Amhrán Bréagach, An t-

Play recording: Amhrán Bréagach, An t-

view / hide recording details [+/-]

  • Teideal (Title): Amhrán Bréagach, An t-.
  • Uimhir Chatalóige Ollscoil Washington (University of Washington Catalogue Number): none.
  • Uimhir Chnuasach Bhéaloideas Éireann (National Folklore of Ireland Number): CF0115b.
  • Uimhir Roud (Roud Number): none.
  • Uimhir Laws (Laws Number): none.
  • Uimhir Child (Child Number): none.
  • Cnuasach (Collection): National Folklore Collection, University College Dublin.
  • Teanga na Croímhíre (Core-Item Language): Irish.
  • Catagóir (Category): song.
  • Ainm an té a thug (Name of Informant): Joe Heaney.
  • Ainm an té a thóg (Name of Collector): Séamas Ennis, Kevin Danaher.
  • Dáta an taifeadta (Recording Date): 1942.
  • Suíomh an taifeadta (Recording Location): Carna, County Galway, Ireland.
  • Ocáid an taifeadta (Recording Occasion): interview.
  • Daoine eile a bhí i láthair (Others present): unavailable.
  • Stádas chóipcheart an taifeadta (Recording copyright status): unavailable.

Céard a deir tú le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir?
’S céard deir tú le Garumna casadh ina fhear fianaise ann?
Tá Sceirde ’s Dún Gadail ’sna sodair ag teacht le cóir
’S mara stopa an Bhreachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.

Neóra chonaic mé lacha is ba mhaith uaithi an túirne a shníomh
Is chonaic mé cearc is í struipéailte ag cárdáil lín
Bhí frog ins a’ nglaise agus watch ina phóca thíos
Is dreoilín ar fhuinneog ar maidin is é ag daimsiú ríl.

Neóra ’gus chonaic mé corcán an phota ag bean óg sa nGréig
Bhí coilltí á bpriolláil mar chupáin ar bhoird faoi tae
Bhí fear ag ól bainne gan carba srón ná béal
Is bhí bean ag cur chochaill ar abhainn tá taobh thiar den ghréin.

Dheóra chonaic mé roc i gcluais goirt is é bleán na mbó
Bhí naoi gcinn de choiníní ar meisce léis brandaí a ól
Bhí an eala agus an chéirseach ag méileach maidin Luan Cásc
Bhí bradán ’na léine is é ag siúl ga gréine lá.

Expanded lyrics

The following is a lengthier transcription of the song — but see the notes.

Céard a deir tú le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir?
’S céard deir tú le Garumna casadh ina fhear fianaise ann?
Tá Sceirde ’s Dún Gadail ’sa sodair ag tíocht le cóir
’S mara stopfaí an Bhrachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.

Agus bhí mé lá i nGaillimh lá farraige ’s gála mhóir
Cé d’fheicfinn ag teacht chugam Ceann Gainimh faoi lán trí scód
Bhí lampaí airgid i mbarr a cuid crainnte seoil
’S ba é réalt an t-seaca a bhí a’ lasadh ’na gcoinnle dhóibh.

A’s chonnaic mé broc i nglais ghoirt ’s é bleán na mbó
Bhí naoi gcinn de choiníní ar meisce léis brandaí a ól
Chonnaic mé portán ag éirí an-ard san aer
A’s fear ag ól bainne gan carbat, srón ná béal.

A’s chonnaic mé cearc ’s ba mhaith uaithi an túirne a shníomh
A’s chonnaic mé lacha is í striopáilte ag cardáil lín
Bhi frag insa nglaise agus watch ina phóca thíos
A’s dreoilín ar fhuinneoig ar maidin ’s é ag damhsadh ríl.

Is chonnaic mé iontas nach bhfaca mórán fós
Loch fhada Ghlionnáin faoi chruithneacht ag dhá mhíol mhór
An fheamainn a bhaineadh faoi Shamhain ar Mhín na nGabhar
Bhí eascann ar maigín dhá tarraingt go barr na habhann.

’S deir Oileán Mhic Dara go bhfaca sé iontas mór
Caora ar leath-chois is maide aige ag seoladh bó
Tower Chnoc an Choillín mar egg-stand ag Myle Mór
A’s gliomach ’ seol’ beithíoch i ngleanntán a’s é ag gabháil ceo.

Tá fíodóir i gCamus arb ainm dó Sál a’ Laoi
Tá bréidín caol fite aige ar Gharmainn Thóin Uí Fhloinn
Sé Tóin Chnoc na Seangán an tóin eiteáin is fearr sa tír
Is gur amuigh ar an gcnocán a chuirfinn‑se an únn sa tslín.

Notes

This song was among those that Joe sang for Séamas Ennis in 1942, when Ennis was collecting material for the Irish Folklore Commission, now the National Folklore Collection at University College Dublin. See CBÉ 1280, pp. 581–2. Some of the stanzas he sang on that occasion do not appear in the version here however, while others appear here but not in Ennis’ manuscript and still others have lines and couplets swapped about. Perhaps the fact that this is a nonsense song permits a certain degree of improvisation?

Compare this version of the song by Bríd Ní Mhaoilchiaráin (a grand-neice of Joe’s) from 2015, when she succeeded in winning the coveted Corn Uí Riada for the second time.

An interesting discussion by Liam Ó Dochartaigh of the song’s medieval origins can be found in ‘An tAmhrán Bréagach — Iarsma ón Meánaois’, in Foinn agus Fonnadóirí. Léachtaí Cholm Cille 29, (Maigh Nuad, 1999), 109–137.

In 1965 Gael Linn released Amhráin Aniar (Gael Linn GL4), a 45 RPM record on which Joe sang An tAmhrán Bréagach and other songs.

An tAmhrán Bréagach was also commercially recorded by Dara Bán Mac Donnchadha, whose family were next door neighbours of Joe’s. Joe held his singing in such high regard that he once said it was better than his own! At time of writing (Spring 2021) Dara Bán’s recording is available on the album Rogha Amhrán (Cló Iar-Chonnachta 1999).

The Cartlanna are grateful to the National Folklore Collection, University College Dublin, for allowing us to use this recording here.