An amhránaíocht dhúchasach in Iarthar na hÉireann

Le Virginia Blankenhorn

Seosamh Ó hÉanaí agus an ballad boom

Nuair a d’fhill Seosamh ar Éirinn i 1961, bhí athbheochan an cheoil traidisiúnta faoi lán tseoil. I Meiriceá, bhí na Clancy Brothers agus Tommy Makem in ard a réime, gniomhaire agus conradh taifeadta faighte acu. Sa mbaile i nÉirinn, bhí ag éirí go geal le Seán Ó Riada agus le Ceoltóirí Chualann. Thug na forbairtí seo misneach do cheoltóirí eile in Éirinn: thosaigh Ronnie Drew ar ghrúpa ceoltóirí a tharraingt le chéile — na Dubliners; agus tháinig grúpaí eile chun cinn freisin — na Wolfe Tones, na Johnstons, agus Sweeney’s Men agus a leithéid sna 1960í, agus ollghrúpaí Planxty, an Bothy Band, na Chieftains agus grúpaí nach iad sna 1970í. Bhain na grúpaí seo uilig an-úsáid as uirlisí ceoil — an giotár agus an bainseó i dtosach — le rithim láidir an cheoil a bhunú. Amhráin mhalla bhrónacha fiú, ní bhíodh aon leisc ar dhaoine tionlacan giotáir a chur leo.

Is deacair dúinn cuimhneamh anois gur rud nua amach agus amach ab ea é seo. Roimhe sin, ceoltóirí aonaracha a sheinneadh ceol damhsa den chuid is mó, sin nó bannaí céilí ina mbíodh gach ceoltóir ag seinm an fhoinn chéanna cuid mhaith le tacaíocht rithimiúil ó phianó agus drumaí. Ní bhíodh amhránaithe traidisiúnta i gcomhluadar ceoltóirí ar stáitse ar chor ar bith. An cineál ceoil a bhí á fhorbairt ag an am seo, an comhcheol armónach á sheinm ag grúpa ceoltóirí agus fonnadóirí le chéile, ba rud réabhlóideach ar fad é.

B’fhonnadóir ar an sean-nós traidisiúnta a bhí i Seosamh Ó hÉanaí. Cé go raibh sé an-chairdiúil leis na Clancys agus na Dubliners (agus bhí an-chion acusan air), níor thaitin a gcuid geaitsí (nó gimmicks mar a thug sé orthu) leis a beag ná mór, go háirithe an úsáid a bhain siad as an ngiotár. (Bhí cúis leis an drochmheas a bhí aige ar an ngiotár, mar a fheicfeas muid ar ball.) Cheap sé go raibh na ceoltóirí óga ag casadh i bhfad rósciobtha. Labhair sé go cumhach faoin mBallinakill Ceilí Band agus an ceol breá a bhíodh ann ina am féin. Le scéal fada a dhéanamh gearr, ba é tuairim Sheosaimh é go raibh nósanna nua na ngrúpaí seo ag cur thraidisiún an cheoil agus na hamhránaíochta i nÉirinn i mbaol. Cheap sé gurbh é a dhualgas féin é an traidisiún a chosaint, agus a chinntiú go mbronnfaí ar an traidisiún sin an meas a bhí tuillte aige in onóir dóibh siúd a chruthaigh é, a mhúnlaigh é, agus a choinnigh beo é, d’ainneoin ar fhulaing siad de chruatan an tsaoil.

Ciall dhá chruthú

Le breathnú siar, ní hiontas ar bith é nár éirigh le Seosamh sa mballad boom i mBaile Átha Cliath. Fiú agus é ag gabháil amhráin Bhéarla, bhí an stíl amhránaíochta a bhí aige — stíl fhíneáilte ornáideach gan tionlacan — ró-éagsúil óna raibh daoine ag súil leis ag an am sin.

Teastaíonn lucht éisteachta faoi leith d’amhráin ar an sean-nós. Sa saol traidisiúnta bhí cleachtadh ag daoine ar an amhránaíocht mar cheann de phríomhmhodhanna an chaithimh aimsire. Bhí eolas maith acu ar an stór amhrán agus iad ar a dteanga ag riar mhaith den phobal. Lucht éisteachta eolach, foighdeach a bhí iontu. Chuaigh samhlaíocht agus ionraiceas na n‑amhrán i bhfeidhm ar an lucht éisteachta dá réir. Bhí daoine sásta éisteacht le stíl chasta neamhchoitianta agus le filíocht a bhfuil téamaí na staire fite tríthe i bhfocail shaibhre mhíne. Bhí ar chumas an éisteora Ghaeltachta, nó an té a raibh an Ghaeilge líofa aige agus taithí aige ar an amhránaíocht, an t‑amhrán a chomhchruthú ina aigne féin ionas go dtabharfadh sé leis brí agus ciall agus breáthacht an scéil. Dar ndóigh bhíodh a leithéid sin de lucht éisteachta eolach ag Seosamh sa mbaile, lucht éisteachta a raibh na hamhráin Ghaeilge acu ó dhúchas, daoine a raibh dul na filíochta ina gcluasa agus ina n‑intinn acu — agus, leis an fhírinne a rá, daoine a raibh a ngnáthchaint féin chomh saibhir le filíocht ar a lán dóigheanna. Dar le Seosamh, agus le go leor eile, gur mhaolaigh tionlacan ar bith an t‑ómós a bhí ag dul don amhrán agus don amhránaí, agus gur fhág an bhéim rialta rithimiúil nach raibh san amhrán ach rud éadtrom nár ghá mórán airde a thabhairt air.

Ach is deacair an t‑atmaisféar ceart a chruthú i halla mór glórach agus daoine gan mórán Gaeilge ná foighne ag a bhformhór sa tóir ar na bailéidí Béarla. Mar a dúirt Seosamh le Proinsias Mac Aonghusa, Na seanamhráin, níl siad ceaptha le hiad a chasadh ar stáitse. Tá siad ceaptha le hiad a chasadh i dteach tíre nó ar an leibhéal céanna leis na daoine atá ag éisteacht…[1]. Níos deacra fós, ba i dteanga nár thuig mórán dá lucht éisteachta a bhí Seosamh ag gabháil fhoinn go minic.

Céard é an sean-nós?

Le blianta beaga anuas is léir go bhfuil tionchar nach beag fágtha ag stíl amhránaíochta Chonamara — stíl a tugtar ‘an sean-nós’ go hiondúil uirthi — ar fhonnadóireacht na hÉirinn fré chéile, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Ach céard é ‘an sean-nós’ seo go bunúsach?

Is téarma é ‘sean-nós’ a tháinig chun cinn le linn athbheochan Oireachtas na Gaeilge, nuair a cuireadh tús le comórtais amhránaíochta mar chuid den fhéile. Bhí lucht an Oireachtais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an amhránaíocht dhúchasach (an ‘sean-nós’) agus an cineál amhránaíochta a gcloisfí thart timpeall ar an bpianó i seomraí suite na meán-aicme (an ‘nós nua’, cheapfá). Riamh ó shin, tá an téarma ‘sean-nós’ in úsáid le tréithe áirithe stíle a chur in iúl, mar shampla, guth an amhránaí, rithim, malartacht ceoil, agus tréithre eile nach iad — an oiread tréithre eile, i ndáiríre, nach féidir le meon duine iad a chuimsiú uilig. Inniu tá an téarma ‘sean-nós’ in úsáid go forleathan, ach ní léir go bhfuil mórán ar bith céille leis[2].

Dála mórán fonnadóirí eile dá linn féin, ní minic a d’úsáid Seosamh an téarma ‘sean-nós’[3]. Ní hiontas ar bith é seo. In iarthar Chonamara ní raibh a leithéid agus an ‘nós nua’ ann — an stíl leath-chlasaiceach mheán-aicmeach a raibh lucht an Oireachtais ag iarraidh é a chur sa dara háit agus tús áite a thabhairt don stíl dhúchasach. Ní raibh riamh ach an t‑aon chineál amhránaíochta i gConamara, amhránaíocht ar tháinig a tréithe anuas ón seandream agus a bhí ar shean-eolas ag muintir na háite. Níor theastaigh téarmaíocht speisialta ná tráchtais léannta ó na daoine a raibh an stíl seo acu ó dhúchas. Sa lá atá inniu ann, tá an domhan thiar — agus Gaeltachtaí na hÉireann — ilchiníoch, agus caithfear éagsúlachtaí cultúrtha a thabhairt faoi dearadh. Bíonn suim ag mórán daoine na héagsúlachtaí seo a mheas, iad a scrúdú go mion agus a chur i gcomparáid lena chéile. Ach nuair a bhí Seosamh ag éirí aníos, cé go raibh éagsúlachtaí den sórt seo ann, ba bheag tionchar a bhí acu ar chaitheamh aimsire agus ar shiamsaíocht na ndaoine.

Bhí amhrán ann fadó ‘s is fadó a bhí…

I dtaca le cúrsaí ceoil, is caomhnaitheach tír í Éire. Cé go bhfreastalaíonn na sluaite ar fhéilte ollmhóra popcheoil leithéid Oxegen chuile bhliain, is caitheamh aimsire a bhfuil rath air é an ceol traidisiúnta. Tá a lán daoine go fóill a théann amach chuile oíche Dé Sathairn sa tóir ar cheol damhsa an ochtú céad déag á chasadh ar fhidil agus ar phíob uilinn. Agus san am céanna, is fiú cuimhneamh gur rud nua-aoiseach in Éirinn iad na huirlisí seo — agus uirlisí ceoil ar bith — i gcomparáid le guth an duine.

Is rud nádúrtha don chine daonna í an amhránaíocht. Bíonn daoine ar fud an domhain ag gabháil fhoinn, agus bhí riamh. Tarraingíonn an t‑amhrán daoine le chéile, agus cuidíonn sé leo guth a chur lena gcuid mothúchán. B’shin é an tús, agus bhí an tús mar a gcéanna sa chuile áit. Ar dtús, caithfidh go raibh rud cosúil le hamhránaíocht Chonamara — amhránaíocht aonair gan tionlacan — le cloisteáil ag mórán gach cine ar dhroim an domhain.

Le himeacht aimsire, tháinig éagsúlachtaí ann. Chomh maith leis na mairbh a chaoineadh agus na gasúir a chur a chodladh, tosaíodh ar amhránaíocht a shníomh isteach le hullmhúcháin chatha, le ceiliúrtha bainse agus caithréime, agus le deasghnátha an chreidimh. I mórán áiteacha thosaigh daoine ag gabháil fhoinn in éineacht lena chéile, nó ag úsáid na hamhránaíochta mar thionlacan ar an damhsa — nó an dá rud seo le chéile.

Áit ar bith a mbíodh na hamhráin á ngabháil ag grúpa fonnadóirí, nó a mbíodh an amhránaíocht á húsáid mar thionlacan ar an damhsa, ansin bhíodh rithim láidir rialta riachtanach chun na fonnadóirí a choinneáil le chéile. Is rud nádúrtha í an rithim — cuimhnimis ar bhualadh do chroí, mar shampla, nó ar fhuaim choiscéime ar an talamh — agus is rí-dhócha gurbh iad cosa agus lámha na ndaoine a bhí mar thionlacan ar an gceol i dtosach báire. Ar an gcéad rud eile tugadh faoi dearadh go raibh fuaim ard nó iseal le fáil ó uirlis éicínt — téad dhá bhualadh, b’fhéidir — agus tosaíodh ar na fuaimeanna seo a shníomh isteach sa gceol. De réir a chéile, tosaíodh ar uirlisí ceoil a úsáid mar thionlacan ar amhránaithe, agus bhreathnaigh daoine ar an fhorbairt seo mar rud nádúrtha. Agus ós rud é go raibh na huirlisí ceoil in ann rudaí a déanamh narbh fhéidir le guth an duine a dhéanamh, tosaíodh ar ceol a chumadh i gcomhair na n‑uirlisí seo go speisialta — ceol a raibh a fhoirmeacha agus a fheidhmeannais féin leis.

Cé go bhfuil daoine áirithe den tuairim nach féidir amhránaíocht Chonamara a thuiscint i gceart gan glacadh leis go bhfuil múnlaí eachtrannacha taobh thiar dhi, is é is dóichí gur iarsma den tsean-am atá againn anseo i nÉirinn, nuair a bhí guth an duine ar an aon uirlis ceoil a bhí ann — sin nó má bhí uirlisí eile ann, nach mar thionlacan ar an nguth a d’úsáidtí iad[4]. Inniu féin glactar leis gur grúpaí éagsúla iad ‘ceoltóirí’ seachas ‘fonnadóirí,’ agus léiríonn an t‑idirdhealú seo nach mbíodh súil leis an dá rud a mheascadh, agus gur rud aonair a bhí san amhránaíocht. Ós rud é nár ghá dho fhonnadóir grúpa ceoltóirí nó fónnadóirí eile a choinneáil le chéile, níor ghá dó rithim rialta righin a choinneáil ag imeacht; ós rud é gur traidisiún aonair a bhí ann, bhí an fonnadóir in ann an ceol a mhalartú agus é ag gabháil fhoinn; agus ar an ábhar céanna níor ghá tuiníocht an cheoil a chaighdeánú, agus bhí cead ag an bhfonnadóir an tuiníocht a lúbadh dá mba mhian leis é[5].

Ní hionann struchtúr na n‑amhrán…

Más féidir rithim, ceol agus tuiníocht an amhráin a mhalartú ar do thoil, céard air ar féidir brath? Céard é an creatlach a thugann foirm agus struchtúr don amhránaíocht sa traidisiún seo? Céard a cheanglaíonn an amhránaíocht seo don talamh in aon chor?

Maidir le téamaí na filíochta agus struchtúir an cheoil, tá cuid mhaith d’amhráin Chonamara ar aon dul le seanmhúnlaí Eorpacha a théann siar go dtí na meanaoiseanna. Tá léirithe ag an Ollamh Seán Ó Tuama mar atá téamaí i gcuid mhaith de na hamhráin Ghaeilge bunaithe ar théamaí an amour courtois a thug troubadours agus trouvères na Fraince chun cinn sna meanaoiseanna — téamaí a tháinig go hÉireann leis na hAngla-Normanaigh ag deireadh an dara céad déag[6]. Maidir leis na foinn, den chuid is mó ní bhíonn iontu ach cúpla líne ceoil a chlaíonn le struchtúr ABAB, ABBA, nó AABA. Críochnaíonn an fonn agus an cheathrú filíochta ag an am céanna i gcónaí, agus nuair a thosaítear ar ag gcéad cheathrú eile, tosaítear ar an bhfonn arís. Cuid de na foinn a chloistear le hamhráin i gConamara, is foinn iad a chloistear go fóill i nÉirinn agus sa mBreatain le hamhráin Bhéarla[7].

Is í an fhilíocht féin a fheidhmíonn mar bhunsraith faoi na hamhráin seo. Is í rithim na filíochta a léirítear i rithim an cheoil, agus murach an fhilíocht ní bheadh rithim sa gceol féin[8]. Dála na n‑amhrán Béarla, séard atá i stór amhrán Chonamara ceathrúna a bhfuil a dhá nó a cheithre líne iontu. Tá idir ceithre shiolla agus ocht siolla láidir i ngach líne; tá gach líne sa gceathrú ar aon mhéid; agus cumtar gach ceathrú ar an aon phatrún[9]. Tugann an struchtúr seo patrún bunúsach rialta do chluas an éisteora, rud a fhuasclaíonn an lucht éisteachta le suim a thabhairt san ornáideachas agus sa malartú a shníomhann an t‑amhránaí thríd an cheoil, na hathruithe beaga fíneálta a léirionn a chuid mothúchán agus a nochtann a chuid ealaíne féin. Mar a chruthaíonn amhránaíocht Sheosaimh féin dúinn, caithfidh an t‑amhránaí a bheith dílis don fhilíocht i dtosach báire má tá sé le brí an amhráin a chur trasna dá lucht éisteachta.

…agus stíl na hamhránaíochta

Dóibh siúd nár tógadh le traidisiún amhránaíochta Chonamara — nó le traidisiún amhránaíochta Gaeltachta ar bith, le firinne — is minic go mbíonn níos mó ceisteanna acu faoi stíl na hamhránaíochta ná faoi struchtúr na n‑amhrán féin. Maidir le cúrsaí rithime, b’fhéidir gur éasca smaoineamh ar na hamhráin seo mar aithriseoireacht mhall ina bhfeidhmíonn an ceol le brí na bhfocal a neartú. B’fhéidir gur coincheap den sórt sin atá ina luí taobh thiar den ráiteas ‘abair amhrán.’ Ar chuma ar bith, tá gá le tuiscint ar an nasc idir an fhilíocht agus gnáthchaint na Gaeilge ag an té ar mhaith leis na hamhráin seo a fhoghlaim. Míníonn sé seo, b’fhéidir, an tuairim ag go leor daoine nach féidir le duine ar bith an stíl seo a thabhairt leis iomlán cruinn muna bhfuil sé ina chainteoir dúchais Gaeilge.

‘Buille’ agus ‘cuisle’

Má bhreathnaítear ar na hamhráin mar cineál greanta aithriseoireachta, b’fhéidir go dtuigfear rud a dúirt Seosamh go minic[10]:

In that type of singing there is no ‘beat’ — it’s only got a ‘pulse’. And the minute you put a beat to it, it’s dead. You can’t get the same feeling out of it anymore. And in sean-nós there is a very deep feeling; and without that feeling the song is lost, especially on the audience.

Ach céard a chiallaíonn an t‑idirdhealú a dhéanann Seosamh anseo idir ‘buille’ agus ‘cuisle’? Nach mar an gcéanna iad? Chuir James Cowdery an cheist sin air[11]:

JC: And by ‘pulse’ you don’t mean something regular?

JH: Something that goes evenly, more or less, you know, with no sort of loudness all the time, no sort of [buaileann sé ar an mbórd] ‘down’ all the time. It’s a thing that keeps going; and when it stops, then… whatever they’re doing is dead.

Agus aríst, le Cowdery:

A lot of the old songs were destroyed by the present ballad groups, you know… the balladeers. They’re taking good songs and they’re strumming guitars and knocking hell out of them, you know. I mean, [if] you’re going to a funeral, you should go slowly, you should be sad, but they go to a funeral… so fast you’d think they were running a race or something. You get me? Feeling — you got to have feeling in the song. Without the feeling — It all depends on the song. You’re singing a drinking song, you got to have a jolly feeling. You’re singing a sad song, you got to have a sad feeling. That’s the way it should be done. If you don’t bring that out in the song, nobody can enjoy it.

Tá dhá rud i gceist ag Seosamh anseo. Maidir le luas an cheoil, níor thaitin sé le Seosamh an chaoi a mbíodh grúpaí áirithe ag casadh amhrán ar cheart dóibh a bheith mall ró-sciobtha. San am céanna, níor thaitin leis an chaoi a mbíodh an giotár á sheinm acu le béim láidir a chur leis an gceol — béim a scriosann rithim fhínealta na cainte sa bhfilíocht .i. ‘an chuisle’[12]. Creideann Seosamh gurb é dualgas an amhránaí rithim na línte a chur trasna de réir mar a thuigeann sé brí na filíochta, agus mothúcháin an amhráin a léiriú ar an gcaoi sin. Má ghlacann muid leis gurb í rithim nádúrtha na filíochta bunús na hamhránaíochta, is féidir linn tuairim láidir Sheosamh a thuiscint gur scrios atá déanta ar na hamhráin nuair nach bhfuil an rithim sin le haireachtáil níos mó[13].

Ornáideachas

B’é an t‑ornáideachas bun agus barr na gceisteanna a cuireadh ar Sheosamh faoina stíl amhránaíochta agus é ag múineadh sna hollscoileanna thall. D’fhiafraíodh mic léinn dó cén chaoi a raibh a fhios aige cén áit ar cheart na hornáidí a chur. Bhí an-deacracht ag Seosamh leis an gceist seo — rud a léiríonn gurbh fhéidir narbh í an cheist cheart í ar chor ar bith.

Má ghlactar leis go bhfuil a leithéid agus ornáideachas ann sa stíl seo, caithfear glacadh leis chomh maith go bhfuil fonn bunúsach ann a gcuirtear na hornáidí ceoil seo leis. Mar a scríobhann Tim Robinson faoin phróiséas a leanann sé le léarscáil a tharraingt[14]:

In devising symbols for different terrains such as rocky shore, sand-dunes, craggy hillside and blanket bog, I looked for visual equivalents of their feel underfoot, the internationally standardized ornaments being unknown in practice and a priori unacceptable to me; even the term ‘ornament’, with its connotations of superficiality and redundancy, was quite inappropriate for these textures that were to be the very substance and ground of the drawing.

Níor ghnách do Sheosamh smaoineamh ar a stíl amhránaíochta ar an gcaoi seo, go dtí gur leag a chuid macléinn an riachtanas air[15]. An traidisiún amhránaíochta a fuair Seosamh óna dhúchas, ba rud a bhí ann ina iomlán, rud orgánach, agus ní raibh sé de nós aige é a bhriseadh ina chodanna agus mionanailís a dhéanamh air. Ba dheacair aige fiú an ceol a scarúint ó na focail agus é ag caint faoi amhrán, ós rud é go mbraitheann struchtúr an cheoil ar chruth an téacs. In agallamh a chuir sí ar Sheosamh i 1978, chuir Esther Warkov ceist air:

[EW:] When you learn a song, do you learn the ornaments with it, or do you learn the song straight and then just — ?

[JH:] First of all you got to learn the song and develop your own style. I mean, as the saying goes, you’ve got to walk before you can run. The main thing is to learn the song, and what the song is all about. That’s the main thing. And then, develop your own style in doing it. And then there’s nobody living can tell anybody where to put the grace-notes in a song — you just do it yourself. It takes years.

[EW:] But a pattern kind of has developed over the years, that makes…

[JH:] Oh, yeah, You develop your own style, and do it, but it takes years and years of doing it…

[EW:] …The slower songs, then, would be more highly ornamented than the faster songs.

[JH:] Oh, yes, much more. Much more. Much more… Yeah, well, see, the point is that the ornamentation came from, you see, that the people wanted to hold onto this particular line. They didn’t want to let it go; they wanted to hold onto it as long as they could. Every [sic] different lines in a song are different, sung differently to other lines in a song. Some verses tells of the tragedy, and other verses tells why did it happen, and they vary.

Is suntasach an mhaise do Sheosamh é nach ndíríonn sé anseo ar an gceist ‘cén chaoi?’ ach ar an gceist ‘cén fáth?’ Agus is é an freagra a thugann sé ar an gceist sin gurb éard atá san ornáideachas ná bealach inar féidir leis an bhfonnadóir a chuid mothúchán féin i dtaobh na filíochta a chur in iúl don lucht éisteachta. Ba mhinic a leag Seosamh béim ar thábhacht an bhreachnaithe san amhránaíocht, sa gcaoi agus go mbeadh athruithe beaga ag teacht i bhfeidhm ó líne go líne, ó cheathrú go ceathrú, agus ó léiriú amháin den amhrán go dtí an chéad léiriú eile, de réir mar a d’fheil don ócáid agus ba léir don amhránaí féin. Do Sheosamh, séard atá san ‘ornáideachas’ — an malartú ceoil seo — ná dóigh le bunbhrí an amhráin a chur i bhfeidhm ar aigne an éisteora.

Léiríonn freagraí Sheosaimh ar cheisteanna faoin ornáideachas an dearcadh a bhí aige ar an amhránaíocht fré chéile. In agallamh eile, d’fhiafraigh Esther do Sheosamh cén chaoi a mbeadh a fhios aige an raibh ag éirí leis amhrán áirithe a rá go maith:

[JH:] I judge it by the way I feel. Now, ‘Do I feel this, or don’t I?’ That’s the question I ask myself all the time. ‘Do I feel this song? Do I put myself in the man’s name that this particular song was written about? Am I suffering the labours he did? Can I go through that, and have that picture before me?’ If I can’t follow that man — the journey he took, whether he was in bondage or slavery — I don’t follow the song and I don’t do it justice. And I know I don’t, if I don’t do that…

[EW:] So in the process of developing your style, the main emphasis was on how well you could really picture the whole…

[JH:] How well I could live the song. It’s like drawing a picture. If you don’t have the blueprint for what you’re doing, you see, you’ll never never get anywhere…

[EW:] When you were learning or working on a song, would you ever take one line out of the song and sing that over and over, or —

[JH:] No.

[EW:] — straight from the beginning to the end.

[JH:] No, no, no, no, no. You’ve got to do the whole… The first important thing about a song is, know the story, what the story’s all about. And that’s very, very important. And then, you’re doing the song the same as if you were telling the story. Each line varies, but you’ve got to put them all together so they’ll make sense. I mean, it’s no use trying to get one line, because one line follows the other, and it’s before another line, so they’ve got to knit into one another.

[EW:] That’s interesting. You never took out one little part to practice it. Straight through.

[JH:] It’s got to be. That’s the way it’s got to be.

Tá an t‑agallamh seo suimiúil ní hamháin ó thaobh an eolais a thugann Seosamh dúinn ar an modh cleachta a bhí aige — an cheist a chuir Warkov air — ach ó thaobh an léiriú atá ann ar an gcaoi ar chuimhnigh Seosamh ar amhrán agus é dhá ghabháil. Chuir an béaloideasaí Donald Archie Mac Donald ó Sgoil Eolais na hAlba ceist ar roinnt scéalaithe as Gaeltacht na hAlban faoin dóigh ar chuimhnigh siad ar scéal fada agus é dhá insint acu[16]. Is é an freagra a fuair sé, gur bhreathnaigh siad ar charachtair an scéil, faoi mar a bheadh scannán ann, agus de réir mar a chonaic siad céard a bhí na carachtair seo a dhéanamh bhí siad in ann cur síos a dhéanamh ar na heachtraí seo don lucht éisteachta. Mar an gcéanna, is cosúil go gcaithfeadh Seosamh Ó hÉanaí é féin a chur in áit an duine a bhfuil a dhearcadh á léiriú san amhrán; agus nuair a deir sé go gcaithfidh sé an pictiúr a bheith aige os a chomhair amach, cheapfá go bhfuil an rud céanna i gceist aige féin agus a bhí ag na scéalaithe Albanacha.

Tá alt scríofa ag an Ollamh Sean Williams, iar-mhac léinn de chuid Sheosaimh in Ollscoil Washington, agus bean a bhí páirteach sa tionscnamh seo, ina ndéanann sí anailís ar ornáideachas in amhránaíocht Sheosaimh. I gcás na n‑amhrán Gaeilge, deir sí gur ar shiollaí neamhaiceanta a thiteann na hornáidí den chuid is mó[17]. B’iarracht an-mhaith aici é léiriú teicniúil praiticiúil a chur ar fáil dúinn; agus b’fhéidir gur fíor di maidir le hornáidí an cheoil. Ach céard faoin malartú rithimiúil, nó faoin éiginnteacht tuiníochta, nó an síneadh amach a dhéantar ar nótaí áirithe, nó na hathruithe beaga tempo, agus na cleachtaí eile a bhí ag fonnadóirí le mothúcháin agus le brí an amhráin a chur i bhfeidhm ar an lucht éisteachta? B’fhéidir nach mbeadh ceist seo an ornáideachais ina hábhar pléite ag Seosamh ar chor ar bith, murach na ceisteanna a chuireadh lucht léinn air; ach má tá muid chun an cheist seo a scrúdú, caithfear í a scrúdú ina hiomláine.

Tionchar an acadaimh

Ach muna raibh ceist an ornáideachais bunúsach dá chuid smaointeoireachta féin faoin amhránaíocht, bhí suim ag Seosamh i gceisteanna den sórt seo i gcónaí. Sa mbrollach a scríobh sí do The Road from Conamara, bhí an méid seo le rá ag Peggy Seeger faoin tsuim a bhí ag Seosamh i gceird na fonnadóireachta agus an tuiscint a bhí aige uirthi:

Shortly before Joe left for the USA [Ewan Mac Coll and I] invited him to stay for several weeks so that we could record him in depth. He would sit, glass or teacup in hand, and sing, talk, tell stories and jokes for hours… It was at these sessions that I began to really appreciate the intellectual status of the man, how purposeful and planned was his singing, how careful was his choice of repertoire, pitch, pace and decoration. He had learned from the masters and knew that he was a master himself… [He] really enjoyed having a chance to talk about the craft of singing as opposed to just singing the songs.

Blianta ina dhiaidh sin bhí an rud céanna tugtha faoi deara ag Steve Coleman[18]:

We called what Joe was teaching ‘sean-nós‘, but he himself didn’t use that term very often. I wrote about… the learned understanding that he had of the music around him. I think he was learning the whole time, from the time he was in England with Ewan Mac Coll, looking for anything that would help him gain a greater understanding of what he had.

Phioc Seosamh cuid mhaith téarmaíochta óna chomhoibrithe agus ó lucht léinn, agus úsáideann sé téarmai leithéid grace-notes agus é ag caint faoin ornáideachas, nó macaronic agus é ag caint faoi One morning in June, nó broken-token songs agus é ag cur síos ar The Lady in her Father’s Garden. Chomh maith le samplaí den tsórt sin, chuir sé píosaí cainte de ghlanmheabhair ina gcuireadh sé síos ar an drone agus an nyaah — téarmaí a tháinig amach ón gcaint a rinne sé le Ewan Mac Coll i 1963 – 4.

Forbairt stíle

Is mhór an pribhléid éisteacht leis na taifeadtaí a rinne Seosamh ón uair a chas sé ar Shéamas Ennis ag Oireachtas 1942 go dtí go gairid roimh a bhás i 1984, agus an fhorbairt a rinne sé ar a stíl amhránaíochta in imeacht na mblianta a leanúint dá réir. Is fiú comparáid a dhéanamh, cuir i gcás, idir an taifeadadh a rinne Séamus Ennis d’Amhrán Rinn Mhaoile agus an taifeadadh den amhrán céanna a rinneadh i gcomhair an cheirnín Ghael-Linn, Sraith 2: Ó Mo Dhúchas. Cé gur deacair na miondifríochtaí stíle a ainmniú, is féidir a rá go bhfuil glór Iorras Aithneach le cloisteáil níos soiléire ó Sheosamh sa gcéad cheann acu seo, .i. glór a chomharsan Dara Bán Sheáin Choilm agus glór Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Rinne an t‑amhránaí Peadar Ó Ceannabháin, a bhfuil mionstaidéar déanta aige ar amhránaíocht Sheosaimh, cur síos suimiúil ar an ábhar seo seo agus é ag caint le Liam Mac Con Iomaire[19]:

Nuair a bhíodh Joe ag gabháil fhoinn i dtosach bhí sé cineál garbh. Bhí glór an-bhreá aige, an-láidir! Ach ó chuaigh sé go Meiriceá, leis an taisteal agus chuile shórt, chuir sé níos mó slachta agus snas ar a chuid fonnadóireachta. Leis an taisteal uilig a rinne sé, idir Bhaile Átha Cliath, Albain, Sasana, agus ansin Meiriceá, sílim go ndeachaigh an méid a chonaic sé agus a chuala sé i gcion air, i bhfios nó i ngan fhios dó.

Bhí an stíl a bhí aige i dtosach níos simplí, sílim. Bhí sé níos cosúla leis an seandream thiar, níos cosúla le Dara Bán agus le Michael Mháire an Ghabha. Bhí sé i bhfad níos cosúla leo sin. Agus ansin, le dhul i gcion ar lucht éisteachta, is dóigh, nuair a d’fheiceadh sé daoine eile ag dul i gcion ar lucht éisteachta, thosaigh sé ag déanamh rudaí eile freisin. Nuair a théann tú ar stáitse, is cur i láthair eile atá i gceist agus bheadh sé sin pioctha suas aige. Cheapfainn go mbeadh sé ag iarraidh níos mó a chur isteach ann. Agus amanta mhoillíodh sé an t‑amhrán ag a dheireadh, agus bhíodh níos mó ornáidíochta aige. Sílim, aisteach go leor, go raibh a ghlór ag éirí níos binne.

Cé gur tharla cuid de na hathruithe seo, is dócha, i ngan fhios do Sheosamh, bhí dhá rud ar a laghad a rinne sé d’aonturas agus é ag iarraidh dul i gcion ar an lucht éisteachta. An rud a ba shuntasaí — rud a thug Peadar Ó Ceannabháin faoi deara agus é ag caint le Liam Mac Con Iomaire — go moillíodh Seosamh amhrán sa líne deireanach, le cur in iúl don lucht éisteachta go raibh an t‑amhrán thart. Agus an darna rud a dhéanadh sé, an chéad cheathrú d’amhrán a ath-rá ag an deireadh, rud a dhéanadh mórán fonnadóirí na hathbheochana. Ní bhaineann ceachtar den dá rud seo le hamhránaíocht dhúchasach Chonamara mar a thuigtear go hiondúil í[20]. Mar a mhínigh Seosamh do Jim Cowdery:

[JH:] I used to do this, you know, but just in case they’d think I was mad here if I did it… The sean-nós singer always speaks, you speak the last few words of the song, you know.

[JC:] I’ve heard that on some…

[JH:] They do it in Conamara, but — I’d like to do it, you know.

[JC:] Do they always do that?

[JH:] Always. I’d do it here, but they might think I was crazy or something.

An saol ag athrú

Le céad bliain anuas, tá saol traidisiúnta na Gaeltachta athruithe go mór. In ionad na siamsa cois tine a bhíodh ann nuair a bhí Seosamh Ó hÉanaí ag fás aníos, is iad an raidió agus an teilifís atá mar chaitheamh aimsire ag muintir Iorras Aithneach inniu. De bharr na bóithre a bheith níos fearr, téann daoine amach go rialta. Le linn an Tíogair Cheiltigh tháinig a lán daoine abhaile ó thíortha thar lear, agus tógadh a lán tithe, idir thithe cónaithe agus thithe saoire. Bhí an Béarla i dtuaisceart Chonamara ó aimsir an Ghorta ar aghaidh, ach tá sé ag leathadh ar fud na fíor-Ghaeltachta le glúin iomlán. Ní híontas ar bith é má tá na hathruithe seo ag cur brú ar an nGaeilge agus ar an gcultúr a bhraitheann uirthi. Na scéalaithe — iad siúd a raibh na finscéalta móra agus scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill acu — tá an chuid is mó acu ar shlí na fírinne anois. Tá an seansaol imithe agus ní thabharfar ar ais é.

Ach ag an am céanna tagann fonnadóirí breátha nua ar an bhfód chuile bhliain agus cuid acu an-díograiseach i leith na n‑amhrán. Cuireann a lán gasúr isteach ar an gcomórtas amhránaíochta a chuirtear ar bun don aos óg le linn Fhéile Joe Éinniú gach bliain, agus bíonn ard-chaighdeán le cloisteáil ann. Tá borradh faoi leith faoin damhsa ar an sean-nós le tamall de bhlianta. I gCarna, tagann Cumann Amhránaíochta Iorras Aithneach le chéile uair sa mhí in Óstán Chuan Charna, agus múchann bainisteoir an óstáin an teilifís don oíche sin. Cé go mbíonn na hoícheanta seo ciúin go leor den chuid is mó, bíonn oícheanta maithe ann i gcónaí nuair a thagann aíonna speisíalta, rud a mheallann slua níos mó chun na háite.

Ar ndóigh, bhíothas ag súil leis na hathruithe seo. Is ar an ábhar seo a cuireadh Séamus Ennis agus a leithéidí amach ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann ag bailiú amhrán agus seanchais agus finscéalta ó na seandaoine. Is ar an ábhar seo atá múinteóirí, scríobhnóirí, grúpaí agus ranna rialtais ag obair inniu leis an Ghaeilge a chothú agus a neartú.

Níos mó ná céad bliain ó shin a bhunaigh Conradh na Gaeilge an tOireachtas le misneach agus tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí na Gaeilge. Ó dheireadh na 1930í is iad na comórtais amhránaíochta is mó a tharraingíonn na sluaite chuig an Oireachtas. Le bunú an chomórtais damhsa ar an sean-nós sa mbliain 2000, tagann na sluaite daoine óga chun na féile, agus bíonn an Ghaeilge le cloisteáil go forleathan ar shráideanna cathrach ar feadh tamaill. Ceapadh — agus ceaptar fós — go spreagfaidh na comórtais suim i dtraidisiúin dhúchasacha na nGaeltachta, go háirithe i measc daoine óga. Tá an-tóir ar na comórtais seo i gcónaí, agus tá luach na nduaiseanna gaibhte in airde — nuair a bhí an t‑alt seo a scríobh, bhí €1,500 le fáil ag buaiteoir Chorn Uí Riada, príomhchomórtas na hamhránaíochta.

Ní aontaíonn chuile dhuine, áfach, gur rud maith atá sna comórtais seo. Scríobhann Ríonach uí Ógáin go raibh an fonnadóir Sorcha Ní Ghuairim an-bhuartha faoi thionchar na gcomórtas ar an traidisiún[21]:

Léiríonn ar scríobh Sorcha cé chomh corraithe, lán mothúcháin agus a bhí sí faoina dúchas, go háirithe ó thaobh na n‑amhrán de, agus ní bhíodh drogall uirthi a cuid tuairimí a nochtadh. Bhí an-imní uirthi faoin sean-nós amhránaíochta mar a cleachtadh sa nGaeltacht é a bheith ag imeacht agus ba mhór an briseadh croí é seo aici féin. Thuig sí go raibh an chontúirt ann go mbeadh na fonnadóirí ag iarraidh an pobal i gcoitinne a shásamh agus dúirt go raibh an comhoibriú intinne idir an pobal agus na fonnadóirí riachtanach. Bhí sé tugtha faoi ndeara aici go raibh na hamhráin dhá rá faoi mar a dúirt sí ‘ar an ardán’ agus is dóigh gur faoi chomórtais agus ócáidí foirmeálta eile den chineál sin a bhí sí ag caint.

In ainneoin gurb é Conradh na Gaeilge a thug aitheantas dó an chéad lá riamh mar amhránaí, bhí Seosamh Ó hÉanaí féin míshásta faoin mioscais a spreagann na comórtais mhóra. Dúirt sé le Mick Moloney[22]:

If I had anything to do with the Oireachtas myself I wouldn’t have any competition, because it breeds animosity sometimes, because you cannot give the prize to everybody. I think if they invited one or two from each Irish-speaking district and have them all in the one room doing a concert, and pay them all the same thing on the same stage, I think it would be much nicer.

Aontaíonn Peadar Ó Ceannabháin le tuairim Shorcha Ní Ghuairim go bhfuil comórtais an Oireachtais ag déanamh dochar don amhránaíocht sa nGaeltacht[23]:

Sa lá atá inniu ann tá an comórtas in ard a réime más é a theist an líon iomaitheoirí agus lucht éisteachta a bhíonn i láthair ag Corn Uí Riada ach aríst ar ais is beag é a thionchar ar an bhfonnadóireacht sna Gaeltachtaí mar go bhfuil an cheird sin ar a dé deiridh, de bhuíochas an Oireachtais, fiú sna ceantair ba láidre í, le roinnt blianta anuas. Is é nádúr an chomórtais gradam agus stádas a bhronnadh ar chúpla fonnadóir uair sa mbliain, a n‑ainmneacha a chur in airde agus ardú céime a thabhairt dóibh — is séala nó comhartha céimiúlachta é a mbua a mbainfear leas as feasta pé áit a ngabhfadh siad amhrán… Ní ar luachanna pobail ná ar role an amhránaí sa bpobal atá aird an chomórtais, go deimhin is é a mhalairt a shantaíonn sé mar gur teannas agus coimhlint a chothaíonn agus a spreagann sé: coimhlint idir amhránaithe, idir phobail agus idir chúigí. Is mó a shamhlaímse an tOireachtas le craobh ceannais na hÉireann sna cluichí gaelacha ná le féile ealaíne. Bítear ag caint ar an gcorn a bheith gaibhte ó thuaidh, nó siar nó ó dheas, é a bheith gnóite uair nó dhó ag iomaitheoir agus é ina sprioc an tríú craobh a ghnóthachtáil.

Is é an tOireachtas seóphíosa na Gaeilge, a dúirt Uachtarán an Chonartha [i 1997] agus is é an sean-nós an tseoidín is luachmhaire den seó sin a chuirtear ar taispeánadh uair sa mbliain. Tá tábhacht áithrid le siombail má tá tathú eicínt leo ach is tábhachtaí go mor fada an bheochan ná aon athbheochan, an chruthaitheacht ná an lomaithris, agus is tábhachtaí an ceiliúradh ná an comóradh. Ní shamhlaítear aon nuaíocht ná aon chumadóireacht leis an amhránaíocht thraidisiúnta ó fuair an tOireachtas greim cúil uirthi. Tá sí sioncaithe, stalctha le blianta fada, í ina siombailín luachmhar ar ghné eicínt d’ár n‑oidhreacht agus í fágtha feasta ag lucht léinn agus ag moltóirí go strachlaí siad an phutóg aisti.

Is mór… an fuirseadh a bhíonn ar roinnt d’fhonnadóirí an lae inniu — iad go minic ag caraíocht agus in áraíocht leis an amhrán, strus céadtach orthu á chur dhíobh, go leor acu ag gabháil fhoinn taobh amuigh dá mbéal agus an-bhéim acu ar ghuaim agus ar theilgean láidir gutha go háithrid i láthair moltóra. In áit an tsuaimhnis agus an staidéir arbh iad comharthaí sóirt na seannfhonnadóirí iad is í an imní agus an mhí-shocracht atá le brath go láidir ar ghabháil na n‑amhrán le blianta beaga anuas… Chothaítí an t‑atmaisféar ab fheiliúnaí don amhránaí sa nGaeltacht, atmaisféar tacaíoch, muinteartha, tuisceanach. Is é a mhalairt a dhéanann an comórtas mar go gcruthaíonn sé an t‑atmaisféar is namhaidí, is tútaí agus is teannasaí don amhránaí, é scoite go haonarach ar stáitse is gan aon ghéilliúlacht éisteachta le fáil ach criticiúlacht foirme agus stíle. Ní amhránaíocht a bhíonn i gceist anseo ach scrúdú nó tástáil ar neart agus ar ghuaim an iomaitheora…

Thosaigh mé an aiste seo ag cur síos ar chomórtas agus ní miste tagairt arís don chomórtas céanna. Is galar é an comórtas — galar tóigeálach, ainsealach, ar deacair é a chloí. Tá an domhan thiar foircthe leis an tsíorchoimhlint agus leis an gcomhrac is má tá slánú ar bith i ndán do dhaonnacht an duine caithfidh gné eicínt dá shaol, an ghné spioradálta nó ealaíonta, a bheith saor ar an gcoimhlint, ar an ábharachas, agus ar an anailís thomhaiste scagúil a chalcann is a dhreonn aon choipeadh cruthaitheachta in anam an duine. Is ealaín thaithíoch chéadfaíoch í an amhránaíocht thraidisiúnta arb í an fhonnadóireacht bheo an chuid is luachmhaire di mar a síobann an t‑amhránaí a chomhluadar éisteachta ar an ala ó thrácht an tsaoil agus tugann spléachadh aithinneach ar ár ndúchas sinseartha. Is balsam inniu í do phobal scáinte na Gaeilge a chuireann bealadh ar ghad an phobail sin lena dhúchas ceart. Is íocshláinte anama í don té a bhlaiseann go croíúil di agus a dhéanann síor-athnuachan uirthi de réir a nádúir féin[24].

Caithfidh gurb é an rud is measa faoi chultúr seo an chomórtais go ndíríonn sé ní ar an amhrán ach ar an amhránaí. In ionad ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas an phobail, stór amhrán ar cuireadh leis ó ghlún go glún, amhráin a bhfuil údair leo, amhráin ar chaith ár sínsear oícheanta fada geimhridh ag caint agus ag comhrá futhu, amhráin gur cuma cé a dúirt iad ach iad a bheith ráite ag duine eicínt — ina ionad sin díríonn an comórtas ar na miondifríochtaí idir amhránaithe éagsúla agus déanann sé media star den té a bhfuil glór taitneamhach, cur i láthair cumasach agus cúpla amhrán de ghlanmheabhair aige.

Bhí Seosamh Ó hÉanaí den tuairim gurb é príomhluach na seanamhrán gur thug siad guth don phobal, bealach le stair agus fulaingt an phobail sin a chur in iúl agus a choinneáil i gcuimhne. Shíl sé gur thábhachtaí i bhfad an t‑amhrán ná an t‑amhránaí. Má bhí tú ag gabháil fhoinn bhí tú ag glacadh páirte i saol an phobail, bhí an saol sin á neartú agus á dhaingniú agat dá bharr, agus ba cheart go mbeadh daoine sásta éisteacht a thabhairt duit. Dúirt Josie Sheáin Jeaic faoi Sheosamh[25]:

[F]ear é a bhí in ann an t‑amhrán a chur trasna ar dhaoine. Chaithfeá éisteacht leis. Mura n‑éistfeá ní bheadh Joe róshásta, tá a fhios ag an saol é sin! Bhí an-mheas aige ar na hamhráin, pé ar bith cé a bheadh á chasadh. Ní hé féin amháin ar cheart éisteacht leis.

Tar éis a bháis, rinne cara Sheosaimh, Lucy Simpson, iarracht ar chúpla focal a chur síos a léireodh cé chomh tábhachtach agus a bhí cairdeas Sheosaimh di féin. Is léir óna ndúirt sí go raibh an-tuiscint aici ar Sheosamh, go raibh ard-mheas aici air mar ealaíontóir agus grá don duine a bhí ann[26]:

I have tried countless times since Joe died to come to an understanding of what knowing him meant to me. The songs and stories were only part of it. Some people say it was the voice, the singing skill, the respect for the songs, his love of the ‘old ways,’ his integrity, etc. I treasure them all, but there was still something beyond all those things. I think that what I shared with him was some common feeling, maybe unconscious on both our parts, about why we do this, why we learn songs and sing them for and with other people.

At heart, it’s not about performing or preserving the tunes and texts. It’s about preserving the kind of contact that takes place through the songs and stories, between people when they simply open their mouths and sing, without rehearsal, songbooks, props, costumes, arrangements. I’ve heard people say that he didn’t like to see people using instrumental accompaniments with the old songs; that he disapproved of altering lyrics, or that he was critical of some performers for other reasons, but I saw him make many exceptions to those ‘rules’ he seemed to have.

I think he instinctively recognized people who know, consciously or not, that real folk music is not about being a good singer or entertainer, having a good memory, or never changing a word. I think the songs and stories were for him a link to some ancient way of being together on this earth, connecting person to person in a most simple, universal way, directly, with a ‘naked’ song or story. There was something very earthy and rooted about him.

Ba dhuine ann féin a bhí i Seosamh Ó hÉanaí. ba ghabhlánach a chumann le daoine eile; agus ba ghabhlánaí fós a chumann le hÉirinn féin. Ach bhí glésholas ar leith sa ngifte a bhí aige, bua na fonnadóireachta a lig dó teagmháil a dhéanamh caol díreach le croí duine eile, agus a thugann fianaise dúinn ní amháin ar a dhaonnacht seisean, ach ar ár ndaonnacht féin.

Nótaí bun leathanaigh

1. Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche. Cló Iar-Chonnachta (2007), 110.

2. Tá liosta de na critéir uilig maraon le achoimre gearr ar stair agus ar fhorbairt an téarma ‘sean-nós’ ag Anthony Mc Cann, ‘Sean-Nós Singing: A Bluffer’s Guide’ i The Living Tradition (Meitheamh/Iuil 1998), http://www.folkmusic.net/htmfiles/inart378.htm. Féach Tomás Ó Canainn, Traditional Music in Ireland (1978), 49 – 80, freisin.

3. Ba é tuairim an amhránaí Sorcha Ní Ghuairim nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith. Cuireadh siompóisiam i láthair ag Oireachtas 1943 ina ndearnadh plé ar an gceist seo; féach Róisín Nic Dhonncha, ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin,’ i Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil (eag.), Bliainiris 2004, 57 – 71.

4. Ina shraith scannán Atlantean, léiríonn Bob Quinn a dhearcadh go bhfuil ceangal idir amhránaíocht ornáideach Chonamara agus amhránaíocht na mBerber i dtuaisceart na hAifrice, ós rud é go raibh ceangal cumarsáide idir iarthar na hÉireann agus ciníocha na Meánmhara fadó; féach >http://conamara.org/.

5. Tá an tuiníocht lúbach seo suntasach, dar liom, in amhránaíocht Iorras Aithneach. Má tá fianaise ag teastáil uait   agus má tá nodaireacht an cheoil ar eolas agat   déan iarracht ar leagan Sheosaimh d’An Sceilpín DroighneachThe Yellow Silk Handkerchief a scríobh síos. Scríobh na ceathrúnaí uilig go bhfeice tú na hathruithe a déanann sé ó cheathrú go ceathrú.

6. Seán Ó Tuama, An Grá in Amhráin na nDaoine, Baile Átha Cliath (1960).

7. Mar shampla, cuir leagan Sheosaimh d’An Tiarna Randal i gcomparáid leis an amhrán The Star of the County Down (ar fáil ar You Tube). Ar ndóigh, tá foinn Chonamara nach bhfuil le cloisteáil in aon áit eile, agus is dócha gur i gConamara féin a cumadh iad.

8. Mar a léirítear ag fleadhanna agus feiseanna ceoil chuile bhliain, is deacair do cheoltóirí foinn mhalla a chasadh i gceart muna bhfuil rithim na filíochta ina n‑aigne acu.

9. Tá eisceachtaí ann — féach Eileanóir na Rún — ach níl mórán acu ann. Tá cur síos cuimsítheach ar mheadarachtaí agus ar struchtúr na filíochta Gaeilge le fáil ag V. S. Blankenhorn, Irish Song-Craft and Metrical Practice Since 1600 Lampeter and Lewiston, NY (2003).

10. As agallamh a rinne Seosamh i San Francisco leis an iriseoir Éireannach Frank Ahern i 1983 don chlár teilifíse áitiúl Irish Magazine.

11. UW 850105. Taifeadta ag James Cowdery, Wesleyan University, Middletown, CT, SAM, idir 1979 agus 1981.

12. Is dócha gur óna úsáid mar mhéadranóm a fhréamhaigh an drochmheas a bhí ag Seosamh ar an ngiotár, mar a phléitear anseo. Ach b’fhéidir go bhfuil taobh eile don scéal ann chomh maith. Dúirt Seosamh lena chara Gerry Shannon, I don’t like guitars accompanying me because I don’t know who is accompanying who! They could be trying to be following me and I’d be trying to follow them! (Mac Con Iomaire, Op. cit., 250). B’fhíor do Sheosamh, mar a léiríonn an sampla suntasach seo a thaifead Ewan Mac Coll do chlár raidió a rinne sé don BBC, The Travelling People, a craoladh go luath sna 1960í.

13. Is fiú comparáid a dhéanamh idir stíl amhránaíocht Sheosaimh agus stíl a chara Geordie Mc Intyre san amhrán Mrs Mc Grath a thaifead Mc Intyre i dteach cónaí Sheosaimh i gClydebank sna 1960í. Cé nach cosúil go gcuirfeadh Seosamh stíl mhall ornáideach ar an amhrán seo in am ar bith, tabhair faoi deara gur éasca i bhfad do chos a bhualadh agus Geordie Mc Intyre ag gabháil fhoinn.

14. Setting Foot on the Shores of Conamara and Other Writings (Baile Átha Cliath, 1996), 76 – 7.

15. Is deacair fonn bunúsach a aimsiú de chuid mhaith amhrán ar chaoi ar bith, cuir i gcás Dónal ÓgAn raibh tú ag an gcarraig?Úna Bhán.

16. D. A. Mac Donald, ‘A Visual Memory,’ Scottish Studies 22 (1978), 1 – 26; agus ‘Some Aspects of a Visual and Verbal Memory in Gaelic Storytelling,’ Arv: Scandinavian Yearbook of Folklore 37 (1981), 117 – 24.

17. ‘Melodic ornamentation in the Conamara sean-nós singing of Joe Heaney,’ New Hibernia Review (Spring 2004), 122 – 45.

18. Mac Con Iomaire, Op. cit., 389.

19. Mac Con Iomaire, Op. cit., 176.

20. Tá an dá thréithe seo le cloisteáil ar an taifeadh de Dónal Óg a rinne Seosamh do Ghael-Linn ar an darna ceirnín dá chuid, Sraith 2: Ó Mo Dhúchas.

21. Sorcha: Amhráin Shorcha Ní Ghuairim, Comhairle Bhéaloideas Éireann / Gael-Linn (2002), 5.

22. Mac Con Iomaire, Op. cit., 463.

23. ‘An Sean-Nós: Caithréim Chráite nó Íocshláinte Anama?’ in Áine Ní Chonghaile (eag.), Deile: Iris Mhuintir Chonamara i mBaile Átha Cliath (1998), 15 – 21.

24. Ní thagann an fhianaise atá ag Lillis Ó Laoire faoin amhránaíocht i dToraigh le tuairim Uí Cheannabháin ar fad. Léiríonn an Laoireach go raibh comórtas agus argóint go leor idir amhránaithe sa bpobal sin. Má baineadh amach tost agus tacaíocht ó am go ham, b’éigean é sin a eagrú go cúramach. Bhí cáineadh géar le fáil ag daoine nár bhain amach na caighdeáin a raibh súil leo; cf. Ó Laoire, Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002), 103 – 08, 114 – 16.

25. Mac Con Iomaire, Op. cit., 226.

26. Ibid., 407 – 8.