchais ann, iad uilig inste ag Seosamh i mBéarla; san áireamh seo atá scéalta a bhfuil ceangal acu le hamhráin áirithe.

Nótaí bun leathanaigh

1. Dúirt Seosamh le Mick Moloney: If you sang a good song in a bar in Camden Town then, you’d get silence… I used to see people putting down the darts while somebody was singing… Even a song in Irish would go down well, and even people in the public bar would listen to people in the saloon bar singing. The Rocks of Bawn was their favourite, and Curachaí na Trá Báine was the favourite of the fellows from Conamara… Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche, Cló Iar-Chonnachta (2007), 184 – 5.

2. Cé gur chuir muintir Mheiriceá fáilte roimh Mholoney féin agus gur éirigh go geal leis dá bharr sin (féach ar http://www.mickmoloney.com/), ní cosúil go mbeadh sé ag súil le focail leithéid priestly, sacred agus prophet a fheiceáil in alt faoina shaol féin!

3. Tá anailís thaitneamhach scríofa ag Andrew Potter ar an ábhar seo in The Authenticity Hoax, Harper (2010).

4. ‘An Peann Coitianta,’ Irish Times, 11ú Eanair 1996; fch. Mac Con Iomaire, Op. cit., 461 – 2.

5. Agallamh san Irish Independent, 10ú Lúnasa 1969; fch. Mac Con Iomaire, Op. cit., 256 – 7.

6. Bhí amhráin ag Seosamh nár dhúirt sé ariamh go poiblí, ach ba amhráin iad seo a raibh tagairtí iontu do dhaoine áirithe, agus níor theastaigh ó Sheosamh aon duine a mhaslú; fch. nótaí Is measa liom Bródach Uí Ghaora agus Johnny Seoighe.

7. A Mastersinger from Carna, http:/mustrad.org.uk/reviews/j_heaney.htm.

8. Mac Con Iomaire, Op. cit., 143.

9. Ibid., 280.

10. Ibid., 147 – 8.

11. Ibid., 393.

12. Ibid., 163.

13. Ibid., 390.

14. Ibid., 219.

15. Ibid., 135.

16. Ibid., 301 – 2.

17. Ibid., 370.

18. Ibid., 326 – 8.

19. ‘Memories of Joe Heaney,’ Seattle Folklore Society Journal (Fómhair, 1984), 3.

20. Mac Con Iomaire, Op. cit., 196.

21. Ibid., 191.

22. Fch. Lillis Ó Laoire agus Sean Williams, ‘Singing the Famine: Joe Heaney, Johnny Seoighe and the Poetics of Performance’ in A. Clune, Dear Far-Voiced Veteran: Essays in Honour of Tom Munnelly. Sráid na Cathrach, Co. an Chláir (2007), 229 – 47.

23. Chomh maith leis na hagallaimh a thaifead Mac Coll agus Peggy Seeger, éist leis na comhráite a rinne Seosamh le Esther Warkov, James Cowdery ⁊ Jill Linzee, agus leis an gceardlann a chuir sé i láthair in éineacht le Mike Seeger in Ollscoil Washington i 1978.

24. Amanna, mar fhreagra ar cheist nach dtuigeadh sé, chuireadh Seosamh an dubh ar an mbán ar an té a bhí dhá cheistiú — mar a rinne sé ar Ewan Mac Coll nuair a bhí Ewan ag iarraidh freagra áirithe a tharraingt amach as faoin nyahh.

25. ‘Joe Heaney Meets the Academy,’ Irish Journal of Anthropology I (1996), 69 – 85.

26. Chum Seosamh féin roinnt véarsaí do Beidh aonach amáireach i gContae an Chláir. I measc na n‑amhrán Béarla a mhúineadh sé don rang bhí I wish I had someone to love me, Red is the Rose agus The Wild Mountain Thyme.

27 . Scríobh Cowdery leabhar, The Melodic Tradition of Ireland, Kent, Ohio (1990), ina bhfuil caibidil iomlán ar amhránaíocht Sheosaimh.

28 . Le liosta samplaí a aimsiú, déan cuardach sna cartlanna faoi ainm an bhailitheora.

29. Tugann Lucy leid uaithi ar théip amháin go bhfuil rún acu leabhar a scríobh.

30. Mac Con Iomaire, Op. cit., 300 – 1.

31. Tá Whiskey-o-roudelum le cloisteáil ar an dlúthdhiosca dúbalta The Road from Conamara (2000) ar a bhfuil taifeadtaí a rinne Ewan Mac Coll agus Peggy Seeger i Londain i 1963 – 4. An taifeadadh atá sna cartlann, áfach, tá sé sin luachmhar de bharr na cainte a thugann Seosamh uaidh idir na véarsaí.

32. Op. cit., 323.

33. Ar na hamhráin seo atá amhráin mhacarónacha leithéid One Morning in June agus One Day for Recreation chomh maith le hamhráin ar nós Connla agus The Lepreachaun Song, a raibh téacsanna (nó aistriúcháin) Béarla filíochta le fáil taobh leis na téacsanna Gaeilge.