Seosamh Ó hÉanaí, Joe Heaney Archive, Joe Éinniú
 

 

Baile
Cuardaigh
Joe Éinniú
Féile Chomórtha
Breis staidéir
Físeán
Buíochas
Foireann
Teagmháil


 

 


 

Seosamh Ó hÉanaí: na cartlanna

Do chéad fáilte! Bhí Seosamh Ó hÉanaí, (Joe Éinniú mar a thugtar air sa mbaile), ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr is ba cháiliúla in Éirinn agus thar lear. Tugann na Cartlanna seo léargas dúinn ar a chuid amhránaíochta, ar a chuid scéalaíochta agus ar a chuid seanchais – i nGaeilge agus i mBéarla – agus tá go leor eolais faoi na taifid sin mar anlann ina dteannta.

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2013

Tá an clár iomlán ar fáil anois.

Ceiliúradh ar Joe Éinniú

Is ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Joe Éinniú iad na Cartlanna freisin. A chuid mac léinn agus a chuid cairde féin a rinne an chuid is mó de na taifid fuaime agus físeáin atá ar na leathanaigh seo.

Taifid nua

Amhránaíocht i gCeantar Charna: amhráin Bhéarla

Níl aon dabht ach go bhfuil traidisiún na hamhránaíochta go láidir i gceantracha Charna agus na hÁirde, agus i gCeantar Iorras Aithneach trí chéile.

Amhráin i nGaeilge is mó atá i gceist, dár ndóigh. Mar sin féin, is léir go bhfuil méid áirid amhrán i repertoire na bpobal seo le fada an lá.

Sa bhfíseán seo, tugann Mícheál Ó Cuaig léargas ar an amhránaíocht Bhéarla i gceantar dúchais Joe Éinniú.

Rinneadh an taifeadadh seo ar an 10ú Mí na Samhna 2012 in Áras Shorcha Ní Ghuairim, Roisín na Mainiach. Taifeadadh neamhfhoirmeálta é agus tá caighdeán na fuaime athraitheach dá bharr.

An Sagairtín

Cuireadh taifid den amhrán An Sagairtín leis na Cartlanna, is é á rá ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin, iníon le hiníon dearthár Joe.

Mícheál Ó Cuaig agus an Joe Heaney Collection

Tá cóip de Bhailiúchán Joe Éinniú á coinneáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim, ar son mhuintir Charna, le fada an lá. B'as an gcóip sin a baineadh cuid mhaith d'ábhar na gCartlann ar líne seo.

Is é Mícheál Ó Cuaig, an té a eagraíonn Fhéile Chomórtha Joe Éinniú, a rinne teagmháil le Roinn an Cheoil Dhúchasaigh in Ollscoil Washington agus a spreag iad í a bhronnadh ar phobal Joe féin.

Sa bhfíseán seo, a taifeadadh ar an 10ú Márta 2012, tugann Mícheál cuntas ar an gcaoi a bhfuair sé amach go raibh an Bailliúchán ann agus ar an gcaoi ar mheall sé cóip de abhaile. NB: Is taifeadadh neamhfhoirmeálta é an taifeadadh seo. Tá caighdeán na fuaime athraitheach dá bharr.

Teastaíonn seinnteoir Flash 10,nó níos airde, leis an leas is mó a bhaint as na Cartlanna seo. Is féidir é a íoschóipeáil ó láithreán Adobe.

University of Washington

 

 

Téarmaí & Coinníollacha | © Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2010 - 2011