Seosamh Ó hÉanaí — 1919 go 1984

Le Virginia Blankenhorn

Seosamh agus a mhuintir

Rugadh Seosamh Ó hÉanai (nó ‘Éinniú’) ar an 15ú Deireadh Fómhair san Aird Thoir, baile fearainn tuairim is ceithre mhíle taobh thiar de shráidbhaile Charna. Bhí Seosamh ar an gcúigiú duine de sheachtar clainne a rugadh do Phádraig Ó hÉighnigh agus Béib [Bairbre] Sheáin Mhichíl Ní Mhaoilchiaráin.

B’as Glinnsce do Phádraig Ó hÉighnigh (1881 – 1937), áit a raibh clú agus cáil bainte amach ag muintir Éighnigh mar fhonnadóirí agus mar sheanchaithe. Ba chol cúigir do Phádraig Ó hÉighnigh é Colm Ó Caodháin (1894 – 1975) a thug 212 amhrán — idir Ghaeilge agus Bhéarla — agus a lán ceoil agus seanchais do Shéamas Ennis agus do bhailitheoirí eile de chuid Choimisiúin Bhéaloideas Éireann sna 1940í. Bhí Seosamh an-bhródúil as a chol seisir Colm, agus bhí an-mheas aige ar a chuid amhrán.

B’iníon í Béib Sheáin Mhichíl do Seán Mhichíl Shéamais Ó Maoilchiaráin agus Bairbre Ní Chathasaigh[1]. Bhí bua na scéalaíochta ag muintir Bhéib. Scéalta beaga grinn a thaithnigh lena hathair, Seán Mhichíl Shéamais — an scéilín seo faoi lacha a bhí aige féin, mar shampla. Ba chuimhin le Josie Sheáin Jeaic é blianta ina dhiaidh sin[2]:

[Dúirt sé go raibh] lacha aige, agus gur bhain trap francach an gob di, agus go ndeachaigh sé ag gaibhneacht agus gur chuir sé gob tin uirthi. Ach níorbh shin tada: cuireadh síos ál, agus nuair a tháinig na lachain óga amach bhí gob tin ar chuile cheann acu!

Bhí deartháir ag Seán Mhichíl, Colm Mhichíl Shéamais, ar thaithnigh leis cleasannaí a imirt, mar shampla, nuair a chuir sé séideog faoi Sheosamh gaineamh a chaitheamh le súile na n‑iomaitheoirí eile chun rás coise a bhuachan. Ach ba é deartháir eile fós, Pat Mór Mhichíl Shéamais, ar cuireadh ina leith gurb é an scéalaí a b’fhearr é dár rugadh ariamh sna bólaí sin. B’iad na finscéalta fada agus na scéalta Fiannaíochta a bhí aige siúd. Fuair Pat Mór bás go hóg, sular rugadh Seosamh, ach bhí cáil bainte amach ag muintir Uí Mhaoilchiaráin gur scéalaithe agus seanchaithe den scoth iad.

Nuair a pósadh í, bhí Béib Sheáin Mhichíl ina cónaí lena máthair i dteach a muintire san Aird Thoir. Ar feadh píosa roimh an bpósadh choinnigh máthair Béib síbín sa teach, ach d’éirigh sí as seo nuair a tháinig Pádraig Ó hÉighnigh isteach ann. Bhí seachtar cloinne ar Phádraig agus ar Bhéib — ceathrar mac agus triúr iníon; bhí Seosamh ar an gcúigiú duine acu seo[3].

Amhránaíocht agus scéalaíocht san Aird

Agus bua na scéalaíochta aige ar thaobh a mháthar agus bua na hamhránaíochta ar thaobh a athar, níl dabht ar bith gur rugadh agus gur tógadh Seosamh Ó hÉanaí san áit cheart. Agus bhí an timpeallacht chomh saibhir céanna. San Aird Thoir agus san Aird Thiar — gan trácht ar an gceantar fré cheile — bhí daoine a raibh dlúth agus inneach an traidisiúin iontu:

  • Seachas a athar féin, bá é Sean Choilm Mac Donnchadha, comharsa bhéil dorais Phádraig Uí Éighnigh, a d’fhág an rian ba mhó ar Sheosamh agus ar a chuid amhránaíochta. Mar a dúirt Seosamh le Mick Moloney i 1981, nuair a bhí sé ag éirí aníos: …all around, you could hear the man next door, Seán Choilm Mac Donnchadha. He had twelve or thirteen children, but after work every night he’d go out and sit on a big rock and start singing at the top of his voice, and the whole neighborhood could hear him singing. Bhí mac le Seán Choilm, Dara Bán Mac Donnchadha (1936 – 2007) ar dhuine de na fonnadóirí a b’fhearr dá ghlúin; is éard a dúirt Seosamh le Tom Clancy faoi Dhara Bán: This man is better than myself[4].
  • Joe Pheaitsín ‘ac Dhonncha, athair an amhránaí cáiliúil Johnny Joe Pheaitsín (Seán ‘ac Dhonncha, 1919 – 1996), a bhí ina chara mór le Seosamh ar feadh a shaoil. Bhí tigh Joe Pheaitsín san Aird Thiar, agus bhí bua na hamhránaíochta aige féin agus ag athair a chéile, seanathair Johnny ar thaobh a mháthar. Bhí Seán ‘ac Dhonncha agus Seosamh Ó hÉanaí ar na chéad fhonnadóirí as Conamara ar chuir Gael-Linn ceirníní dá gcuid ar díol in Éirinn.
  • Bhí cónaí ar Sheán Jeaic Mac Donncha (1904 – 1986) san Aird Thiar freisin; bhuaigh a mhac Josie Sheáin Jeaic Corn Uí Riada i 1978 agus arís i 1982, agus bhí deartháir Josie, Johnny Sheáin Jeaic — a bádh go traigóideach i 2009 — ina sharfhonnadóir chomh maith. Bhí Seosamh Ó hÉanai den bharúil gurb é Seán Jeaic an fonnadóir fir a b’fhearr dár chuala sé ariamh; bhuaigh an bheirt acu comortaisí Oireachtais le chéile sna 1940í nuair a dúirt siad amhráin oibre dá gcumadóireacht féin.
  • Bhí tigh Bheairtle Uí Chonghaile, scéalaí agus fonnadóir, cóngarach go maith do thigh Sheáin Jeaic san Aird Thiar. Bhuaigh Beairtle, a fuair bás i 1971, duaiseanna Oireachtais sa scéalaíocht agus san amhránaíocht araon sa mbliain chéanna; agus tá mac leis, Eddie Bheairtle Ó Conghaile, sagart pobail Thír an Fhia, ag coinneáil na dtraidisiún sin beo go fóill.
  • Bhí tigh Mháire an Ghabha, Bean Uí Cheannabháin (1905 – 1999), san Aird Thoir. Bhí mac léi, Michael Mháire an Ghabha (1936 – 2005), ina fhonnadóir cáiliúil; agus tá bua na fonnadóireachta tugtha slán ag beirt dá chlann, Caitríona agus Pól. Bhí stór mór amhrán agus paidreacha ag Máire an Ghabha a d’fhoghlaim sí óna seanmháthair ar thaobh a máthar, Máire Ní Ghríofa, agus óna máthair féin, Neainín Mháire Ní Ghríofa, Bean Mhic Giolla Máirtín. Dúirt Seosamh Ó hÉanaí gur óna sheanmháthair féin agus ó Neainín Mháire Ní Ghríofa a d’fhoghlaim sé na hamhráin mhóra chráifeacha a bhí aige, Oíche Nollag, Amhrán na Páise agus Caoineadh na Páise nó — mar is fearr aithne anois air — Caoineadh na dTrí Muire.

Is deacair dúinne tuiscint cé chomh fada as láthair a bhí bailte fearainn Iar-Chonnacht sa chéad leath den fhichiú haois. Na príomhbhóithre siar ó chathair na Gaillimhe, bhí siad go dona — níl siad thar moladh beirte inniu féin — agus maidir leis na bóithríní isteach sna mbailte fearainn, ní raibh iontu ach cosáin gharbha. D’inis Seán Sheáin Choilm Mac Donnchadha dom, atá ina chónaí i dteach a mhuintire tar éis blianta a chaitheamh ag obair i Sasana, gurbh éigean dóibh ábhar tógála don teach nua a thabhairt isteach don Aird Thoir le caiple agus le hasail nuair a tógadh é sna 1950í, mar ní raibh bóithrín na Airde feiliúnach do leoraithe go fóill.

Fiú raidió ní raibh ag mórán daoine seachas an sagart paróiste agus an máistir scoile, mar bhí siad ro-chostasach. Mar adúirt Seosamh le Mick Moloney, There was no radio or anything to distract you from listening to what the people were saying… There was always a song or two in our house every night, and a story or something like that[5]. I ndáiríre, teach mór airneáin a bhí i dtigh Éinniú san Aird Thoir, rud a thug faill mhór do Sheosamh titim faoi dhraíocht ag na seanamhrán agus na scéalta a bhíodh le cloisteáil thart ar a thinteán féin. D’inis Seosamh do Shéamas Ennis ar Raidió Éireann[6]:

D’fhéadfá a rá go raibh mé á n‑ól as an mbuidéal sa gcliabhán. Bhíodar agam ó bhí mé sa gcliabhán. Chuala mé á rá iad timpeall na tine oíche agus lá, amuigh sa ngarraí ag fosaíocht na mbeithíoch, nó amuigh ar an bhfarraige ag iascach, nó áit ar bith a ndeachaigh mé. B’éigean dom iad a bheith agam. Bhí m’athair ina thogha amhránaí, agus bhí Colm Ó Caodháin, go ndéana Dia grásta air, col [seisir] dom, ar dhuine de na daoine is mó i gConamara a raibh amhráin aige. Bhí fear eile ansin, Seán Choilm a thugadh muid air, agus níor stop Seán riamh. Tar éis lá oibre thosaíodh sé ag gabháil fhoinn. Théadh sé amach ar an aill agus shíneadh sé siar ag gabháil fhoinn go dtí an dó dhéag san oíche.

Bhí Eddie Bheairtle Ó Conghaile den tuairim gurb é Seán Choilm an duine is mó a bhfuair Seosamh na hamhráin Ghaeilge uaidh, mar bhíodh sé istigh tigh Éinniú chomh minic sin[7]:

Bhíodh Seán Choilm isteach is amach tigh Éinniú, b’fhéidir trí huaire sa ló, agus chaith sé mórán chuile oíche istigh ag cuartaíocht ann. Bhí go leor amhrán aige agus ní raibh aon chall amhrán a iarraidh air; bhíodh sé ag gabháil fhoinn gan iarraidh ar bith. Nuair a bhíodh braon ólta aige choinníodh sé ag gabháil fhoinn i gcónaí. Bhí Joe ag éisteacht leis na hamhráin sin agus d’fhoghlaim sé na hamhráin sin. Tá mé ag ceapadh nach raibh aon chall do Joe iad a scríobh síos. An t‑am sin, ní raibh aon duine ag scríobh tada agus b’fhéidir gur tharla sé go minic go raibh focla na véarsaí anonn is anall mar gheall ar an gcaoi ar tógadh ó bhéal go béal iad. Ach d’fhoghlaim sé go leor de na hamhráin mar sin.

Bíodh gur chaitheamh aimsire a bhí sna hamhráin, ní hé sin an t‑aon tábhácht a bhí leo. Mar a deir Liam Mac Con Iomaire[8]:

D’úsáid daoine a gcuid fonn agus a gcuid amhrán le deá-ghiúmar agus ardú meanman a chur orthu féin, agus bhí port maith feadaíola nó stéibh d’amhrán in ann scaipeadh a chur ar ghruaim agus an croí a ardú. Ba ionann a bheith ag gabháil fhoinn agus a bheith gan imní, fiú más amhrán brónach a bhí á ghabháil.

Agus bhí Eddie Bheairtle den tuairim chéanna:

Is beag an rud a thugadh tógáil croí dóibh le go dtosóidís ag gabháil fhoinn; b’féidir scéala maith a chloisteáil nó nuaíocht mhaith. Nó mura mbeadh ann ach an lá breá, chuirfeadh sé chun foinn iad, bhí an croí chomh haerach sin acu. Ní raibh uatha ach spraoi agus greann agus amhráin agus ceol. Ach bhí an ceol seo ina gcnámha agus chaithfeadh sé teacht amach.

Maraon le carraigeacha na farraige, ba chuid de dhúchas na háite iad na scéalta agus na hamhráin. Pictiúir a bhí iontu do mheon na ndaoine, agus léiriú ar an dóigh gur bhraith siad ar a chéile. Pé ar bith difríochtaí a bhíodh eatarthu, mhínigh Seosamh go dtarraingítí lámh chúnta do chomharsa gan cheist gan iarraidh. Ba é an domhain uilig é an baile beag fearainn seo, agus oidhreacht iomlán a sínsir a bhí sna hamhráin agus sna scéalta.

Leis na hathruithe sóisialta agus eacnamaíochta a tháinig sa darna leath den fhichiú haois, go háirithe feabhsú na mbóithre agus an fhorbairt a rinneadh ar na meáin cumarsáide, thosaigh imeachtaí náisiúnta ag dul i bhfeidhm níos mó ar mhuintir na Gaeltachta, agus bhí aird na ndaoine níos mó ná riamh ar an saol taobh amuigh den cheantar. Bhí raidió agus gramafóin le fáil sna tithe, rud a thug deis do mhuintir na háite éisteacht le cláracha Raidió Éireann nó le ceirníní a sheoltaí abhaile ó Mheiriceá. Chuir Seosamh ceist ar féin, agus é ag caint le Jill Linzee, an laghdódh an raidió a shuim féin sna sean-traidisiúin, dá mbeadh raidió sa teach agus é ag fás aníos:

Of course, now, maybe — if there was other things, if there was radio, maybe, or something — maybe that would divert me off it. I’m not saying it would — right now, I’d say it wouldn’t, but maybe it would, I don’t know. Because I know the people growing up today, you see, is singing the old songs and telling the old stories, and they all have radios. But they’re… singing the old songs and telling the old stories as usual.

De réir mar a tháinig feabhas ar na bóithre, tháinig níos mó carrannaí isteach san áit, agus bhí fonn ar dhaoine dul amach in áit fanacht istigh cois tine chuile oíche. Ach nuair a theastaigh uathu amhrán a rá nó scéal a insint taobh amuigh den teach, bhí deacrachtaí ann. Ní chuile thábhairneoir — i gCarna féin fiú — a chuir fáilte roimh an bhfonnadóireacht[9]. Tuigtear dóibh: teastaíonn éisteacht ón amhránaí, rud a fhágann nach mbíonn daoine ag dul chuig an mbeár chomh minic sin. Chomh maith leis seo, bhí dream ann nach raibh suim dá laghad acu sa nGaeilge ná san sean-nós amhránaíochta. D’inis Seosamh do Mhick Moloney go bhfaca sé daoine ag maslú a gcomharsana agus a gcairde gaoil[10]:

These people were often told, when they sang one of these songs outside their native place, Go back to the bog and sing that; we don’t want that kind of a song here.

Faoin am seo tá na laethanta i bhfad imithe nuair a bhíodh fonnadóir in ann amhrán a scaoileadh amach i dteach tábhairne agus éisteacht a fháil – rud a bhí coitíanta go maith tigh O’Donoghue i mBaile Átha Cliath sna 1960í agus ’70í. Agus ós rud é go bhfuil raidió agus teilifís sa chuile theach, agus go bhfuil daoine in ann dul amach am ar bith chun castáil ar a chéile, ní sheasann na sean-traidisiúin i gceartlár an phobail a thuilleadh.

Saol Sheosaimh

Tá beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí scríofa cheana féin — agus go rí-mhaith — ag Liam Mac Con Iomaire. Ní thabharfaidh muid anseo ach cineál ‘clár-bliana’ ar shaol Sheosaimh, agus ardmholadh don té a bhfuil suim aige/aici leabhar Mhic Con Iomaire a léamh dó féin.

1924 go 1937: Oideachas

D’fhreastail Seosamh ar Scoil na hAirde, áit a raibh múinteoir as Contae Mhaigh Eo, Seán Ó Conchúir, agus a bhean chéile, Bríd Ní Fhlathartaigh, arbh as an gceantar féin di. Spreag siad na daltaí suim a chur sna traidisiúin áitiúla. Am éigin sna 1930í — i 1935, is cosúil — thug Seosamh faoi roinnt amhrán agus scéalta a scríobh amach do Choimisiún Bhéaloideas Éireann; tá siad seo i dtaisce i gcónaí ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath[11].

Nuair a d’fhág Seosamh Scoil na hAirde, chaith sé dhá bhliain i gcoláiste ullmhúcháin, Coláiste Éinde i mBaile Átha Cliath. Dá n‑éireodh leis ansin, bheadh sé de chead aige dul chuig an gcoláiste traenála agus ceird a bhaint amach mar mhúinteoir scoile. Ar an drochuair, áfach, seoladh abhaile é faoi Chaisc sa mbliain 1937 — níor dúradh leis cén fáth — agus chaill sé an seans sin.

1937: Aoine an Chéasta

Casadh sochraid le Seosamh nuair a shroich sé Carna ar a bhealach abhaile ó Choláiste Éinde. Chuir sé ceist ar dhuine éicint cé a cailleadh — agus dúradh leis gurb é a athair féin é. Ní raibh Pádraig Ó hÉighnigh ach sé bliana déag agus dhá scór nuair a cailleadh é; agus ní raibh Seosamh ach seacht mbliana déag. Is minic a labhair sé ar a athair lena chuid macléinn i Meiriceá, agus ar an stór mór amhrán a chuaigh in éag leis. Ag éisteacht le Seosamh ag rá Caoineadh na dTrí Muire — amhrán a bhí lárnach i ndeasghnátha Aoine an Chéasta san Aird Thoir — ní gá dúinn iontas a dhéanamh den mhothú atá le cloisteáil ina ghlór, ná den dóigh a gcuireadh an t‑amhrán seo a lucht éisteachta faoi dhraíocht.

1937 go 1946: sa mbaile

Chaith Seosamh blianta an chogaidh sa mbaile. Chuaigh sé féin agus a dheartháir Máirtín ag dreideáil muiríní i gCuan Chill Chiaráin ar feadh píosa; agus chaith Seosamh roinnt míonna ag baint móna i gContae na Mí. Ach an tábhacht is mó a bhain leis an tréimhse seo gur thug sé deis do Sheosamh tuiscint níos doimhne a fháil ar thraidisiúin chultúrtha Iorras Aithnigh. Cé go raibh a athair caillte, bhí a lán fonnadóirí agus seanchaithe san áit go fóill.

Ag Feis Charna i 1940 a chuaigh Seosamh ar ardán don chéad uair; agus nuair a bhuaigh sé an comórtas sin, chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus ghlac sé páirt san Oireachtas. Bhuaigh sé an tOireachtas féin dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a fuair sé an chéad duais sa gcomórtas d’fhonnadóirí fir. Sa mbliain chéanna, 1942, chas Seosamh le Séamus Ennis, fear óg as Baile Átha Cliath, a raibh post faighte aige mar bhailitheoir amhrán do Choimisiúin Bhéaloideas Éireann. Bhailigh Ennis roinnt amhrán ó Sheosamh; agus ba léir ón suim a chuir Ennis ina chuid amhrán go raibh tábhacht faoi leith ag baint leis an fhonnadóireacht seo[12]. Bhí Seosamh agus Séamus Ennis le castáil ar a chéile arís agus arís eile, go háirithe sna 1960í, sula ndeachaidh Seosamh anonn go Meiriceá.

1947 go 1965: Clydebank na hAlban

Tar éis an chogaidh, dhírigh Seosamh agus na mílte Éireannach eile ar Shasana, áit a raibh neart oibre le fáil. I 1947 chuaigh Seosamh go Clydebank, taobh amuigh de Glasgow, áit a mbíodh a athair agus a bheirt driothár, Micheál agus Máirtín, ag obair roimhe. Fuair sé lóistín le Seán Ó Conghaile, fear as Caladh Mhuínse; agus am éigin i ndeireadh na 1940í phós Seosamh agus Mary Connolly, iníon an tí, agus i gceann na haimsire rugadh ceathrar clainne dóibh. Ar an drochuair, áfach, tháinig deireadh leis an bpósadh, agus i 1951 d’imigh Seosamh leis go Sasana ar thóir oibre. Cé go mbíodh sé ag teacht is ag imeacht ar feadh blianta beaga, níor thaobhaigh sé an teach go minic ina dhiaidh sin. Cailleadh Mary le pliúraisí sa mbliain 1966. Chuaigh na gasúir faoi chúram a seanmáthar agus deirfiúracha Mhary. Níor lean aon teagmháil idir Seosamh agus a chlann ina dhiaidh sin.

Is léir go raibh náire agus aiféala ar Sheosamh de bharr ar tharla[13]. B’annamh a labhraíodh sé ar a phósadh, agus ní fhreagródh sé aon cheisteanna faoina shaol pearsanta. Blianta ina dhiaidh sin agus é ag cur amhrán grá i láthair do lucht éisteachta, déaradh sé love — whatever that is agus bhíodh searbhas le cloisteáil ina ghlór. Ba mhinic aige freisin ráiteas a chuireadh sé i mbéal a sheanmháthar: love is blind but marriage is an eye-opener. Ní féidir a bheith iomlán cinnte céard a bhí taobh thiar de na focail seo. Is rud diamhair é an pósadh.

1951 go 1965: Athbheochan an cheoil thraidisiúnta agus an ballad boom

I 1955 a heisíodh ceirnín ceannródaíoch, The Columbia World Library of Folk and Primitive Music: Ireland, inar chuir béaloideasaí agus ceoleolaí Meiriceánach Alan Lomax amhránaithe traidisiúnta den chéad scoth i láthair an phobail i gcoitinne den chéad uair ariamh. Ba é Séamus Ennis a bhí ina threoraí ag Lomax ar an turas taifeadta a thug sé ar Éirinn i 1951, agus chuir Ennis a lán amhránaithe in aithne do Lomax, daoine ar bhailigh sé féin amhráin uathu le linn dó a bheith ag obair do Chumann Bhéaloideas Éireann agus do Raidió Éireannsna 1940í. Ní raibh Seosamh Ó hÉanaí ina measc, toisc é a bheith ag obair in Albain an bhliain sin. Mar sin féin, is ábhar suntais é go raibh cuid mhór de na hamhráin a bhí ar an gceirnín seo le cloisteáil ó Sheosamh féin sna blianta a bhí le teacht, fiú cuid acu nach raibh ariamh le cloisteáil i gConamara[14]. Agus muid ag éisteacht lena chuid taifeadtaí féin, is féidir linn a bheith cinnte go ndeachaigh a raibh ar an gceirnín seo i gcion ar Sheosamh; agus seans gur thuig sé gur amhráin iad seo ar tugadh aitheantas dóibh, amhráin gur féidir leis féin a roghnú agus é i mbun fonnadóireachta taobh amuigh den Ghaeltacht.

Bhí an-tóir ar Sheosamh agus ar a chuid fonnadóireachta i dtithe ósta agus i gclubanna ceoil Shasana agus na hAlban sna 1950í agus sna 1960í — blianta móra athbheochan an cheoil thraidisiúnta ní amháin sa mBreatain ach ar fud an domhain. Cé go raibh aithne mhaith ag gaeilgeoirí Kilburn agus Camden Town ar Sheosamh, ba iad a chairde Ewan Mac Coll agus a bhean Peggy Seeger a thug aitheantas ‘oifigiúil’ do Sheosamh mar amhránaí den chéad scoth. Bhí an-tionchar ag an Singers Club, a bhunaigh Mac Coll agus Seeger i Londain, ar an athbheochan; agus bhí Seosamh Ó hÉanaí ina ‘ealaíontóir cónaitheach’ sa Singers Club ar feadh blianta — nuair a bhí sé thall i Meiriceá fiú. Ag deireadh na bliana 1963 rinne Mac Coll agus Seeger agallamh fada le Seosamh, agus tá cuid mhór de na hamhráin a chuir sé ar téip dóibh le cloisteáil fós ar an CD a heisíodh i 2000, The Road from Conamara[15]. I 1963 freisin thaifead sé roinnt amhrán do Thopic Records i Londain, agus tháinig an chéad fhadcheirnín amach ag deireadh na bliana sin — Joe Heaney: Irish Traditional Songs in Gaelic and English.

Sa mbliain 1957 agus go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin, ghlac Seosamh páirt sna hOícheanta Seanchais a reachtáil Gael-Linn i Halla an Damer i mBaile Átha Cliath. Tháinig seanchaithe, ceoltóirí, damhsóirí, scéalaithe agus fonnadóirí ó na Gaeltachtaí uilig le chéile ar stáitse a raibh radharc chistin gaeltachta leagtha amach air. Uaidh sin amach, agus Seosamh ag iarraidh a chuid amhrán agus scéalta a chur i láthair, bhí sé de nós aige cuireadh a thabhairt don lucht éisteachta an ‘siamsa tine’ seo a shamhlú — daoine ina suí thart ar an tine i gcistin sa nGaeltacht agus iad ag caint is ag comhrá, ag scéalaíocht, ag gabháil fhoinn, ag casadh ceoil agus ag damhsa go maidin.

D’éirigh go rí-mhaith leis na hOícheanta Seanchais, agus mar thoradh orthu thug lucht Ghael-Linn faoi roinnt ceirníní a eisiúnt de cheol agus d’amhránaíocht thraidisiúnta na tíre — an chéad chomhlacht Éireannach a rinne a leithéid ariamh. Ba iad Seán ‘ac Dhonncha agus Seosamh Ó hÉanaí na haon fhonnadóirí amháin as Conamara a raibh ceirníní acu sa sraith seo, agus d’fhéadfá rá go raibh an-tionchar ag na ceirníní seo ar thuiscint na hÉireann ar an sean-nós uaidh sin amach. I gConamara féin thacaigh na ceirníní seo leis an traidisiún, agus spreag siad an chéad ghlún eile — daoine ar nós Pheadair Uí Cheannabháin agus Mhichíl Uí Chuaig — chun suim a chur sna sean-amhráin agus i bhfonnadóireacht dhúchasach an cheantair.

De thoradh an tóir a bhí ar leithéid na Dubliners agus na Clancy Brothers bhí réim na mbailéidí nó an Ballad Boom faoi lán tseoil faoi 1961. Tar éis dó cáil a bhaint amach ag na hOícheanta Seanchais agus lena chuid ceirníní Ghael-Linn, shíl Seosamh go mbeadh sé chomh maith dó filleadh ar Éirinn agus iarracht a dhéanamh ar shlí bheatha a bhaint amach dó féin mar fhonnadóir.

Idir sin agus 1966, chuir Seosamh faoi i mBaile Átha Cliath. D’éirigh sé an-chairdiúil leis na Clancys, le Ronnie Drew agus le daoine eile a sheas i gceartlár an Bhallad Boom, agus phioc siad a lán amhrán suas óna chéile[16]. Tháinig Séamus Ennis, a bhí ag obair don BBC faoin tráth sin, le cur faoi i mBaile Átha Cliath ag an am seo freisin. Thar rud ar bith eile, thug na blianta seo an-deis do Sheosamh craiceann a chur ar a cheird, agus a mhisneach a chothú i hallaí móra an phríomhchathair.

Ach faoi 1965 ba shoiléir nárbh ionann an dream a thacaigh leis na hOícheanta Seanchais agus na daoine ar thaithnigh na bailéidí leo. Bhí cuid de lucht leanúna na Clancy Brothers agus na Dubliners nach raibh meas ar bith acu ar amhránaíocht dhúchasach Chonamara: bhí coirm cheoil amháin i 1964 nuair a chuir slua óltach Seosamh ón stáitse le faíreach agus le béiceach — masla a ghoill go mór air. Sna ceithre bliana ó tháinig sé abhaile, in ainneoin iarrachtaí a chairde uilig, ní raibh mórán teacht isteach le fáil aige ón amhránaíocht, agus bhí sé ag maireachtáil ar charthanacht mhuintir O’Donoghue — a sholáthair béile dó féin agus do dhaoine eile i lár an lae — agus ar chairdeas dhaoine eile a thug lóistín dó. Ba léir nach mbeadh sé in ann a bheatha a shaothrú in Éirinn choíche leis an amhránaíocht amháin.

1965: Céad turas Joe Éinniú go Meiriceá

Tháinig athrú mór ar an scéal seo in 1965, nuair a fuair Seosamh cuireadh chun páirt a ghlacadh sa Newport Folk Festival sna Stáit. Ba é Liam Clancy a reachtáil an cuireadh seo do[17]:

The Newport Folk Festival was a very eclectic kind of gathering. There were blues singers from the South Georgia Sea Islands; Pete Seeger would have been whipping up the crowd of maybe fifteen to twenty thousand people. Bob Dylan went electric that year. Joe Heaney came on the scene and I don’t think people knew what to make of him… When he got immersed in a song he became possessed by that song. And it was like he was a medium. It wasn’t an individual that was singing. It came out of everything that had gone before him. And anybody who ever watched him singing got that sense of not just the individual, but the importance of what he had come from.

D’fhan Seosamh sna Stáit go dtí mí Mheán Fómhair na bliana sin. Ghlac sé páirt sa Philadelphia Folk Festival, áit ar chas sé ar Kenneth Goldstein, ceann-roinne ar Roinn an Bhéaloidis in Ollscoil Philadelphia ar feadh fiche bliain. Thug Goldstein an-tacaíocht do Sheosamh, agus rinne sé taifeadadh ar roinnt amhrán a heisíodh deich mbliana ina dhiaidh sin ar lipéad Philo, >Come All You Gallant Irishmen.

1966 go 1976: an tOileán Úr

Ar theacht abhaile dó, bhí an-cháil bainte amach ag Seosamh. Bhí scéalta sna páipéir faoin gcaoi ar éirigh leis i Meiriceá; chuaigh sé ar thuras thrí Chontae an Chláir in éineacht le Séamus Ennis i 1966; agus chuaigh sé ar ardán go minic in éineacht leis na Clancy Brothers and Tommy Makem. D’iarr Proinsias Mac Aonghusa ar Sheosamh labhairt ar a chlár raidió Aeriris roinnt uaireanta. Ach fós bhí an deacracht ag Seosamh nach raibh sé ag maireachtáil ach ar an gannachuid. Bhí sé in am dó athrú mór a dhéanamh.

Sa mbliain 1966 a chuaigh Seosamh ar imirce go Meiriceá. Bá é a sheanchara, an scríbhneoir Joe Kennedy, a d’fhógair an scéala san Evening Herald. D’inis Seosamh dó[18]:

…[W]hen I went to the Newport Festival last year for the first time I found an audience for my songs and stories such as I have never had before. I did not like to make the decision to leave Ireland permanently but there just is not a living for me as a folk singer here.

Mar a rinne siad cheana, ba iad na Clancys a thug cabhair mhór do Sheosamh agus é ag socrú síos thall. Dhíol Tom Clancy a thicéad anonn, agus ba é bainisteoir na Clancys, Jerry Campbell, a chuidigh le Seosamh post a fháil mar dhoirseoir sa Langham ag 135 Central Park West, áit a raibh arasáin ag a lán daoine a raibh baint acu le saol na scannán agus na siamsaíochta, leithéidí Maureen O’Sullivan agus Merv Griffin. Fuair cara le Jerry Campbell, Jack Deasy, arasán do Sheosamh féin i mBay Ridge, Brooklyn, áit a raibh sé ina chónaí go dtí gur aistrigh sé go Seattle i 1981[19].

Taobh amuigh de na Clancy Brothers and Tommy Makem agus roinnt bheag eile daoine, ba bheag teagmháil a bhí ag Seosamh le Gaeil Mheiriceánacha Nua Eabhrac. Dúirt Mick Moloney le Liam Mac Con Iomaire[20]:

Joe’s support system was completely outside the Irish American circle. The Irish Americans ignored him completely. They didn’t realize that they had a genius in their midst. And it was the Irish language, too, which made it inaccessible to most of them.

Bhí tuiscint ar leith air seo ag Sean Williams, mac léinn a rinne staidéar ar amhránaíocht Sheosaimh in Ollscoil Washington[21]:

I think there were a lot of first-generation Irish people in the northwest who were ashamed of anyone who spoke Irish. Because in the eighties the economic boom hadn’t happened yet in Ireland, Riverdance hadn’t happened yet, and people who left Ireland felt that they had reason to be ashamed of anyone like Joe. A lot of the Irish community wouldn’t come out to hear Joe. He reminded them of things they would prefer to forget. Anyhow, Joe would probably scold the likes of them for not speaking Irish, and I don’t think they cared to be scolded. They probably had enough scolding when they were younger and still living in Ireland.

De réir a chéile bhain Seosamh clú amach dó féin i measc lucht leanúna an cheoil traidisiúnta sna Stáit. Bhí athbheochan an cheoil seo chomh láidir céanna i Meiriceá agus a bhí sé i Sasana agus in Éirinn. Chuir Kenneth Goldstein Seosamh in aithne ag clubanna agus cumainn ceoil. Chastaí Seosamh agus muintir Clancy le chéile go minic sa Lion’s Head i Greenwich Village, agus casadh ar a lán daoine eile é in éineacht leosan a bhí sásta cuireadh a thabhairt dó a bheith ag gabháil fhoinn ag coirmeacha agus féilte ceoil ar fud na tíre. Agus mar thimpiste a tharla sé go raibh Merv Griffin — duine de na daoine a raibh arasán acu sa Langham — ar saoire in Éirinn, agus bhí íontas an domhain air nuair a chonaic sé pictiúr den doirseoir a bhí aige sa mbaile, Sheosamh Ó hÉanaí, crochta ar an mballa tigh O’Donoghue i mBaile Átha Cliath. Mar thoradh air seo, dúirt Seosamh roinnt amhrán ar chlár teilifíse Merv Griffin Lá ‘le Pádraig — clár a bhí le feiceáil ag muintir Mheiriceá fré chéile.

D’fhill Seosamh ar Éirinn go rialta ó 1969 amach, áit a bhfuair sé an-fháilte óna chairde uilig tigh O’Donoghue. An bhliain dar gcionn chuir Proinsias Mac Aonghasa agallamh ar Sheosamh i Nua Eabhrac dá chlár teilifíse RTÉ, Féach. I 1971 d’eisigh Gael-Linn a chéad fhadcheirnín Éireannach. Ba é an fadcheirnín seo, agus an ceann a lean é in 1976, a ba thábhachtaí uilig, mar is orthu sin atá na hamhráin mhóra Ghaeilge a phioc Seosamh suas ar leac an teallaigh sa mbaile i gConamara.

Ag an am seo freisin bhí sé de nós ag cairde Sheosaimh i nGael-Linn, Riobard Mac Góráin agus Máire Nic Fhinn Davitt, coirmcheoil a chur ar fáil dó i Halla an Damer nó in áit éigin eile nuair a thiocadh sé abhaile ar saoire. Ní amháin sin, ach rinneadar a seacht n‑iarracht chun post a aimsiú dó in Éirinn sa gcaoi agus go bhféadfadh sé fanacht ann. Cé nach raibh sé sin i ndán dó, bhí athrú eile ag teacht a chuirfeadh ar chumas Sheosaimh a bheith ina mhúinteoir — rud a theastaigh uaidh blianta roimhe sin agus é ag freastal ar Choláiste Éinde i mBaile Átha Cliath[22].

1976 go 1984: Gael gairmiúil

Nuair a d’fhill Seosamh ar na Stáit sa bhfómhar 1976, ní ar an Langham a d’fhill sé, ach ar phost ollscoile. Ba é an tOllamh Neely Bruce, ollamh le Ceol agus Léinn Mheiriceánach in Ollscoil Wesleyan i Middletown, Connecticut, a mheall Seosamh chun oibre ansin. Ó 1976 go dtí 1981 thug Seosamh faoi léachtanna agus ranganna a chur ar fáil do mhic léinn Wesleyan a raibh suim acu i dtradisiún béil na hÉireann — nó mar a dúirt Seosamh féin le Mick Moloney, Irish songs and stories, and mythical and cultural things. Bhain sé an-taitneamh as an múineadh agus as na mic léinn féin. Choinnigh sé a arasán i mBrooklyn agus rachadh sé go Middletown ar an mbus — aistear fada go leor, ach níos éasca, shilfeá, ná bheith ar a chosa an lá ar fad in 135 Central Park West.

Nuair nach raibh sé ag múineadh, ba mhinic do Sheosamh páirt a ghlacadh i bhféilte ceoil thraidisiúnta sna Stáit agus i gCeanada, agus thugadh sé seimineáir agus ceardlainn in ollscoileanna eile. Is ag an am seo a thosaigh sé ar an scéalaíocht a shníomh isteach leis an bhfonnadóireacht, rud ar éirigh go geal leis. Dúirt sé le Mick Moloney[23]:

I just go up there to tell them something. I get so involved in what I’m doing that I get lost. And I’m on my own. There isn’t a soul there, only myself, and I get so involved that I’m there talking and singing and telling epic stories about Cúchulainn or Fionn Mac Cumhaill and all that. And I find out that the audiences — most of them anyway — really love it.

De réir mar a bhí clú agus cáil Sheosaimh ag dul i gcluasa an tsaoil, bhí sé i gcónaí ag cur snas ar scileanna a cheirde agus ag éirí níos compórdaí leis na dreamanna éagsúla a thiocadh ós a chomhair. Sa deireadh thiar thall bhí Seosamh Ó hÉanaí in ann a intinn a dhíriú go h-uile agus go h-iomlán ar an ábhar a raibh sé sáite ann ar feadh a shaoil. Bhí clú air ní amháin mar scéalaí agus mar fhonnadóir, ach mar dhuine a bhí in ann cúlra na nÉireannach a shoiléiriú, agus tuiscint níos fhearr a thabhairt do mhuintir Mheiriceá ar ar thug na himircigh seo do chroí agus do chultúr na tíre le céad bliain anuas. In aitheantas don obair a bhí déanta aige, bronnadh gradam tábhachtach ar Sheosamh i 1977, Gradam an Eisteddfod, a bhronn Southeast Massachusetts University air as ucht tábhacht an stór amhrán agus scéalta a bhí aige agus the dignity… of his performance of it [which] has helped considerably to maintain the integrity of Irish traditional music during the period of its greatest popularization outside of Ireland[24].

Ag Féile an Eisteddfodd an bhliain dar gcionn a casadh Seosamh ar Lucy Simpson (nach maireann), múinteoir scoile a raibh cónaí uirthi i mBay Ridge, Brooklyn, agus a raibh an-suim aici féin agus ag a fear céile, Barry, sna scéalta agus sna sean-amhráin. D’fhás dlúthchairdeas eatortha, agus thosaíodar ag teacht le chéile uair sa tseachtain le cuid den ábhar seo a chur ar téip. Bhí Seosamh ar a chompórd le Lucy — rud a b’annamh — agus dá bharr seo tá luach ar leith ag baint leis na taifeadtaí seo agus an spléachadh a thugann siad dúinn ar Sheosamh féin mar fhear agus mar chara. Bhí suas le dhá chéad mír, idir amhráin agus scéalta, ar an liosta a rinne Lucy, agus tá cuid mhaith de na taifeadtaí seo le cloisteáil den chéad uair ariamh i gCartlanna Joe Éinniú ar an láithreán gréasáin seo.

In Earrach na bliana 1978 a rinne Seosamh a chéad turas do Seattle, in iar-thuaisceart Mheiriceá. D’iarr Fredric Lieberman, fear as Nua Eabhrac a bhí ina cheann-roinne ar Roinn na hEitneocheoleolaíochta in Ollscoil Washington, ar Sheosamh roinnt seachtainí a chaitheamh mar aoi-ealaíontóir cónaitheach ag an ollscoil. D’éirigh go geal leis ansin, agus cuireadh cuid an-luachmhar de Chnuasach Joe Éinniú — an Joe Heaney Collection — ar téip san tréimhse seo. Is mar thoradh ar an obair seo a fuair Seosamh conradh dhá bhliain ón ollscoil chéanna ar ball.

Idir an dá linn, chaith Seosamh tréimhse in Éirinn in 1979. Chuaigh sé go Sasana, áit ar thaifead sé fadceirnín in éineacht lena sheanchara Gabe Sullivan; tháinig Joe and the Gabe amach sna Stáit Aontaithe i Mí Mheán Fómhair na bliana sin. Ach an rud ba shuntasaí a tharla an uair sin ab ea an teagmháil a rinne sé le John Cage, cumadóir ceoil avant garde, a tháinig go speisialta as Nua Eabhrac sa tóir ar Sheosamh. Bhí Seosamh ar thuras clubanna ceoil Shasana in éineacht le Ewan Mac Coll agus Peter Bellamy ag an am sin. Mhínigh Cage dó go raibh sé ag cumadh píosa ceoil bunaithe ar Finnegans Wake le James Joyce, agus gur theastaigh amhránaí uaidh le páirt a ghlacadh ann nuair a chuirfí i láthair é don chéad uair sa Centre Georges Pompidou i bPáras i Mí Eanáir na bliana 1980.

Píosa ceoil aliatórach — ‘sé sin, ceol a bhfágtar gnéithe de éiginnte faoi mar a chaithfí dísle — a bhí i Roaratorio a mhair uair an chloig díreach. Bhí ceol, amhránaíocht, léitheoireacht, agus fuaimeanna fánacha fite fuaite lena chéile ann, mar a bheadh taipéis fuaimeanna ann. Bhí ar na ceoltóirí ceol a chasadh — nó fonn a ghabháil — ar feadh fiche nóiméad go baileach, agus gan aird a thabhairt ar na fuaimeanna eile a bheadh le cloisteáil thart timpeall orthu. Mar a mhínigh Paddy Glackin do Liam Mac Con Iomaire é[25]:

Píosa ceoil in ómós do James Joyce a bhí i Roaratorio, mar is eol duit, bunaithe ar Finnegans Wake. Léigh John Cage an leabhar agus chuaigh sé thart ar fud an domhain ag bailiú fuaimeanna a bhí luaite sa leabhar… Agus ansin, bhí muidinne, na ceoltóirí, mé féin, Joe, Liam O’Flynn, Peadar agus Mel Mercier, agus Séamas Tansey… bhí orainne seinm ar feadh fiche bomaite díreach. Bheinnse ag seinm Paddy Ryan’s Reel ar an fhidil ag an taobh seo den stáitse, agus bheadh Liam ag seinm Gol na mBan san Ár ar an taobh eile ag an am céanna, agus bheadh Joe ag ceol amhrán éigin agus bheadh Tansey ag ceol rud éigin eile.

Cineál comhcheoil a bhí ann, bunaithe ar chance operations, agus an rud atonal seo ag dul ar aghaidh. Ansin, gan choinne, thiocfadh an comhcheol seo le chéile. Bhí draíocht ag baint leis; mhairfeadh sé cúig shoicind ar a mhéid, agus ansin bhí sé ar shiúl arís. Agus measctha fríd sin bhí na fuaimeanna seo uilig! Bhí sé dochreidte! Níor chuala muid a leithéid roimhe sin. Bhí Cage féin ann agus bhí seisean ag gáirí fúinn, mar thuig sé cé mar a d’airigh muid. Ach ghlac Joe an rud iontach dáiríre. Bhí an chosúlacht air gur thuig sé an rud a bhí ag dul ar aghaidh. An rud is mó ar chuir mise iontas ann, thuig sé John Cage, ar bhealach nár thuig muidinne! … Agus bhí tuairimí iontach láidir ag Joe faoi na cúrsaí seo. I ndiaidh na coirme oíche amháin chuaigh sé amach agus dúirt sé: ‘Ní raibh sé sin ceart anocht!’ Bhí cineál tuiscint spioradálta aige ar na rudaí a bhí ag dul ar aghaidh, sílim.

Rud dearfa go raibh an-suim ag Seosamh i John Cage agus a chuid oibre, agus níor lú an tsuim a bhí ag Cage i Seosamh Ó hÉanaí. Nuair a bhíodh an choirm thart, rachadh Cage sa tóir ar Sheosamh go gcloiseadh sé a thuairim faoin oíche, agus ba chosúil gur luachmhar an tuairim sin dó. Ghlac Seosamh páirt i Roaratorio dhá uair eile tar éis an premiere i bPáras, agus nuair nach raibh Seosamh féin ar fáil aige, d’úsáid Cage taifeadadh a rinne sé dá chuid amhrán.

Cé go raibh an domhan mór siúlta ag Seosamh faoin am seo, ba é an áit a b’fhaide ó bhaile a chuaigh sé lena chuid ceoil ná don Astráil, áit ar chuir sé lán tí faoi dhraíocht sa Sydney Opera House le linn Féile Sydney i mí Eanáir, 1981. Ba é Warren Fahey, amhránaí agus tionscnóir ceoil san Astráil, a thug cuireadh ann dó agus a rinne taifeadán den choirm atá le cloisteáil ina iomlán ar a láithreán gréasáin féin[26].

Faoin taca sin i 1982 bhí Seosamh fillte ar Seattle, áit ar chuir sé tús le dhá bhliain múinteoireachta mar ealantóir cónaitheach in Ollscoil Washington. I mí Iúil na bliana sin fógraíodh gur bronnadh gradam ollthábhachtach ar Sheosamh, an National Heritage Fellowship, a bhí á bhronnadh ag an National Endowment for the Arts i Washington, D.C. don chéad uair ariamh[27]. Scríobh Richard Harrington cur síos ar an ócáid don Washington Post, 5ú Iúil 1982[28]:

Fifteen men and women — shapers, movers, founders and protectors of varied folk traditions — accepted the thanks of a nation Saturday evening as the National Endowment for the Arts unveiled its first National Heritage Fellowship at the Departmental Auditorium… The 15 ranged from craftspeople … to musicians. These are the people who have given this country a spiritual signature said folklorist Alan Lomax. This is the first time America has turned around and given proper credit where credit was due to the folk tradition for having made America a wonderful place to live in. In the last 50 years, we have moved with giant strides toward something we think of as social and economic justice. Tonight we move to an important new idea — cultural equity, cultural democracy, where we recognize that America’s most precious possession is its diverse cultural heritage… Following the awards, each winner gave a brief performance… Ballad singer Joe Heaney stood like a Prussian and sang about an ancient battle, a round-by-round description of the boxing match between ‘Morrissey and the Roosian Sailor’. He also gave a hilarious and tongue-twisted history of one particular Irish tune that led emcee Theodore Bikel to suggest that history should be taught by folk singers, not historians.

Bhí Seosamh féin an-bhródúil as an ngradam seo, agus bhí an ceart aige. Mhínigh Jill Linzee, mac léinn Sheosaimh in Ollscoil Washington, tábhacht an ghradaim do Liam Mac Con Iomaire[29]:

The award Joe got is a very prestigious award. It’s a big deal… And he was given the award because of his recognition by the academic community in this country. There were Ph.D.’s in folklore and enthnomusicology who were saying that this man is worthy of our attention and our recognition as a man who is a fine example of this tradition and also as someone who is investing time and energy in passing that tradition on to others.

I bhFómhair na bliana 1982 d’fhill Seosamh ar Bhaile Átha Cliath don uair dheiridh — agus filleadh caithréimeach a bhí ann. A bhuíochas do Riobard Mac Góráin agus do Mháire Nic Fhinn Davitt, bhí scéala an ghradaim sna páipéir nuaíochta i nÉirinn. Leis an éacht seo — agus saothar a shaoil ar fad — a cheiliúradh, shocraigh na cairde seo go gcuirfí an Ceoláras Náisiúnta ar fáil do Sheosamh le haghaidh ceolchoirm speisialta le linn dó a bheith sa mbaile. Mar sin a tharla go raibh an fear a chuir luchtanna móra éisteachta faoi dhraíocht i bhféilte ceoil ar cheann ceann na Stát Aontaithe agus Cheanada, a chomhchruthaigh Roaratorio i bPáras, i Londain agus i Toronto, agus a chuir siamsa tine ar siúl i Sydney Opera House — bhí deis ag an bhfear seo, i ndeireadh na dála, an t‑eolas agus an ealaíon a bhí aige a chur ar taispeáint ar phríomhstáitse na príomhcathrach ina thír féin.

Cé gur chríochnaigh a chonradh le hOllscoil Washington i 1983, d’fhan Seosamh i Seattle agus choinnigh sé air ag múineadh go príobháideach go dtí le gairid sula bhfuair sé bás Lá Bealtaine 1984. Ba iad a chairde agus a chomhoibrithe ón Ollscoil a chuidigh leis, a chuir deiseanna múinteoireachta agus coirmeacha ceoil ar fáil dó, agus a thacaigh go croíúil leis nuair a bhí sé ar leaba a bháis.

Nótaí bun leathanaigh

1. Mhaígh Seosamh go minic — más fíor dó — gurb í a shinseanmháthair Máire, máthair Bhairbre Ní Chathasaigh, a bhí i gceist san amhrán Cailleach an Airgid.

2. Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche. Cló Iar-Chonnachta (2007), 45.

3. Díobh seo, níor fhan sa mbaile ach a dheartháir, Máirtín Éinniú; bhí beirt iníon ag Máirtín, Máire agus Béibí, agus ba lena neacht Máire a d’fhanadh Seosamh nuair a thiocadh sé abhaile ar saoire. Bhuaigh iníon Bhéibí, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Corn Uí Riada ag an Oireachtas i 2002. Chaith beirt driothár eile, Seán (1914 – 1980) agus Micheál (1918 – 1979), tréimhsí i Meiriceá sular tháinig siad ar ais go hÉirinn; phós a dheirfiúr Máire i mBré, Contae Chill Mhantáin, áit a riabh sí ina múinteoir scoile; agus phós an bheirt dheirfiúr a b’óige, Cite agus Síle, thar lear — Cite i Sasana, agus Síle i bhFlorida na Stát Aontaithe.

4. Mac Con Iomaire, Op. cit., 223.

5 . Ibid., 108.

6 . Ibid., 50.

7. Ibid., 48.

8. Ibid., 56.

9. D’inis Josie Sheáin Jeaic do Liam Mac Con Iomaire nach raibh ach teach ósta amháin sa gceantar a chuireadh fáilte roimh fhonnadóirí — Tigh Phádraig Rua i Maorus: Ag an am ba é an t‑aon áit thart sa bpobal é a mbíodh cead amhrán a chasadh. Sna pubanna i gCarna, dá n‑ardófá do ghlor déarfaí leat stopadh nó a ghabháil abhaile. Ach ba é Tigh Phádraig Rua mecca na n‑amhrán. Tá an teach ósta sin dúnta le blianta anois (Ibid., 225).

10. Ibid., 109.

11. CBÉ 1275:417 – 446. Sa gcnuasach seo atá na hamhráin: An Faoitín, Beartlí Ó DónaillCúilín Triopallach na Gruaige Báine agus na scéalta Dearg Mac DeargGrabaire Beag Fhinn Mhic Cumhaill. Cé gur cosúil gur scríobh Seosamh na leathanaigh seo amach mar chuid den obair scoile a bhí aige, ní bhaineann siad le Bailiúchan na Scol (1937 – 1938). B’i 1935 a fuair Seosamh duais, Airgead an Mháirtínigh, ar a chuid scéalaíochta, ina measc siúd an dá fhinscéalta luaite anseo.

12. Bhailigh Séamus Ennis a lán amhrán ó Sheosamh, ó Sheán Choilm, ó Cholm Ó Caodháin agus ó dhaoine eile nach iad in Iorras Aithnigh idir 1942 agus 1946. Ar an ábhar a bhreac sé síos ó Sheosamh bhí Amhrán na mBréag, Amhrán Rinn Mhaoile, Amhrán Shéamais Uí Chonchúir, Bád Dóite Loideáin, Béal an Átha Buí, [Is measa liom] Bródach Uí Ghaora, An Buinneán Buí, Caisleán Rí Néill, Coinleach Glas an Fhómhair, An Crúiscín Lán, Cuaichín Ghleann Néifin, O’Brien from Tipperary, Péarla Dheas an Chúil Bháin, Róisín Dubh, Seachrán Chearbhaill, Seven Young Irishmen, Úna Bhán agus píosa seanchais faoin bhfile Micheál Mac Suibhne, Fáilte Uí Cheallaigh. Do chuid acu seo níor scríobh Ennis ach na véarsaí; i gcásanna eile bhreac sé síos cupla véarsa agus an fonn i nodaireacht ceoil; agus do bheagán eile, rinne sé cupla véarsa a thaifeadadh beo ar dhioscaí aiceatáit. Tá an t‑ábhar seo i dtaisce ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath. Tuilleadh eolais le fáil ag Ríonach uí Ógáin, ‘Mise an fear ceoil’ Séamus Ennis — Dialann Taistil 1942 – 1946 (Cló Iar-Chonnachta 2007), 439 – 40.

13. Tá léiriú suntasach air seo ag Liam Mac an Iomaire, beathaisnéisí Sheosaimh. Bhí Seosamh ina shuí leis féin tigh O’Donoghue tráthnóna Domhnach i mí Bhealtaine 1966. Bhí Mairéad Ní Eithir agus roinnt cairde léi i dteach O’Donoghue an lá sin, agus chonaic siad go raibh sé faoi ghruaim. Shuigh muid síos agus dúirt duine eicínt linn: Cailleadh a bhean, agus níl sé ag dul abhaile chuig an tsochraid agus tá sé trína chéile. Agus thuig muid uilig gur cheart ligean dó. Thuig muid uilig dó; ó tharla nach raibh sé ag dul chuig an tsochraid go raibh sé níos cantalaí ná dá ndéanfadh sé an rud ba cheart dó a dhéanamh (Mac Con Iomaire, Op. cit., 239 – 40).

14. Cuir i gcás, Cúcanandy-ó leis an amhránaí clúiteach as Baile Mhúirne, Elizabeth Cronin. Ar na hamhráin eile ón gceirnín seo a deireadh Seosamh go minic bhí The Banks of the Roses, Dó-ín Dú, The Wife of the Bold Tenant Farmer, Connla, Bean Pháidín, She moved through the fair, Morrissey and the Russian Sailor, Molly Bawn, Mrs Mc Grath, Úna BhánSoldier, Soldier, agus leaganacha na Mumhan de An Beinnsín LuachraTháinig bean cois leasa a mbíodh leaganacha Chonnacht á rá ag Seosamh.

15. Féach, leis, trascríbhinn Fred Mc Cormick ar na hagallaimh féin: http://www.mustrad.org.uk/articles/heaney1.htm. Thug Peggy Seeger cóipeanna de na hagallaimh don Joe Heaney Collection, University of Washington, Seattle, agus tá sliochta astu le cloisteáil sna cartlanna seo maraon le giotaí d’amhráin nach raibh ar an dlúthcheirnín.

16. Is ó Sheosamh a fuair The Dubliners Seven Drunken Nights, ar éirigh leis uimhir a seacht a bhaint amach i gcartanna pop Shasana sa mbliain 1967. Thall i Meiriceá chuir Seosamh agus Liam Clancy clár amhrán le chéile — Anach Cuain, Dónal Óg, The Rocks of BawnAn Buinneán Buí’ — agus chuir siad i láthair roinnt uaireanta é i dtigh Rosie O’Grady agus áiteanna eile i Nua Eabhrac.

17. Mac Con Iomaire, Op. cit., 228 – 9.

18. Ibid., 241.

19. Ibid., 242.

20. Ibid., 364.

21. Ibid., 395.

22. Sa mbliain 1977, fuair Seosamh tairiscint poist ó Ghaeltarra Éireann mar ‘Fhear Cothabhála agus Tírdhreachú’ i gConamara. Faoin am sin, áfach, bhí sé ag múineadh ag Ollscoil Wesleyan agus shocraigh sé ar fhanacht sna Stáit (Mac Con Iomaire, Ibid., 311 – 2).

23. Ibid., 308 – 10.

24. Ibid., 314.

25. Ibid., 337 – 8.

26. http://www.warrenfahey.com/concert-joe-heaney.htm.

27. http://www.arts.gov/honors/heritage/index.html.

28. Honoring America’s Folk Heritage; fch. Mac Con Iomaire, Op. cit., 357 – 9.

29. Ibid., 385.