Seosamh Ó hÉanaí, Joe Heaney Archive, Joe Éinniú
 

 

Baile
Cuardaigh
Joe Éinniú
Féile Chomórtha
Breis staidéir
Físeán
Buíochas
Foireann
Teagmháil


 

 


 

Seosamh Ó hÉanaí: na cartlanna

Do chéad fáilte! Bhí Seosamh Ó hÉanaí, (Joe Éinniú mar a thugtar air sa mbaile), ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr is ba cháiliúla in Éirinn agus thar lear. Tugann na Cartlanna seo léargas dúinn ar a chuid amhránaíochta, ar a chuid scéalaíochta agus ar a chuid seanchais – i nGaeilge agus i mBéarla – agus tá go leor eolais faoi na taifid sin mar anlann ina dteannta.

Ceiliúradh ar Joe Éinniú

Is ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Joe Éinniú iad na Cartlanna freisin. A chuid mac léinn agus a chuid cairde féin a rinne an chuid is mó de na taifid fuaime agus físeáin atá ar na leathanaigh seo.

Taifid nua

Cuireadh taifid den amhrán An Sagairtín leis na Cartlanna, is é á rá ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin, iníon le hiníon dearthár Joe.

Mícheál Ó Cuaig agus an Joe Heaney Collection

Tá cóip de Bhailiúchán Joe Éinniú á coinneáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim, ar son mhuintir Charna, le fada an lá. B'as an gcóip sin a baineadh cuid mhaith d'ábhar na gCartlann ar líne seo.

Is é Mícheál Ó Cuaig, an té a eagraíonn Fhéile Chomórtha Joe Éinniú, a rinne teagmháil le Roinn an Cheoil Dhúchasaigh in Ollscoil Washington agus a spreag iad í a bhronnadh ar phobal Joe féin.

Sa bhfíseán seo, a taifeadadh ar an 10ú Márta 2012, tugann Mícheál cuntas ar an gcaoi a bhfuair sé amach go raibh an Bailliúchán ann agus ar an gcaoi ar mheall sé cóip de abhaile. NB: Is taifeadadh neamhfhoirmeálta é an taifeadadh seo. Tá caighdeán na fuaime athraitheach dá bharr.

Teastaíonn seinnteoir Flash 10,nó níos airde, leis an leas is mó a bhaint as na Cartlanna seo. Is féidir é a íoschóipeáil ó láithreán Adobe.

University of Washington
´

 

 

Téarmaí & Coinníollacha | © Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2010 - 2011