Carna, Iorras Aithneach agus Conamara

Le Virginia Blankenhorn

Rugadh agus tógadh Seosamh Ó hÉanaí san Aird Thoir i gCarna, in íochtar leithinis a dtugtar Iorras Aithneach air; is é sin, i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Ós rud é gur ghnách le Seosamh stair na hÉireann — an tuiscint a bhí aige féin uirthi — a lua ina chuid léachtaí agus cainteanna agus é ag múineadh thall i Meiriceá, ní mór dúinne spléachadh a thabhairt ar na himeachtaí bá mhó a raibh suim aige iontu, agus a d’fheidhmigh mar chúlra dá chuid amhrán agus scéalta.

Ó na Conmhaicne Mara go Cromail

Cé gur mhaígh Seosamh go minic gur in aimsir Chromail a tháinig a shinsear go Conamara, tá sé léirithe ag Liam Mac Con Iomaire, beathaisnéisí Sheosaimh, go raibh muintir Uí Éanaí ina dtaoisigh bheaga in Iar-Chonnacht níos mó ná seacht gcéad bliain ó shin[1]. Ba iad na Conmhaicne Mara a bhí i gceannas ar Chonamara ar feadh tréimhse fhada, agus is cosúil nár cuireadh deireadh lena réim go dtí gur tháinig na Flaitheartaigh chun cinn tar éis teacht na Normanach go hÉirinn sa dara haois déag.

Na Flaitheartaigh

Ba iad na Flaitheartaigh a chuir na Conmhaicne Mara agus a lucht leanúna — muintir Éanaí ina measc — faoi chois. Ba mhinic a d’inis Seosamh scéalta faoi na Flaitheartaigh, agus faoi Fhlaitheartach amháin go háirithe, Tadhg na Buile. De réir an tseanchais, ba thíoránaigh uafásacha iad na Flaitheartaigh, agus bhí an Tadhg seo ar an duine ba chruálaí acu uilig, go dtí gur fhill an feall air féin nuair a dhúnmharaigh tionónta é. Ba san Aird Thoir féin — nó Aird a Chaisleáin mar a thugtar go minic air — a tharla an eachtra seo, áit a raibh caisleán beag ag Tadhg na Buile a bhfuil na fothracha le feiceáil fós.

Le linn réimeas na dTúdarach a briseadh an gnáthchaidreamh idir na seantaoisigh dhúchasacha agus an chosmhuintir, nuair a iarradh ar na taoisigh a gcuid talta a thabhairt uathu agus iad a ghlacadh ar ais ar bhonn feodach. Uaidh sin amach, ní ó na daoine a fuair na taoisigh a seilbh ar na talta seo, ach ón monarc; agus de réir a chéile, laghdaíodh agus cuibhríodh neamhspleáchas na dtaoiseach nó gur cuireadh faoi ordóg na Sasanach beagnach ar fad iad. Nuair a tháinig an t‑athrú ba é príomhchúram na n‑uaisle (mar níor thaoisigh feasta iad) as sin amach, fanacht ar thaobh na gréine de na Sasanaigh. Rinneadar dearmad glan ar a gcuid tionóntaí — ach amháin uair sa mbliain, nuair a thógaidís na cíosanna. Mar seo a tháinig córas aicmeach na Sasanach isteach go hÉirinn.

Ba iad fórsaí Chromail a dhíbir na Flaitheartaigh faoi dheireadh agus a roinn Conamara ar thaoisigh nua — Protastúnaigh a chabhraigh le Cromail agus Caitlicigh a cuireadh amach as a gcuid taltaí taobh thoir de chathair na Gaillimhe. In ionad na bhFlaitheartach bhí Blácaigh, Frinsigh, Loinsigh agus Máirtínigh; agus de réir ama tháinig an chuid ba mhó de 200,000 acra faoi sheilbh na Máirtíneach, Iorras Aithneach ina measc.

An Drochshaol

Dar le daonáireamh na hÉireann, bhí seasca bliain d’aois slánaithe ag seanmháthair Sheosaimh, máthair a mháthar, sa mbliain 1901 – rud a chiallaíonn gur rugadh í am éigin sa mbliain 1841, agus go mbeadh cuimhne aici ar an tubaiste ba mhó a tharla in Éirinn riamh, an Gorta Mór (1845 – 50). Mhair mamó Sheosaimh go ceann i bhfad, agus ba mhinic Seosamh ag caint uirthi lena chuid mac léinn thall i Meiriceá, na suantraithe a bhíodh aici, agus na hamhráin — b’ise a thug Caoineadh na dTrí Muire dó — agus is féidir gur uaithi féin a chuala sé an seanchas faoin nGorta a scaipeadh sé ar na mic léinn agus ar na daoine eile a chuireadh ceisteanna air faoin tubaiste sin.

Mar sin féin, is féidir nach ea. Cé nach bhfuil na húdair go léir ar aon fhocal faoi, is cosúil gurb annamh a thráchtadh daoine ar an nGorta. Cad chuige a dtráchtadh? B’fhéidir gurbh fhearr gan taibhsí na mblianta sin a mhúscailt, gan ceisteanna a tharraingt faoi na seifteanna a thug daoine áirithe slán in ainneoin na mílte a fuair bás le hocras nó le tinneas, agus na mílte eile a d’imigh thar lear, daoine nach raibh de chuimhne orthu seachas sean-fhothracha a dtithe agus cairn bheaga clocha anseo agus ansiúd. Bhí an méid seo le rá ag Thomas Colville Scott, Albanach óg a tháinig go Conamara in 1853 le suirbhé a dhéanamh ar eastát na Máirtíneach[2]:

In going and returning from Roundstone, I looked at many of the rude graves in the Bogs, Quarry holes and even on the ditches, into which the unfortunate people were flung in the time of the famine of ’47. The very dogs which had lost their masters or were driven by want from their homes, became roving denizens of this district and lived on the unburied or partially buried corpses of their late owners and others, and there was no possible help for it, as all were prostrate alike, the territory so extensive, and the people so secluded and unknown. The luxurient tufts of grass and heath shew the spots where they lie…

Inniu, glactar leis gur ar mhuintir an iarthair agus an iar-dheiscirt is mó a thit uafás an Ghorta, daoine bochta a bhí ag brath go hiomlán ar an bhfata, agus nach raibh aon neart iontu nuair a tháinig an calar agus an fiabhras dubh. Scríobh dochtúir a bhí ag obair i gConamara le linn an Ghorta faoina bhfaca sé i gCarna agus i gCill Chiaráin[3]:

[There were fever], dysentery and dropsy, evidently caused by want of food… No description could give an idea of the extreme wretchedness of these people… In some houses every member of the family was ill. The same state of wretchedness and of disease is said to prevail in the islands and in the coast part of the district, which for want of roads I did not visit.

Ach má bhí mic léinn Sheosaimh fiosrach faoin nGorta, níor roinn sé orthu ach an seanchas a chuala sé óna mhuintir agus óna chomharsain agus é ag éirí aníos sna hAirde[4]. Agus séard a dúirt an seanchas nár thit an Gorta chomh trom sin ar mhuintir Chonamara ar chor ar bith. Bhí an t‑iascach acu, agus bia cladaigh, agus mar gheall air sin ní raibh siad taobh leis an bhfata go huile agus go hiomlán. Ní amháin gur mhair cuid mhaith de mhuintir Chonamara tríd an uafás ar an gcaoi seo, ach go raibh dóthain acu le bia a sholáthar do na bochtáin a tháinig isteach sa gceantar ó áiteacha eile faoin tír. De réir an tseanchais seo, thógadh muintir Chonamara tithe beaga do na daoine seo, agus thabharfaidís bia dóibh, agus chuiridís na mairbh. Dúirt Seosamh gur minic a chuala sé a mháthair ag rá, agus í ag seoladh na ngasúir amach chun na scoile, gur cheart dóibh cloch bheag a chur ar na cairn a bhí le feiceáil thart timpeall, agus paidir a rá ar son na marbh a bhí curtha futhu. Ina hintinn siúd ba iad marbháin an Ghorta Mhóir a bhí curtha faoi na cairn seo.

Má bhí na taistealaithe seo beo bocht, ní rabhadar folamh ar fad. Ceaptar, freisin, gur ó na hinimircigh seo a d’fhoghlaim muintir Chonamara cuid de na hamhráin Bhéarla atá acu.

De réir staraí agus seandálaí Michael Gibbons, áfach, ba é an chéad rud a dhéantaí in aimsir an ghanntanais ná uirlisí ceirde a dhíol le go mbeadh na daoine in ann maireachtáil go dtí an chéad fhómhar eile. Más fíor dó, díoltaí a lán bád agus eangach ag tús an Ghorta, nuair a theip ar na fataí an chéad uair. Maidir le bia an chladaigh — bairnigh agus faochain agus diúilicíní agus eile — ní raibh an oiread cothaithe iontu le corp duine a choinneáil ag imeacht, gan trácht ar an lear mór daoine a bhí amuigh dhá bpiocadh. Mar bharr ar an donas, bhí na blianta 1845 – 50 ar na blianta ba mheasa san naoú céad déag ó thaobh gálaí an gheimhridh. De bharr na drochaimsire seo, ní thaobhadh báirí na scadán an cósta mar ba ghnách dóibh sa ngeimhreadh, ach d’fhanaidís ar an domhain. Mar sin — fiú don té a mbeadh sé de mhisneach aige dul amach ar muir, don té a mbeadh bád agus eangach fágtha gan díol aige — ba chaolsheans go maródh sé iasc ar bith[5].

Maidir leis na hamhráin Bhéarla a bheith scaipthe ar mhuintir na Gaeltachta ag an am seo, smaoinigh air: cé a bhíonn ag gabháil fhoinn nuair a bhíonn sé ag fáil bháis le hocras nó le fiabhras uafásach eicínt? Nuair nach bhfuil le feiceáil thart timpeall ort ach do mhuintir agus do chomharsain ag fáil bháis? Is minic a rinneadh íontas nach bhfuil mórán ar bith amhrán againn ó aimsir an Drochshaoil — Na Prataí Dubha, agus (ó cheantar Charna féin) Johnny Seoighe — ach is é an t‑iontas é go bhfuil amhrán ar bith ann[6].

Ní mór dúinn cuimhneamh gur ó bhéal na ndaoine a d’fhulaing an Gorta — agus a tháinig slán — a fuair muid an seanchas seo. Is léir óna bhfuil foghlamtha againn ó thubaistí eile go spreagann an t‑éigean coimhlint. Caithfidh gur oibrigh a lán daoine seifteanna ar a chéile le linn an Drochshaoil — seifteanna a mbeadh drogall orthu labhairt futhu ina dhiaidh sin. Caithfear cuimhniú, leis, ar an rud a dtugtar survivor syndrome air sa mBéarla, ina mbíonn an duine cráite gur tháinig sé féin slán ó thubaiste inár cailleadh na céadta ní b’fhiúntaí — dar leis — ná é féin. Más féidir linn cuimhniú air go raibh muintir na hÉireann ar fad, nach mór, faoi leatrom ag an ngalar intinne seo, ní chuirfidh sé íontas ar bith orainn nach bhfuil mórán den fhírinne le cloisteáil i seanchas an Drochshaoil.

1850 go 1900

Má bhí na fataí ag fás arís — agus muintir Chonamara á mbaint — faoi 1850, ní raibh deireadh fós leis na tubaistí. Maidir le cúrsaí eaglasta, bhí dream Protastúnach Shasana den bharúil gur bhreithiúnas Dé a bhí sa nGorta ar Chaitlicigh na hÉireann faoi gur chloígh siad leis an Eaglais i gcónaí. Cheap an Irish Church Missions Society gur mhaith an smaoineamh é gealltanas deirce a úsáid le daoine bochta ocrasacha Chonamara a iompú ina bProtastúnaigh, agus bhí tiarnaí talún áitiúla a bhí sásta tacaíocht a thabhairt don scéim seo. D’oscail an tUrr. Alexander Dallas roinnt scoileanna do dhilleachtaí an Drochshaoil — bhí ceann acu i nDumhaigh Ithir, cupla míle siar ó theach cónaí Sheosaimh — áit a dtógfaí na gasúir bhochta ina bProtastúnaigh. Cé gur theip ar iarrachtaí Dallas sa deireadh thiar thall, spreag siad a lán achrainn sna blianta seo, nuair a bhí cúrsaí sách dona cheana féin. Amhrán a chuireann an briseadh croí seo i gcuimhne dúinn is ea Amhrán Shéamais Uí Chonchúir a cumadh le linn an Ghorta in Árainn le fear ar gealladh gabháltas talún dó as ucht dán a chumadh a mholfadh an creideamh gallda. Is é a mhalairt ar fad a rinne sé.

Ag an am céanna bhí mórán tiarnaí talún féin — na Máirtínigh ina measc — i gcruachás airgid tar éis bhlianta an Ghorta, nuair nach raibh siad in ann cíosanna a thógáil ná a gcuid fiacha féin a ghlanadh. Cuireadh cuid de na hestáit ar an margadh — pé ar bith margadh a bhí ann — agus idir an dá linn, rinne na tiarnaí talún a seaniarracht cíosanna a thógáil óna gcuid tionóntaí, sin nó a gcuid taltaí a bhánú ar fad agus na daoine a dhíbirt thar lear.

Le himeacht na mblianta, áfach, ba léir nach raibh muintir na hÉireann sásta an seanchóras talún a fhulaingt níos mó. Bhunaigh Michael Davitt Conradh na Talún i 1879; go ceann deich mbliana ina dhiaidh sin bhí Cogadh na Talún ar bun; tháinig roinnt Achtanna Talún mar thoradh ar agóidí Chonradh na Talún; agus faoi 1921 bhí réim na dtiarnaí talún briste uilig, agus dhá dtrian den tír i seilbh na ndaoine. Amhrán a tháinig ón tréimhse seo is ea The Wife of the Bold Tenant Farmer a léiríonn dlúthpháirtíocht agus dílseacht na ndaoine dá chéile in aghaidh an tseanchórais.

An imirce

Mar thoradh ar thrioblóidí na tréimhse seo, caithfear a rá go raibh an leathchéad bliain a lean an Gorta Mór chomh dona céanna leis an nGorta féin ar a lán bealaí. Ar feadh an ama seo uilig, bhí na mílte ag fágáil na tíre — dá ndeoin nó dá n‑ainneoin. Roimh an nGorta, formhór na ndaoine a théadh ar imirce ba dhaoine ó thuaisceart agus ó oirthear na hÉireann iad, daoine a raibh scileanna acu agus a chuaigh anonn go Sasana nó go hAlbain le obair a fháil. Ach i ndiaidh an Ghorta chuaigh na mílte ó iarthar agus ó iardheisceart na tíre ar imirce — daoine nach raibh tada ag go leor acu ach an Ghaeilge agus an chultúir a chuaigh léi, saibhreas nach raibh de rogha acu ach é a chaitheamh uathu a luaithe agus a shroich siad cóstaí Mheiriceá. Ach oiread leis an mbaile ba bheag an luach a bhí ar theanga ná ar chultúr na Gaeilge thall. Bhí a lán amhrán ag Seosamh — mar shampla Skibbereen, A Stór mo Chroí, O’Brien from Tipperary agus Curachaí na Trá Báine — a léirigh na dúshláin agus na contúirtí a bhí ag fanacht leis na Gaeil san Oileán Úr, agus na pianta a d’fhulaing a muintir a d’fhan in Éirinn.

Lean an imirce ar aghaidh anuas go dtí lár an fhichiú haois féin. Bhíodh nós ag mná dul go Meiriceá agus spré a chur le chéile agus filleadh abhaile le pósadh. Daoine eile a d’imigh, níor fhill siad go brách.

An fichiú haois

Rugadh Seosamh Ó hÉanaí sa mbliain 1919, le linn Chogadh na Saoirse. Caithfidh gur chuala sé caint faoin trioblóid a lean bunú Shaorstát Éireann agus é ag fás aníos. Bhí Carna féin — agus Tigh Mhongáin (Tigh Mheaic inniu) ach go háirithe — ina cheann scríbe do lucht Fhine Gael nuair a bhí saoire ag teastáil uathu nó áit phríobháideach le plé a dhéanamh ar obair an rialtais nua. Blianta ina dhiaidh seo, bhí freagra bog cúramach ag Seosamh dóibh siúd a d’iarradh air na hamhráin a léirigh fearg in aghaidh Shasana nó rebel songs a rá. Dhéanadh sé idirdhealú idir rebel agus patriot, agus ghlaodh sé patriot air féin. Cé gur léir ón mothú a chuir sé isteach in amhráin leithéid Skibbereen, John Mitchel agus The Glen of Aherlow gur thuig sé an éagóir a rinneadh ar mhuintir na hÉireann leis na cianta, bhí drogall air tinte na dTrioblóidí sa Tuaisceart a fhadú. Agus ar bhonn pearsanta, thaithnigh na Sasanaigh leis. Dúirt Seosamh le Mick Moloney i 1981[7]:

I worked in England for years and I never found a bad Englishman. I’m not saying the laws were good, but I found the English very nice people and I sang in English folk-clubs all around the country and I was treated as something authentic… I like to respect an audience; without them you wouldn’t be there.

An Ghaeilge

Le linn an Ghorta agus na dtubaistí a lean é, mheath an teanga de réir mar a cailleadh lucht a labhartha agus a díbríodh as an tír iad. Faoi dheireadh na haoise sin bhí daoine ag éirí buartha faoin meath seo; agus nuair a bunaíodh Saorstát Éireann thug an rialtas nua tacaíocht don ghluaiseacht seo agus stádas oifigiúil don Ghaeilge.

D’ainneoin a ndearnadar, áfach, níor éirigh leis na hiarrachtaí. Is léir nach aisling ab ea Éire iomlán Ghaelach a bhí furasta a bhaint amach. Bhí an iomarca den idéalachas i gceist agus gan dóthain den phraiticiúlacht mar thaca leis. In ainneoin nár baineadh amach an aisling mar sin féin, moillíodh go pointe meath na Gaeltachta. Thug an stádas oifigiúil a bhí ag an nGaeilge údar misnigh do chuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta gurbh fhiú rud éigin an teanga seo nach raibh inti ach dris chosáin orthu go dtí sin. Cháiligh a lán díobh mar mhúinteoirí le cabhair ó scoláireachtaí trí chóras na gColáistí Ullmhúcháin, deis nach mbeadh ar fáil marach an bhéim a leagadh ar an nGaeilge. Chuidigh an chosaint a bhí ag an nGaeilge le go leor daoine an teanga a fhoghlaim. Tháinig rath agus bláth ar na coláistí samhraidh dá bharr seo, agus bhí airgead le saothrú ag mná na Gaeltachta nuair a bhí cineálacha eile fostaíochta gann.

Is ar na bealaí sin a d’éirigh leis na mílte Gaeilge mhaith a fhoghlaim mar dhara teanga i rith an fhichiú haois, eachtrannaigh ina measc. Go deimhin sa lá inniu, déantar staidéar ar an Nua-Ghaeilge mar theanga labhartha i mórán Ollscoileanna thar lear chomh maith leo siúd in Éirinn. Sa lá inniu tá suas le 70,000 a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh de chomhthéacs ranganna scoile, agus tá go leor eile ann a bhfuil líofacht acu agus a úsáideann í ar bhonn ócáideach. Cé gur dóigh nach mbeadh an líon sin róshásúil ag na hAthbheochantóirí i dtús na haoise seo caite, caithfear a rá gur pobal suntasach daoine iad pobal na Gaeilge. Tá siad eagraithe agus tiomanta dá gcearta teanga, agus le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain 2003 tugadh aitheantas dá gcás.

Cúrsaí eacnamaíochta an cheantair

Is áit scoite í Iorras Aithneach, an talamh breac le carraigeacha móra, agus go dtí le gairid ní raibh an oiread sin rachmais ag na daoine ann. Mar a léirigh Séamas Mac Con Iomaire ina leabhar Cladaí Chonamara[8]:

Níl mórán de mhaoin shaolta ag an dream seo, ach ag sracadh leis an saol go hanróiteach. Ar feadh an tsamhraidh agus an fhómhair saothraíonn siad beagán ach is fearr le ghabháil é an chuid eile den bhliain. Drochdhlíthe agus tíorántach, a bhí á n‑imirt orthu leis na céadta bliain, a d’fhág go dona iad. Maidir le cíos is cáin, níorbh fhiú trácht orthu ar ghualainn na ndrochghníomhartha eile. Bánaíodh an áit tráth, dála mar a rinneadh le go leor áiteacha eile ar fud na hÉireann. Díbríodh na daoine amach as a gcuid gabháltas agus leagadh a gcuid tithe. D’fhulaing siad a lán píonós agus céasadh ó bháillí an tiarna agus ó bhuíon na ngróití iarainn, a bhfuil lorg a láimhe le feiceáil go soiléir go fóill; seanbhallaí loma uaigneacha a bhfuil an t‑eidheann agus an caonach ag fás taobh amuigh, agus neantóga taobh istigh…

Le linn do Sheosamh a bheith sa mbaile i 1979, labhair sé le Maidhc P. Ó Conaola ar Raidió na Gaeltachta[9]:

Bhíodh [m’athair] ag déanamh lá iascaigh agus ag déanamh lá oibre do dhaoine agus ag cur cupla iomaire talún. Sin an méid. Diabhal mórán a bhí ann. Ní mórán iascach a rinne sé, ach an méid a rinne sé bhí sé handáilte le cúnamh a thabhairt… Nuair a bhí mise ag éirí suas i gCarna — ní mé féin amháin ach daoine a chuaigh chun na scoile in éindí liom — nuair a bhí muide ag dul chun na scoile ní raibh luach bróg ná tada againn. Théadh muid ann cosnochtaithe, samhradh agus geimhreadh agus fómhar. Agus tar éis na scoile, b’fhéidir go gcaithfeadh muid a ghabháil ag obair do dhuine eicínt le cupla pingin a fháil leis an teach a choinneáil. Mar atá a fhios agat féin, bhí na daoine bocht agus ní raibh raidió ná tada ag mórán daoine… Ní raibh praghas ar thada. Bhí na daoine ina sclábhaithe. Dosaen gliomach, gheobhfá coróin air, trí cinn déag. Buíochas le Dia, tá siad alright anois, ach an t‑am sin ní raibh tada ann. Tá mé ag caint — suas go dtí 1930 agus ina dhiaidh, agus suas go dtí 1945 — ní raibh mórán ann.

Thug an fonnadóir iomráiteach Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, a tógadh sa mbaile céanna le Seosamh Ó hÉanaí, cur síos do Liam Mac Con Iomaire ar obair thraidisiúnta na bliana[10]:

Bhí am áirithe den bhliain leagtha síos le chuile rud a dhéanamh. Bhaintí an fheamainn le haghaidh na bhfataí ar chupla rabharta i mí Eanáir agus i mí Feabhra. Scartaí ar na hiomairí í agus thosaídís ag cur na bhfataí sa Márta. Bhíodh scealláin nó fataí síl le gearradh agus le scaradh ar na hiomairí, agus na ‘logáin’ a bhíodh fágtha [an chuid den fhata nach mbíonn súil ann], d’ití iad nó thugtaí do na beithigh iad. Feamainn agus diuáin a chuirtí i gcónaí ar na fataí sna bólaí seo, agus ní hiondúil go gcuirtí aoileach ar bith orthu, mar a dhéantar i gceantair eile i gConamara. Bhíodh carn aoiligh ag chuile theach, ar ndóigh, ach choinnítí an t‑aoileach sna bailte seo le haghaidh na nglasraí — turnapaí, meaingil, oinniúin agus meacain — nó chuirtí ina mhúirín ar na garranta féir é.

Chuirtí an t‑uafás fataí ag an am, mar is orthu is mó a bhí na daoine ag brath, agus ba mhinic breac úr nó breac saillte mar anlann leo. Bhíodh triúr nó ceathrar ag cur fhataí ar feadh a ceathair nó a cúig de sheachtainí, lena chinntiú go mbeadh dóthain fataí sa teach do dhuine agus do bheithíoch go haimsir bhaint na bhfataí sa bhfómhar. Nuair a thosaíodh na barranna ag briseadh na talún bhíodar le lánú, agus ina dhiaidh sin le spraeáil in aghaidh an dúchain. An áit a mbíodh na fataí anuraidh bhíodh sé curtha faoi choirce i mbliana. Theastaigh an coirce le haghaidh na gcearc agus le haghaidh an chapaill, agus theastaigh an tuí le díon a choinneáil ar na tithe cónaithe agus ar na sciobóil. Tithe ceann tuí is mó a bhí ann fós an t‑am sin, cé is moite de na tithe ceann slinne a thóg Bord na gCeantar Cúng anseo agus ansiúd[11]. Cé go raibh deireadh tagtha le buailteachas, sheoltaí na beithigh amach ar an gCnoc Buí sa samhradh fós le seans a thabhairt do na móinéir fás.

Amach sa mBealtaine a bhaintí an mhóin, agus bhíodh sí le cur abhaile thart ar Lá Fhéile Ciarán, an naoú lá de Mheán Fómhair. Le carranna capaill nó le hasail agus cléibh a chuirtí an mhóin abhaile, rud a d’fhág go rabhthas in ann í a thabhairt go tóin an tí; ní raibh na tarracóirí ná na leoraithe ar an bhfód fós. Bhí asal is cléibh i mórán chuile theach ar an mbaile agus capall is carr anseo agus ansiúd. Nuair a bhí an féar agus an coirce cruachta san iothlainn, an dúchán móna ag binn an tí agus na fataí bainte, d’fhéadfá a rá go raibh deireadh le príomhobair na bliana. Ach bhí obair de chineál éigin le déanamh i gcónaí, agus níor fágadh gasúir díomhaoin. Bhí ba le bleán, laonta le beathú, gabháil fhéir le tarraingt do na beithígh, sciobóil le cartadh agus beithígh le seoladh agus le fosaíocht. B’éigean dúnadh ar na cearca san oíche agus iad a choinneáil ón doras sa ló, a chuid a thabhairt don mhada agus sásar bainne don chat, agus míle rud fánach eile, gan trácht ar chor ar bith ar uisce a thabhairt ón tobar agus gnáthobair an tí.

Chuir Jill Linzee, iarchéimí in Ollscoil Washington, Seattle, agallamh ar Sheosamh Ó hÉanaí inar léirigh sé saol a bhaile agus na seifteanna a bhíodh ag a athair agus a mháthair leis an teach a choinneáil. Le linn óige Sheosaimh, d’fhágadh a athair obair na talún ag na mic is sine agus chaitheadh sé féin tréimhsí fada ag obair in Albain. Chomh maith le cúramaí clainne agus gnáthobair an tí, shaothraíodh máthair Sheosaimh beagán ar phacáil carraigín i mboscaí a dhíoltaí i siopaí ar fud na tíre. Bhíodh cúnamh le fáil ó na gasúir roimh dul chun na scoile dóibh ar maidin agus arís tráthnóna, ní amháin sa mbaile ach i dtithe na gcomharsan dá mbeadh gá leis.

Chomh maith le hobair na feirme, bhíodh an t‑iascach tábhachtach dóibh siúd a raibh curach acu. Ag caint le Esther Warkov agus Cynthia Thiessen i 1978, d’inis Seosamh mar a sheoltaí amach é le potaí gliomaigh a thógáil; agus faoi na heangacha éagsúla a bhíodh acu le haghaidh cineálach éagsúla éisc — scadán, ronnach, mangach; agus an chiall a bhíodh le léamh sna patrúin a bhí fite go cúramach i ngeansaithe na mbádóirí.

D’ainneoin na hoibre seo uilig, bhí an t‑airgead gann. Bhí na cúpla scilling a thiocfadh ó ghaolta i Meiriceá, nó ó dhuine muinteartha a raibh aois an phinsin saoraithe aige, ag teastáil go géar leis an teach a choinneáil agus a raibh uathu a cheannacht do na gasúir. Agus nuair a d’fhágaidís an scoil, ní bhíodh i ndán do na gasúir chéanna go minic ach an imirce — sealadach nó buan.

Ba mhinic a thug Seosamh Ó hÉanaí cur síos ar an mbaile dá chuid mac léinn thall i Meiriceá — daoine nach raibh tuairim ag mórán acu faoin saol anróiteach seo; agus is minic gur le scéal Sweeney agus The Rocks of Bawn a chuireadh sé tús lena chuntas.

Carna agus Iorras Aithneach inniu

De réir a chéile, d’fheabhsaigh an saol agus tá muintir an cheantair seo i bhfad níos fearr as anois. Cé go bhfuil na carraigeacha ann go fóill, ní gá do na daoine a gcuid fataí féin a chur, gan trácht ar choirce. Tá beithígh, caiple, asail agus caoirigh le feiceáil fós, cé go mbítear ag clamhsán faoi phraghasanna ísle i gcónaí; agus ó tháinig na tarracóirí agus na leoraithe tá na caiple agus na hasail díomhaoin. Tá margadh na ngliomach sa bhFrainc na laethanta seo, agus tá mótair faoi na curraigh. Tarraingníonn rásaí húicéirí na Gaillimhe na mílte turasóirí sa samhradh. Bítear ag baint mhóna agus fhéir i gcónaí, agus is iomadh dúchán snasta móna le feiceáil ar thaobh an bhóthair nó ag binn tí.

Tá dhá shráidbhaile in Iorras Aithneach, Carna agus Cill Chiaráin, ina bhfuil sé shiopa (peitril agus meaisín dáilte airgid le fáil Tigh Dowd), sé theach tábhairne, sé bhunscoil, meánscoil amháin, dhá theach phobail, dhá ostán, dhá oifig an phoist, teach altranais, dochtúir, cógaslann, garáiste, páirc CLG, stáisiún Garda, agus níl a fhios cé mhéad tithe leaba agus bricfeasta. I gCill Chiaráin tá roinnt daoine ag obair i monarchana éisc agus feamainne. I Roisín na Mainíoch, baile fearainn taobh thoir ó shráidbhaile Charna, tá seanchlochar (d’imigh na mná rialta roinnt bliana ó shin); eastát tionsclaíoch nach bhfuil tionscal ar bith anois ann seachas oifigí FÁS. I Roisín na Mainíoch freisin atá Áras Shorcha Ní Ghuairim, áit a raibh ceardscoil lá den saol ach atá anois ag obair faoi stiúir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le cúrsaí dioplóma sa ríomhaireacht agus sa mbéaloideas a chur ar fáil do dhaoine fásta an cheantair, agus a fheidhmíonn mar larionad pobail ina mbíonn imeachtaí éagsúla á reachtáil i rith na bliana. Tá cóip de Bhailiúchán Joe Éinniú, ar a bhfuil na cartlanna seo bunaithe, lonnaithe san Áras, agus is ann a bhíonn Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí á riaradh.

Cé is moite de na poist atá le fáil i mionghnóthaí an cheantair, tá roinnt daoine ag obair sna monarchana beaga i gCill Chiaráin, agus cuireann cúram na dturasóirí obair ar fáil ar thráthanna áirithe, idir ghnáththurasóirí agus ghaeilgeoirí. In aimsir an Tíogair Cheiltigh bhíodh jabanna do thógálaithe fairsing go leor agus Poncánaigh agus daoine eile ag iarraidh tithe cónaí nó tithe saoire a thógáil i gConamara. De bharr a fhad is atá ceantar Charna ó chathair na Gaillimhe, agus nár cuireadh aon fheabhas ceart ar an mbóthar fós, ní cuid den chommuter belt go fóill é. Is é an dól an t‑aon teacht isteach ag mórán daoine, faraor.

Idir 1911 agus 1981 — gar go maith don tréimhse a raibh Seosamh Ó hÉanaí beo — léiríonn fianaise an Daonáirimh gur thit an daonra in Iorras Aithneach ó 3,519 go dtí 2,086 — is é sin, ísliú ceathracha faoin gcéad. Faoi 2005, thit sé go dtí 1,813 — ísliú ocht faoin gcéad go leith eile. Le céad bliain anuas, tá nach mór leath de phobal an cheantair seo imithe as. Dá réir sin, thit líon na ngasúr atá ag freastal ar bhunscoileanna an cheantair 49 faoin gcéad — ó 333 go dtí 171 — idir na blianta 1990 agus 2005.

Oidhreacht chultúrtha Charna

D’ainneoin an ghanntanais i maoin an tsaoil, tá cliú agus cáil bainte amach ag muintir Charna as ucht shaibhreas a cuid traidisiúin béil. Bhí an tOllamh Séamas Ó Duilearga, duine de bhunaitheoirí Choimisiúin Bhéaloideas Éireann[12], den tuairim nach raibh traidisúin bhéil an cheantair seo le sárú in iarthar na Eorpa. Ó thríochaidí na fichiú haoise ar aghaidh isteach sna seascaidí, bhailigh an Coimisiún lear mór scéalta, amhrán agus seanchais ó mhuintir na háite seo, daoine nár tháinig mórán athraithe ar shlí a mbeatha leis na céadta bliain.

Sa gcéad leath den aois seo caite, meastar go raibh suas le dhá scór scéalaí beo sa gceantar, fir a raibh na sean-scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill acu agus é ar a gcumas iad a inseacht, chomh maith le scéalta gearra grinn agus scéalta morálta[13]. Chomh maith leis na scéalaí bhí na seanchaithe ann, staraithe áitiúla a d’fhéadfadh scéal a insint faoin bhliain a cailleadh long Spáinneach faoi Cheann an Mhása, nó faoi fheillbhearta Thadhg na Buile Uí Fhlaitheartaigh, nó faoi eachtraí na smuigléirí faoi chósta lúbach Iorras Aithnigh. Bhí scéalta ag na mná faoin slua sí a bhíodh ag faire na faille le leanbh a ghoideadh, agus bhí na seanphaidreacha agus scéalta cráifeacha ar eolas acu.

Maidir le hamhráin, tá an cliú tuillte agus rí-thuillte ag pobal Charna. Formhór na mbuaiteoirí a thug leo Corn Uí Riada ariamh, b’fhonnadóirí ón bparóiste seo iad. Is iomaí file áitiúil a chum véarsaí greannmhara ag magadh faoi eachtraí na gcomharsan; agus mar a fuair Seosamh féin amach, is féidir le cuid de na hamhráin seo daoine a chur in adharca a chéile go fóill[14]. Bhíodh lúibíní á rá ag mná agus iad ag baint carraigín nó ag cárdáil olla nó — mar a léirigh Seosamh agus é ag caint le Esther Warkov i Seattle i 1978 — ag níochán éadach ar bhruach locha. Tá amhráin i nGaeilge a théann a dtéamaí siar go dtí na meanaoiseanna; tá amhráin ghrá ina mbíonn téamaí an amour courtois beo i gcónaí; amhráin faoi ghaiscíocht na nGael ar muir agus ar tír; amhráin chráifeacha a léiríonn an neart a bhí i gcreideamh na ndaoine; agus, ar ndóigh, na hamhráin mhóra bhrónacha a chuireann anró na ndaoine i láthair — an éagóir, an imirce, an bás — agus a léiríonn a ndearcadh ar chruatan an tsaoil sin. Chomh maith leis na hamhráin Ghaeilge, ar ndóigh, bhí an-tóir ar bhailéidí an Bhéarla in Iorras Aithneach, agus bhí stór mór acu sin ag athair Sheosaimh, Pádraig Ó hÉighnigh.

Seo í an oidhreacht shaibhir a tháinig anuas chuig Seosamh Ó hÉanaí agus lucht a linne, oidhreacht atá á cíoradh sna cartlanna seo.

Nótaí bhun leathanaigh

1. Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche, Cló Iar-Chonnachta (2007), 27 – 8.

2. Thomas Colville Scott, Conamara After the Famine, ed. Tim Robinson (Dublin, 1995), 10.

3. Kathleen Villiers-Tuthill, Patient Endurance: The Great Famine in Conamara (Dublin, 1977), 90.

4. I 1945, le cuimheachán céad bliain a dhéanamh ar an nGorta Mór, thug Coimisiún Bhéaloideas Éireann faoi suirbhé a dhéanamh ar mhuintir na tíre ar fad le seanchas a bhailiú. Ar dhuine acu siúd a d’fhreagair na ceisteanna bhí Colm Ó Caodháin, col seisear Sheosaimh, a bhfuil a mhionchuntas i dtaisce ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na Ollscoile Bhaile Átha Cliath (CBÉ 1009:72 87). Tacaíonn cuntas Choilm le seanchas Sheosaimh. Agus an t‑alt seo á scríobh, bhí Ríonach uí Ógáin, Stiúrthóir an Chnuasaigh, ag cur eagair ar ar thug Colm Ó Caodháin do Shéamas Ennis agus do bhailitheoirí eile an Choimisiúin, idir cheol, sheanchas agus amhráin, ar thug sé 212 do Ennis sna 1940í.

5. Nocht Michael Gibbons a chuid tuairimí i gcomhrá leis an údar.

6. Tá cuntas Sheosaimh Uí Éanaí ar an Drochshaoil scrúdaithe ag Lillis Ó Laoire agus Sean Williams ina n‑alt ‘Singing the Famine: Joe Heaney, Johnny Seoighe and the Poetics of Performance’ in A. Clune, Dear Far-Voiced Veteran: Essays in Honour of Tom Munnelly (Miltown Malbay 2007), 229 – 47.

7. Mac Con Iomaire, Op. cit., 362.

8. Baile Átha Cliath (1938), 2 – 5.

9. Mac Con Iomaire, Op. cit., 62.

10. Ibid., 83 – 4.

11. Le rún an bhochtanais a laghdú agus an imirce a ísliú, thacaigh an BCC (1891 – 1923) le tógáil monarchan agus céibheanna agus oibreacha poiblí eile, agus thóg sé roinnt tithe ceann slinne i gceantar Charna, ina measc siúd an teach inár tógadh Seosamh Ó hÉanaí.

12. Inniu tá an méid a bhailigh an Coimisiúin i dtaisce ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

13. Mairéad Nic Dhonnchadha, ‘Seáirse Siar Carna — mar a bhí’, Conamara: Journal of the Clifden and Conamara Heritage Group, 2/1 (1995). Ba dheirfiúr í údar an ailt seo don fhonnadóir Johnny Joe Pheaitsín ‘ac Dhonncha as an Aird Thiar.

14. D’inis Seosamh dá mhac léinn James Cowdery go raibh áiféal air gur lig sé d’amhrán a dúirt sé, Is measa liom Bródach Uí Ghaora, dul ar fadcheirnín, mar bhí daoine sa mbaile a thóg mar mhasla orthu féin é. Is féidir gur cúram den tsort seo a mhíníonn cén fáth nár dhúirt Seosamh an t‑amhrán Johnny Seoige go poiblí ariamh.