{"id":423,"date":"2015-10-06T14:06:13","date_gmt":"2015-10-06T13:06:13","guid":{"rendered":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/fionn-mac-cumhaill-11\/"},"modified":"2015-10-06T16:13:55","modified_gmt":"2015-10-06T15:13:55","slug":"fionn-mac-cumhaill-11","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/fionn-mac-cumhaill-11\/","title":{"rendered":"Fionn Mac Cumhaill (11)"},"content":{"rendered":"<h2 id=\"t:seinnteoirin1\">Play recording: Fionn Mac Cumhaill (11)<\/h2>\n<p class=\"micil-ineada\u00ed-seinnteoir\">n\u00edl an taifead seo ar f\u00e1il faoi l\u00e1thair<\/p>\n<div class=\"dmeite\">\n<p><span class=\"nmeite\" id=\"neasc-nocht-ceilth\">view \/ hide recording details [+\/-]<\/span><\/p>\n<ul id=\"clarMeiteashonrai\" class=\"meiteashonrai\">\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Teideal <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Title)<\/span>:<\/span> Fionn Mac Cumhaill (11).<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Uimhir Chatal\u00f3ige Ollscoil Washington <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(University of Washington Catalogue Number)<\/span>:<\/span> none.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Uimhir Chnuasach Bh\u00e9aloideas \u00c9ireann <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(National Folklore of Ireland Number)<\/span>:<\/span> 1275:430-8.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Uimhir Roud <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Roud Number)<\/span>:<\/span> none.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Uimhir Laws <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Laws Number)<\/span>:<\/span> none.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Uimhir Child <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Child Number)<\/span>:<\/span> none.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Cnuasach <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Collection)<\/span>:<\/span> National Folklore Collection, University College Dublin.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Teanga na Cro\u00edmh\u00edre <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Core-Item Language)<\/span>:<\/span> Irish.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Catag\u00f3ir <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Category)<\/span>:<\/span> story.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Ainm an t\u00e9 a thug <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Name of Informant)<\/span>:<\/span> unavailable.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Ainm an t\u00e9 a th\u00f3g <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Name of Collector)<\/span>:<\/span> Seosamh \u00d3 h-\u00c9ighnigh .i. Joe Heaney.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">D\u00e1ta an taifeadta <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Recording Date)<\/span>:<\/span> unavailable.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Su\u00edomh an taifeadta <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Recording Location)<\/span>:<\/span> Carna, County Galway, Ireland.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Oc\u00e1id an taifeadta <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Recording Occasion)<\/span>:<\/span> private.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">Daoine eile a bh\u00ed i l\u00e1thair <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Others present)<\/span>:<\/span> unavailable.<\/li>\n<li><span class=\"lipead-meiteashonrai\">St\u00e1das ch\u00f3ipcheart an taifeadta <span class=\"lipead-meiteashonrai-bearla\">(Recording copyright status)<\/span>:<\/span> unavailable.<\/li>\n<\/ul>\n<\/div>\n<h2>Grabaire Beag Fhinn Mhic Cumhaill<\/h2>\n<p>L\u00e1 d\u00e1 raibh Fionn Mac Cumhail ag spaiste\u00f3ireacht d\u00f3 fh\u00e9in in-aice leis an bhfairrge chonnaic s\u00e9 currach ag d\u00e9anamh air iomradh d\u00e1r\u00e9ag orra agus gan innte ach aon duine amh\u00e1in. Nuair a th\u00e1inig s\u00ed inaice leis an gcladadh t[h]ug se f\u00e1 deara gur cailleach a bh\u00ed innte. Tharraing s\u00ed an churrach suas ar an talamh agus d&#8217;fhiarruigh s\u00ed d&#8217;Fhionn a n[-]imre\u00f3chadh s\u00e9 cluiche agus dubhairt s\u00e9 nach dtug s\u00e9 a ghl\u00e9as imirt as baile leis. N\u00edl mise mar sin adeir sise ag tarraingt amach paca c\u00e1rta\u00ed. C[h]uadar ag imirt agus bhuaidh Fionn an ch\u00e9ad cluiche agus dubhairt an cailleach &#8216;Tabhair do bhreith anois.&#8217; Beidh m\u00e9 luath go le\u00f3r arsa Fionn. C[h]uadar ag imirt ar\u00eds agus bhuaidh an chailleach. Tabhair do bhreith arsa Fionn. N\u00ed beag duit a luathas arsa an chailleach. Chuir faoi gheasa agus faoi m\u00f3r dhiombhuaidh na bliadhna thu gan an dara b\u00e9il\u00ed ithe ar aon bhord gan an dara hoidhche codhladh ar aon leabadh go dtuga th\u00fa chugamsa cloigeann R\u00ed na mBa Molb as an Domhan Thiar. Bhfuel cuirimse de gheasa ortsa adeir Fionn a dhul ar mhullach an Teampaill Mh\u00f3ir si\u00fad thall agus punann tuighe a thabhairt leat agus sn\u00e1ithead bheag a leaga le na thaobh agus gan aon bhlas a bheith le n-ithe agad acht an m\u00e9id a rachas amach tr\u00ed cr\u00f3 na sn\u00e1ithide bige. T\u00f3g dh\u00edom adeir an chailleach agus t\u00f3gfhadh m\u00e9 dh\u00edot. N\u00ed th\u00f3gfhad adeir Fionn Nuair a th\u00e1inig Fionn abhaile bhris a chathaoir faoi nuair a shuidh s\u00e9 innte. Annsin d&#8217;innis s\u00e9 a sg\u00e9al do na Fianna.<\/p>\n<p>Ar maidin l\u00e1 ar na mh\u00e1ireach bhuail Fionn b\u00f3thar agus n\u00edor thug s\u00e9 leis acht Goll mar bh\u00ed geasa curtha ag an gcailleach air gan aon aon duine amh\u00e1in. Chuadar ar bhord agus thugadar a haghaidh ar an domhan Thiar. N\u00ed i bhfhad a bh\u00ed goite nuair a chonnaiceadar long ag d\u00e9anamh ortha agus gan innte acht aon fhear amh\u00e1in. Th\u00e1inig s\u00e9 ar bord chuca agus d&#8217;innis Fionn a sg\u00e9al d\u00f3. Is fearr duit mise a thabhairt leat in \u00e1it Goill adeir an fear. Acht c\u00e9&#8217;n caoi a gcuirfhidh muid abhaile Goll ars Fionn N\u00ed dheana an fear acht breith ar chois ar Gholl agus \u00e9 chaitheadh uaidh agus thuit s\u00e9 in-\u00c9irinn.<\/p>\n<p>Anois arsa an fear le Fionn mise Lorc\u00e1n \u00d3 Luirc agus t\u00e1 m\u00e9 p\u00f3sta. Tiocfhadh muis go dt\u00ed mo theachsa at\u00e1 ar an oile\u00e1n sin thall agus beidh mo bhean suidhte ag an teine ag r\u00e9idhteach a cinn agus tiocfhadh mise isteach ar dt\u00fas agus tiocfadh tusa isteach i mo dhiaidh. Caithfidh mise amach ar an tsr\u00e1id th\u00fa an ch\u00e9ad iarraidh i dtiocfhadh t\u00fa isteach agus caithfidh m\u00e9 amach an dara h-uair th\u00fa. An tr\u00edomhadh h-uair fiafr\u00f3chadh mo b[h]ean c\u00e9 h\u00e9 sin agus d\u00e9arfhadh mise gur b\u00e9 Fionn Mac Cumhail as \u00c9irinn, d\u00e9arfhadh s\u00ed th\u00fa leigean isteach go raibh s\u00e9 f\u00e9in c\u00f3ir ag baile. Th\u00e1rla s\u00e9 sin agus reidhtigh an bhean b\u00e9il\u00ed acht dubhairt Lorc\u00e1n leis nuair a bh\u00ed s\u00e9 ag dul isteach nuair a bheadh siad ag ithe i radh nach n-\u00edosfhadh s\u00e9 aon ghreim go dtuibharfhadh s\u00ed aon athchuinge amh\u00e1in agus geallfhadh s\u00ed dhuit agus iarr thusa uirthe mise a leigean leat. S\u00e9 an tainm a thi\u00fabharfhas t\u00fa orm &#8216;Grabaire Beag Finn Mhic Cumhail.&#8217; Chuaidh gach rud ar aghaidh mar dubhairt an Grabaire Beag agus is fearr go rabhadar ag treabhach na fairrge. Dubhairt an bean le Fionn sul imthigheadar bratacha\u00ed b\u00e1na a beith crochta aige d\u00e1 mbeadh an Grabaire be\u00f3 agus bratacha\u00ed dubha d\u00e1 mbeadh s\u00e9 caillte. N\u00edor bhfada gur sroicheadar an t-oile\u00e1n a raibh an R\u00ed na chomhnuidhe air. N\u00ed rabhadar i ndon i dhul i dt\u00edr mar bhi leac-oidhre r\u00f3mpa. Caith do l\u00e9im thar an leac-oidhre sin adeir an Grabaire le Fionn. N\u00edl m\u00e9 i ndon adeir Fionn. Caith an Grabaire de l\u00e9im \u00e9 agus le\u00e1th an leac-oidhre. Chuaidh Fionn i dT\u00edr annsin. Th\u00e1inigeadar go dt\u00ed cnoc sn\u00e1itheada\u00ed beaga. Caith de l\u00e9im an cnoc arsa an Grabaire beag le Fionn. N\u00edl m\u00e9 i ndon adeir Fionn.<\/p>\n<p>Caith an Grabaire Beag de l\u00e9im an cnoc agus d&#8217;imthigh na sn\u00e1thada\u00ed beag agus chuadar go dt\u00ed p\u00e1l\u00e1s an R\u00ed agus diaradar l\u00f3isd\u00edn. Dubhairt an R\u00edogh le\u00f3 dul go dt\u00ed teach at\u00e1 annsin th\u00edos agus go mb\u00e9idir go bhfuigheadh siad l\u00f3isd\u00edn ann go maidin. Chuadar s\u00edos agus nuair a shroicheadar an \u00e1it th\u00edos s\u00e9ard a bh\u00ed ann &#8216;Teach [do-l\u00e9ite]&#8217; agus bh\u00edodar ag g\u00e1iridhe ceapadh go n\u00edosfhadh siad Fionn agus an Grabaire. Thosuigh siad ag d\u00fanadh sgailpreacha ar fhaithc\u00edos go rachadh siad amach, acht mharbh an Grabaire uilig iad. Annsin chuaidh s\u00e9 fh\u00e9in agus an R\u00ed ag troid agus mharbhuigh s\u00e9 an R\u00ed agus thug s\u00e9 a chloigheann do Fionn agus dubhairt nach raibh aige fh\u00e9in acht saoghal n\u00f3im\u00e9ide agus bratacha\u00ed geala crochadh mar d\u00e1 bhfeicfeadh a bhean bratacha\u00ed dubha go mb\u00e1itheheadh s\u00ed \u00e9 mar go mbeadh fios aici go raibh mise caillte. D\u00e1rduigh s\u00e9 bratacha\u00ed geala acht nuair a bh\u00ed s\u00e9 gar don talamh d\u00e1rduigh s\u00e9 bratacha\u00ed dubha agus bh\u00edos ag bean an grabaire go raibh an grabaire caillte agus thug Fionn dhi an grabaire agus chuir s\u00ed os cionn cl\u00e1ir \u00e9. Chuaidh Fionn abhail agus thug s\u00e9 an cloigeann don chailleach agus mharbh s\u00e9 annsin \u00ed.<\/p>\n<p>N\u00ed raibh aon chead ag Fionn p\u00f3sadh n\u00f3 go marbhuigheadh s\u00e9 sionnach d\u00e1 b&#8217;ainm d\u00f3 &#8216;Sionnach Na Saghd&#8217;. Bh\u00ed siad ar a th\u00f3ir l\u00e1 \u00e1ithridh agus bh\u00ed s\u00e9 cinnte ortha breith air. Bh\u00ed an grabaire Beag os cionn cl\u00e1ir ina theach f\u00e9in agus th\u00e1inig d\u00e1 \u00e9an d\u00e1 phiocadh. Bhuail an b[h]ean an t-\u00e9an ba ghoire d\u00ed agus mharbhuigh s\u00ed \u00e9. Rith an t\u00e9an eile agus th\u00e1inig isteach ar\u00eds agus cuimhil s\u00e9 luibh dh\u00e9 agus deirigh s\u00e9 beo ar\u00eds. \u00d3, adeir s\u00e9. T\u00e1 Fionn Mac Cumhail ag leanacht do &#8216;Sionnach Na Saghd&#8217; inniu. Le sin rith s\u00e9 eoin maith agus bh\u00ed s\u00e9 i ndon agus go d\u00edreach nuair a bh\u00ed ag dhul isteach sa phluais a bh\u00ed aige rug an Grabaire air agus mharbhuigh s\u00e9 \u00e9. Bh\u00ed cead ag Fionn annsin p\u00f3sadh. Chuaidh an Grabaire chuig a bhaile fh\u00e9in agus thug s\u00e9 a bhean go h-\u00c9irinn ag an mbainis agus nuair a bh\u00ed an bhainis thart chuaidh siad go dt\u00ed a mbaile fh\u00e9in ar\u00eds.<\/p>\n<p>Cr\u00edoch.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"open","sticky":false,"template":"templates\/template-full-width.php","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[7],"tags":[],"class_list":["post-423","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-scealaiocht"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/423","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=423"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/423\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":800,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/423\/revisions\/800"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=423"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=423"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.joeheaney.org\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=423"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}