Téarmaí agus coinníollacha
Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí
Tá Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí (www.joeheaney.org) faoi chóipcheart © 2010 - 2011 ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá gach ceart ar cosaint. Tá cóipcheart i mbuntaifid agus i mbunábhar tugtha ina dteannta, agus iad dá gcur i láthair sna Cartlanna. Tá cosc ar ábhar na gCartlann a athúsáid in, nó a stóráil ar, aon láithreán nó aon mheán eile d’uireasa cead scríofa.
Níl aon iarracht déanta cóipcheart daoine nó institiúidí eile a shárú. Tá gach dícheall déanta sna Cartlanna le cóipcheart nó ceart eile um mhaoin intleachtúil a shannadh leis na daoine nó leis na hinstitiúidí cuí. Má haimsítear ábhar gur le tríú páirtí é, agus nach bhfuil an chreidiúint chuí tugtha dhó, cuirtear in iúil é do Cheannaire an Tionscadail agus cuirfear an scéal ina cheart.
Tá gach dícheall déanta ar a dheimhniú go bhfuil an fháisnéis atá sna Cartlanna seo ceart ach ní bheidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, freagarach as aon chailliúint, díobháil nó costas de bharr an fháisnéis a bheith amú. |